Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Áineas agus Áiseanna > Tránna > Trá Ros, Cill Ala

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Trá Ros, Cill Ala

Photograph of Ross Beach

Trá Ros, Cill Ala


Fáilte go Trá Ros, ceann de thránna an bhrait ghoirm fan chósta Mhaigh Eo.  Tá an trá móréilimh seo suite thart ar 3 mhíle/ 5km thuaidh ó bhaile Chill Ala.

Beathra Éan

Seo iad roinnt de na héin choitianta atá le feiceáil ar an trá:

  •  Broigheall
  • Seaga

Lapairí:

  •  Naoscach
  •  Pilibín
  •  Roilleach

Geabhróga:

  • Geabhróg
  • Geabhróg Artach
  • Geabhróg dhuscothach

Faoileáin:

  • Faoileán Bán
  • Saidhbhéar
  • Faoileán ceanndubh
  • Droimneach mór
  • Droimneach beag
  • Faoileán scadán

Réimse Inspéise ó thaobh Eolaíochta

Inbhear na Muaidhe:

Is inbhear triantánach fairsing é Cuan Chill Ala le réileáin láibe le cois bhruacha  chainéal abhann na Muaidhe.  Cuireann an ceantar ar fáil beatha shaibhir d’éanlaithe fiáine agus do lapairí lena n-áirítear Mallard, Seil-lacha, Praslacha Crotaigh, Eala Ghlórach, Lacha Rua agus Feadóg Bhuí. Tá tábhacht luibheolaíoch ag baint leis na Muiriscí timpeall Chill Ala áit a bhfuil searg rua le fáil. Cothaíonn na dumhcha in aice leis, Bosán Anagair, planda sléibhe, a fhad agus atá sraith mhaith de dhumhcha gainimh le fáil ar iomaire fada Oileáin Bhartraigh. Taithíonn líon tábhachtach éan go réigiúnach Bá Chill Ala ach d’fhéadfadh athruithe ar dhlús na n-orgánach inveirteabracha ar a mbeathaíonn siad líon na n-éan seo a laghdú. Is féidir le truailliú camrais nó eisiltigh eile damáiste mór a dhéanamh.

 Eiscir i gCill Ala:

Díreach ó dheas de Chill Ala, gearann príomhbhóthar Bhéal an Átha trí eiscir a bhfuil a fánaí thuaidh agus thoir-thuaidh clúdaithe go tiubh le coillearnach choill.   Gné shuntasach den choill is ea an flóra talún a tharlaíonn ar chaoi atá chomh hilghnéitheach sin go bhfuil sé neamhghnách, go háirithe d’Iarthar na hÉireann. Áirítear ar na Speicis luibhe, Lus na Gaoithe, Seamsóg, Cúlarán, Bodán Coille, Lus Moileas agus Sú Talún Fhiáin rud a léiríonn go bhfuil an-chuid aoil i ngairbhéil na heascrach. Léiríonn an raidhse raithneach agus an t-aelus duilleach mór cé chomh fíor-iartharach is atá an suíomh seo. Tá pobal lannach caol-liopach i Loch Mhíleac, speiceas a tugadh isteach sa cheantar. Is tírghnéithe oighreacha spéisiúla iad Eascracha a dtagann an fhorbairt is fearr orthu in Éirinn. Tá siad annamh, áfach, i Maigh Eo agus ní rómhinic a bhíonn siad clúdaithe le coillearnach.

Dumhcha:

Síl-leagann gaineamh, a iompraíonn gaoth ón bhfarraige intíre i bhfoirm sruthlíneach, timpeall constaice éigin. Déanann plandaí coilíniú ar na cairn bheaga ghainimh seo. Fad a leanann sil-leagan gainimh ar aghaidh cruthaíonn an duilliúr níos mó síl-leagain agus nascann an fréamhchóras an gaineamh i suthdhumhcha  ísle. Fad a fhásann na dumhcha seo in airde, comhtháthaíonn siad i gcomhthreo leis an líne chladaigh. De réir a chéile déanann plandaí eile atá ag bunú iad a choilíniú agus a chobhsú agus leanann na Dumhcha ar aghaidh ag fás.

Creimeadh Dumhcha:

Is féidir creimeadh a tharlú i mbeagnach gach dumhach, agus is  logán séidte an chúis is coitianta. Tarlaíonn sé seo nuair a fhaigheann an ghaoth a bealach isteach ar an ngaineamh faoin bhfásra ag an gcírín agus creimeann sé an dromchla ag cruthú logáin. 

Fad a shéideann an ghaoth isteach ann, fásann an logán go dtí go laghdaíonn a leithead éifeacht séidte na gaoithe, ag fágáil Féarach Dhumhcha rollach íseal ar a dtugtar Machaire.

Tarlaíonn tulchreimeadh nuair a ghearrann tonnta stoirme an aghaidh mhara iomlán siar. Aithnítear seo trí fhána ghéar de ghaineamh scaoilte agus clumpaí sleamhain d’fhásra círíneach. Bíonn tionchar mór ag gníomhaíocht daonna ar chreimeadh dumhcha chomh maith. Nuair a bhaintear gaineamh agus scaineagán, is féidir ceantracha móra Dumhcha a bheith fágtha oscailte do chreimeadh gaoithe. Gníomhaíocht dhíobhálach eile ná gearradh fásra Dumhcha nó ró-innilt an cheantair le heallach nó le capaill. Is féidir le háineas ar thránna, dochar a dhéanamh do dhumhcha chomh maith. Is féidir le gluaiseachtaí feithiclí dochar a dhéanamh don chairpéad móna agus nochtann cruthú conairí trí na dumhcha gaineamh lom agus is féidir le logáin séidte tarlú.

Baile Chill Ala:

Tá ról tábhachtach ag Baile Chill Ala i stair fhada na hÉireann. Seasann an cloigtheach 25m in airde i lár an bhaile dar dáta 1170-1230 (tar éis ionraí na Lochlannach). Tá an bealach isteach ardaithe thart ar 3m os cionn leibhéal na talún agus shroichtí é le dréimire arbh fhéidir a tharraingt ar ais sa túr chun stop a chur le hionsaitheoirí a mbealach isteach a dhéanamh. Áiteanna cosanta do na Manaigh na Túir seo de ghnáth agus d’úsáidtí iad mar stór sábhála do lámhscríbhinní agus ciste an tséipéil.

Tá baint faoi Leith ag Cill Ala le hÉirí Amach 1798. I Mí Lúnasa na bliana sin, tháinig Ginearál Humbert i dtír ag Cill Chuimín le níos mó ná 1000 trúpa, le harm, le héide chatha agus le harmlón chun cabhrú leis na Gaeil deireadh a chur le réimeas na Breataine in Éirinn.

Bhí Cill Ala mar cheanncheathrú d’fhórsaí Franc-Éireannacha agus ba é croílár na Poblachta a mhair tréimhse ghairid a d’fhógair Ginearál Humbert. I Mí Dheireadh Fómhair na bliana sin, tar éis an-chuid bás, bhuaigh na Sasanaigh ar na Reibiliúnaigh Franc-Éireannacha. 


Oifigí Cathrach Chathair na Mart


Sráid Altamont
Cathair na Mart
Co. Mhaigh Eo

Teileafón : Teileafón: (098) 50400
R-phost :R-phost:westport@mayococo.ie
9:00 r.n. go 1:00 i.n. agus 2:00 r.n. go 5:00 i.n.


Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.