Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Áineas agus Áiseanna > Tránna > Dooega Head

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Trá Dhumha Éige


Trá Dhumha Éige

Trá Dhumha Éige


Réamhrá

Fáilte go Dumha Éige, ceann de Thránna an Bhrait Ghoirm i Maigh Eo. Tá an trá seo suite ar an rinn siar ó dheas d’ aillte Mhionnáin, thart ar 8cm ó Ghob an Choire.

Beathra Éan

Seo iad roinnt de na héin is coitianta atá le feiceáil ar an trá:

  •      Broigheall
  •     Seaga

Lapairí:

  •    Naoscach
  •    Pilibín
  •    Roilleach

Geabhróga:

  •    Geabhróg
  •    Geabhróg Artach
  •   Geabhróg dhuscothach

Faoileáin:

  •    Faoileán Bán
  •    Saidhbhéar
  •    Faoileán ceanndubh
  •    Droimneach mór
  •    Droimneach beag
  •    Faoileán scadán

Réimse Inspéise ó thaobh Eolaíochta

Trá Dhumha Éige

Góilín beag ar an gcósta é trá Dhumha Éige atá suite ar an ngéag thiar theas d’Acaill. Tá an       t-oileán suite beagnach go hiomlán ar ghrianchloichítí agus siostaí Dálriadacha atá an-fhillte agus éasctha. Is é atá i gceist le geolaíocht bhunúsach shráidbhaile Dhumha Éige ná sraith chlaonasach de shiostaí Dálriadacha a fhad agus is Grianchlochít atá i gCeann Dhumha Éige atá suite soir ón sráidbhaile. San áit go dtéann gníomhaíocht gheoiceimiceach i bhfeidhm ar thoilleadh mianrach na gcarraigeacha, le linn meiteamorfachta rinneadh cnuasáin bheaga d’aimitisí gar do chumar na ngrianchloichítí.

Tá talamh chomhréidh fhorleathan d’fheirmeoireacht agus do lonnaíocht ag Gleann Dhumha Éige cosanta ag droim claonta Mhaoilinn thoir thuaidh-thiar theas i gcomparáid leis an gcladach os comhair na géige ó dheas, áit a bhfuil talamh íseal an chósta caol agus cúng idir na cnoic agus na cinn tíre creagacha. Ritheann abhainn Dhumha Éige i bhfarraige ag Cuan Champhoirt ach tá an cósta creagach agus tá na tránna beag.

Caol/Machaire

Aillte Mhionnáin-Suíomh Limistéar Caomhantais speisialta (LCS)

Tá trá Dhumha Éige suite laistigh den LCS ainmnithe seo.  Síneann an suíomh seo idir na sráidbhailte Caol agus Dumha Éige. Tá Loch Caoil taobh thiar den chuid Thuaisceartach den cheantar seo arb é atá ann talamh féaraigh íseal chósta de Mhachaire.  Ag dul soir ó dheas ón machaire tá fána ghéar ar an talamh a ardaíonn 466m agus athraíonn an líne chladaigh ó thrá ghainmheach réidh go haillte mara mórthaibhseacha.  Síneann an suíomh freisin chun tíre thar Arda Mhionnáin (403m). Clúdaíonn móin thanaí  fánaí Mhionnáin, atá creimthe i lásaí thíos go dtí an ithir mhianrach agus an charraig. Tá ceantair fhairsinge fraochmhá agus roinnt bratphortach ann. Tá an fásra fraochmhá i Mionnán neamhghnách de bharr a phobail chaonach agus aelusanna ar a dtugtar Mata Heipiteach an Atlantaigh Thuaidh le roinnt speiceas le claonadh aigéanach/ sléibhteach. Tuirlingíonn an pobal seo ar Acaill go dtí an airde is isle in Éirinn. Ar na haillte mara timpeall Mhionnáin, tugann na carraigeacha taise cothú do phobail shaibhre chaonach agus aelusanna, lena n-áirítear Cyclodictyon laetevirends agus Philonotis rigida.

Beatha Phlandúil

Feisiú Dearg, Nóinín, Corrchopóg chaol, Adharca fia, Crobh éin, Boladh cnis/ Rú Muire agus Cluas Luchóige Choiteann, mataí caonaigh agus aelusanna agus tá taifead déanta de roinnt díobh siúd atá annamh tearc mar speiceas lena n-áirítear Bryum calophllum, B.Marratti, Catascopium nigritum, Tortella inclinata, Fossombronia fimbriata, Ae gainneach rufach agus F.incurva.

Caisleán Charraig Chill Dhamhnait

Tá Caisleán Charraig Chill Dhamhnait suite ar an gcósta thoir d’Acaill amuigh is istigh ar cheithre mhíle ó dheas de shráidbhaile Acla Theas.  Thóg muintir Uí Mháille an caisleán 15ú haois seo i 1470 agus d’úsáid Gráinne Mhaol é mar dhaingean  san 16ú aois. Tá forbhallaí ag a bharr mar is gnáth don tréimhse seo agus tá túiríní tarchrocta chun diúracáin a chaitheamh anuas ar fhórsaí ag déanamh ruathair. Is é an caisleán an t-aon séadchomhartha ar an oileán faoi chúram an stáit. Tá iarsmaí de sheanfhánán taobh amuigh den chaisleán chomh maith leis an mbunbhábhún.

Séipéal Chill Dhamhnait

Tá fothracha Shéipéal Chill Dhamhnait thart ar mhíle ó thuaidh ón gcaisleán agus is ón 12ú haois iad.  Cé go ndearnadh athchóiriú ar an mbunstruchtúr ó shin agus gur shéipéal Caitliceach a bhí ann sa 19ú haois luath, fanann gné ársa amháin, scoiltín san fhuinneog thiar mar a bhí. Ag an taobh ó thuaidh den séipéal, san reilig in aice leis, tá na híospartaigh a bádh i dtragóid Chuan Mó i 1894 curtha.

Ceann Dumha Éige

Tá  Ceann Dumha suite in éineacht le Ceantar Speisialta Caomhnaithe a shíneann idir na sráidbhailte Caol agus Dumha Éige.  Is éard atá sa chuid Thuaisceartach den cheantar seo féarach íseal cothrom cósta de mhachaire agus Loch Caoil taobh thiar de.  Ag dul soir ó theas ón machaire tá fána ghéar ar an talamh a ardaíonn 466m agus athraíonn an líne chladaigh ó thrá ghainmheach réidh go haillte mara mórthaibhseacha.  Síneann an suíomh chun tíre thar Arda Mhionnáin (403m).

Loch Caoil

Taobh thiar de cheantar an mhachaire tá Loch Caoil a chuireann gnáthóg ar fáil d’éan uisce geimhrithe agus tá tábhacht náisiúnta ag baint leis don Eala Ghlórach.  Cuireann an tábhacht éaneolaíoch a bhaineann le Loch Caoil le luach caomhnaithe an tsuímh seo.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.