Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Áineas agus Áiseanna > Tránna > Trá Bhertraí

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Trá Bhertraí


Trá Bhertraí


Trá Bhertraí Cathair na Mart

Réamhrá

Fáilte go Bertragh, ceann de Thránna an Bhrait Ghoirm ar chósta Mhaigh Eo. Tá an trá seo, a bhfuil an-tóir uirthi, lonnaithe 12 ciliméadar (7 míle) siar ó Chathair na Mart.

Saol na nÉan  

Ar chuid de na héin is coitianta atá le feiceáil ar an trá tá :

·        Broigheall

·        Seaga                

 Lapairí

·        Naoscach

·        Pilibín

·        Roilleach

Geabhróga

·        Geabhróg

·        Geabhróg Artach

·        Geabhróg Dhuscothach

Faoileáin

·        Faoileán Bán

·        Saidhbhéar

·        Faoileán Ceanndubh

·        Droimneach Mór

·        Droimneach Beag

·        Faoileán Scadán

 Limistéar Spéise Eolaíochta

Páirc Dhroimníní Chuan Mó

Limistéar spéise eolaíochta a bhfuil tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis is ea Cuan Mó, mar gheall ar a thábhacht gheomoirfeolaíoch, mar nach bhfuil ach roinnt bheag tírdhreach ar domhan ina bhfaightear DROIMNÍN BÁITE. Is éard is droimnín ann cnocán fadaithe íseal déanta as ábhar fosaithe oighreach agus is iondúil go bhfaightear iad i ‘saithí’. Léiríonn a gcruth treo an tsrutha oighrigh agus bíonn an taobh is géire agus is maoile ag féachaint i dtreo na slí as a dtáinig an t-oighear. Bhí páirc Chuan Mó báite nuair a leáigh na hoighearchaidhpeanna agus d’fhág sin gur ardaigh ar leibhéal na farraige. Tá na droimníní is faide siar creimthe ar fad beagnach mar thoradh ar fhórsa an Atlantaigh. Tá aillte géara de chré bholláin ag féachaint chun na farraige ar na droimníní oileáin is faide amach agus tá an chuid is mó den ábhar creimthe sil-leagtha mar ghoib scaineagáin, tambalónna agus tulchríocha. Ceanglaíonn cuid de na goib seo na hoileáin siar chun patrún cósta faoi leith a chruthú agus na droimníní is faide istigh a chosaint ó thonnta an Atlantaigh.

Mainistir Mhuraisc

Bhronn Thady, Taoiseach mhuintir Uí Mháille talamh ar na manaigh Agaistíneacha sa bhliain 1457 chun mainistir agus séipéal a thógáil i Muraisc. Chonacthas díscaoileadh na mainistreacha in Éirinn le Reifirméisean an tséú haois déag. Chuir Cath Chionn tSáile sa bhliain 1601 deireadh leis an seanreacht Gaelach agus tugadh seilbh ar Mhuraisc do mhuintir Uí Ghairbhí agus is faoi chúram Ardeaspag Protastúnach Thuama a thit cúram thailte na séipéal sa Nuachabáil agus i nGlais Phádraig. Ní raibh cead an creideamh Caitliceach a chleachtadh go poiblí agus d’fhan na manaigh sa chomharsanacht agus d’fhreastail siad ar an bpobal. Bhronn Theobald, mac Ghráinne Mhaol cailís ar Mhuraisc sa bhliain 1635 ; bhronn an manach John de Burgo cailís eile sa bhliain 1648.

Cruach Phádraig

Tá an sliabh seo atá 2510 troigh ar airde os cionn Chuan Mó, ina shuíomh oilithreachta ag go leor daoine a thagann chun ómós a thaispeáint don naomh. De réir an tseanchais chaith Naomh Pádraig Carghas na bliana 441 anseo ag guí agus ag troscadh. Mar aithris air tá na mílte ag dreapadh na cruaiche le blianta fada, iad cosnocht go minic. Bíonn an oilithreacht bhliantúil ar siúl ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil. Deirtear gur ruaig Naomh Pádraig na nathracha nimhe agus créatúir nimhe eile as Éirinn ó bharr na cruaiche.

Dumhcha Gainimh

Sil-leagtar gaineamh a thugann an ghaoth ón bhfarraige isteach go sruthlíneach thart timpeall ar bhacainn éigean. Déanann plandaí coiliniú ar na cairn bheaga ghainimh seo. De réir mar a leanann an sil-leagan gainimh ar aghaidh cruthaíonn an duilliúr sil-leagan breise agus nascann an fréamhchóras an gaineamh ina shuthdhumhcha ísle. De réir mar a mhéadaíonn ar airde na ndumhcha seo, comhtháthaíonn siad go comhthreomhar le líne an chladaigh. Dá bhrí sin déanann plandaí eile atá ag forbairt coilíniú orthu agus leanann na dumhcha orthu ag fás.

Creimeadh Duimhche

Tá dumhcha i mbaol a gcreimthe agus is logáin séidte is cúis leis go minic. Tarlaíonn seo nuair a bhíonn fáil ag an ngaoth ar an ngaineamh faoin bhfásra ag an gcírín agus déantar creimeadh ar an dromchla go sciobtha agus tarlaíonn logáin dá bharr seo. De réir mar a shéidtear an ghaoth isteach ann, méadaíonn an logán nó go laghdaíonn a leithead tionchar na gaoithe, agus fágtar féarach duimhche íseal réchnocach ar a dtugtar Machaire.

Tarlaíonn tulchreimeadh nuair a leagann tonnta stoirme aghaidh iomlán an chórais duimhche i dtreo na farraige. Is iad na comharthaí aithne fána ghéar de ghaineamh scaoilte agus fásra círín ina dtomóga ag sleabhcadh. Tá lámh ag an duine daonna i gcreimeadh na duimhche. Bíonn limistéir mhóra dhuimhche i mbaol ó chreimeadh gaoithe le baint scaineagáin agus gainimh. Déantar damáiste freisin le baint fásra duimhche, ró-innilt le capaill agus eallach. Is féidir le caitheamh aimsire ar an trá damáiste a dhéanamh do na dumhcha. Is féidir le gluaiseacht feithiclí damáiste a dhéanamh don bhrat móna agus trí chosáin á gcruthú trí na dumhcha bíonn an gaineamh leochaileach san áit a dtarlaíonn logáin séidte.                          

       


Tránna Mhaigh Eo


Oifigí Cathrach Chathair na Mart
Sráid Altamont
Cathair na Mart
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : Teileafón: (098) 50400
R-phost :R-phost:westport@mayococo.ie
9:00 r.n. go 1:00 i.n. agus 2:00 r.n. go 5:00 i.n

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.