Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Comhshaol > Áineas agus Áiseanna > Tránna > Trá na Ceathrún Móire

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Trá na Ceathrún Móire

Photograph of Carrowmore Strand
Trá na Ceathrún Móire

Trá na Ceathrún Móire


Tránna an Bhrait Ghoirm i Maigh Eo

Trá na Ceathrún Móire – Cathair na Mart

Réamhrá

Fáilte go Trá na Ceathrún Móire, ceann de Thránna an Bhrait Ghoirm ar imeallbhord Mhaigh Eo. Tá an trá seo a bhfuil tóir ag an bpobal uirthi lonnaithe 25 ciliméadar (16 míle) siar ó Chathair na Mart.

Beathra Éan

Is iad na héin seo a leanas is coitianta atá le feiceáil :

  • Broigheall

  • Seaga

Lapairí

  • Naoscach

  • Pilibín

  • Roilleach

Geabhróga

  • Geabhróg

  • Geabhróg Artach

  • Geabhróg Scothdhubh

Faoileáin

  • Faoileán Bán

  • Saidhbhéar

  • Faoileán Ceanndubh

  • Droimneach Mór

  • Droimneach Beag

  • Faoileán Scadán 

Limistéir le Tábhacht Eolaíochta

An Seancheann

Léiríonn an Seancheann an fhorbairt as cuimse ar adhmad darach Atlantach agus tá sé ar cheann de na láithreáin atá ar an imeallbhord go hiarbhír. Tá tábhacht luibheolaíoch, mhíoleolaíoch agus éaneolaíoch idirnáisiúnta ar an limistéar atá marcáilte ar an léarscáil. Tá na cnoic ísle ag an Seancheann clúdaithe le coillearnach agus fraochmhá. Feictear an choillearnach go hiondúil ar an taobh thoir den chnoc atá faoi fhothain agus cuimsíonn sé dair agus a comhchrainn ghaolmhara caorthann, beith agus sail. Tá buaircíneacha - go suntasach sprús Sitceach - agus feá ann freisin. De bharr na bogthaise airde eisceachtúla tá an fás léicin ar na crainn go mórthaibhseach agus tá speicis mar Lobaria agus Parmelia an-suntasach. Tá pobal mór lusra sa choillearnach freisin. Tamhnach bheathra éan í an choillearnach i réigiún a bhfuil crainn de chineál ar bith an-tearc. Tá an limistéar leochaileach go leor agus d’fhéadfadh féarach ainmhithe, bailiúchán iomarcach na bplandaí nó plandáil athnuaite speiceas a bhí tugtha isteach cheana féin, dochar a dhéanamh dó.

Machaire

Ar bhord farraige an iarthair faightear mánna gainimh ísle comhréidhe sceirdiúla a dtugtar Machairí orthu. Déantar Machaire as meascán de ghaineamh siliceach a tháinig as tillí oighreacha agus dríodar oighearmhuirí agus gaineamh cailcreach a tháinig as sliogáin ainmhithe a mhair ar an ardán amach ón gcósta. Is minic a fhaightear tránna machaire idir lomáin charraige nó i mbánna beaga idir cinn tíre. Bíonn uasteorainn na trá marcáilte de ghnáth le heiscir mhéaróige nó duirleoige taobh thiar den áit a mbíonn na dumhcha. Taobh thiar de na dumhcha go hiondúil bíonn má réidh le fána ar léiriú ar a aois a chomhréidhe a bhíonn sí. Rialaíonn an maoschlár bunúsach leibhéal an mhachaire. Mar sin tuilltear a lán limistéar machaire i rith an gheimhridh. Marcálann scairp i dtreo na mara teorainn na má i dtreo na talún. Is é is machaire ann má atá suite ar imeallbhord agus atá clúdaithe go hiomlán le fásra agus muiríneach agus táithean is coitianta a fhaightear ann. Tá magairlín le fáil in áiteanna. Tá ról tábhachtach ag an innilt i gcruthú an mhachaire agus coinníonn sí an pobal sainiúil plandaí i gcothromaíocht.

Na Dumhcha

Sil-leagtar gaineamh atá tugtha isteach le gaoth ón bhfarraige go sruthlíneach timpeall baic éigean. Bíonn na meallóga gainimh sin coilínithe le plandaí. A fhad is atá an sil-leagan gainimh ag dul ar aghaidh cruthaíonn an duilliúr níos mó sil-leagain fós agus nascann an fréamhchóras an gaineamh i suthdhumhcha ísle. A fhad agus a mhéadaíonn ar airde na ndumhcha bíonn siad ceangailte le chéile go comhthreomhar le líne an chladaigh. Diaidh ar ndiaidh tagann plandaí bunaidh eile ann agus bíonn na dumhcha coilínithe agus cobhsaithe agus leanann siad ar aghaidh ag fás dá bharr seo.

Creimeadh Duimhche

Bíonn beagnach gach dumhach faoi réir an chreimthe, agus is logán séidte is cúis leis. Tarlaíonn sé nuair a bhíonn fáil ag an ngaoth ar an ngaineamh faoin bhfásra ag an gcírín agus creimeann sí an dromchla go tapa agus déantar ísleacht de. A fhad agus atá an ghaoth ag clasú san ísleacht, fásann an ísleacht go dtí go laghdaíonn an leithead éifeacht clasaithe na gaoithe ag cruthú bunán talún darb ainm machaire.

Tarlaíonn tulchreimeadh nuair atá an córas duimhche os comhair na farraige gearrtha síos le tonnta stoirme. Aithnítear é sin le fána ghéar de ghaineamh scaoilte agus tortáin d’fhásra sleabhctha ón gcírín. Tá lámh mhór ag an duine daonna i gcreimeadh na duimhche. Is féidir le cartadh gainimh agus mionduirlinge limistéir mhóra a fhágáil leochaileach don chreimeadh ón ngaoth. Imeachtaí eile a dhéanann dochar do na dumhcha is ea gearradh fhásra na ndumhcha agus ró-innilt an limistéir do na ba agus na capaill. Is féidir fóillíocht ar na tránna dochar a dhéanamh dóibh. Is féidir gluaiseachtaí feithiclí dochar a dhéanamh don bhrat móna agus nochtann na bealaí nuachruthaithe trí na dumhcha an gaineamh lom áit a dtarlódh logáin séidte.

Cruach Phádraig

Sa limistéar seo timpeall Chuan Mó tá an áit oilithreachta is cáiliúla agus is áille in Éirinn – Cruach Phádraig, an Sliabh Beannaithe – go ceannasach in éadan na léaslíne. Tá an bhinn ghrianchloichíte chónúil seo 2510 troigh ar airde os cionn Chuan Mó agus is ionad oilithreachta í do na buíonta daoine a thagann chun ómós a thabhairt d’Aspal Mór na nGael. Tá seanscéal ann gur chaith Naomh Pádraig an carghas ar fad sa bhliain 441 A.D. ag guí agus ag troscadh ar thaobh an tsléibhe. Mar aithris ar a íobairt, dreapann na mílte leis na cianta, na leicne sin agus iad cosnocht go minic. Bíonn an oilithreacht bhliantúil ar siúl ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil. Deirtear gurbh ó bharr an tsléibhe a dhíbir Naomh Pádraig na nathracha agus gach ainmhí nimhe.                      

 

  

 

  

 

 

 

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.