Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Cosaint Shibhialta

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Seirbhísí: Cosaint Shibhialta


Cosaint Shibhialta Chontae Mhaigh Eo

Is eagraíocht í an Chosaint Shibhialta atá lonnaithe sa  phobal agus is cúl taca í do na seirbhísí éigeandála. Tá meascán maith sna Baill Chosanta Sibhialta ó thaobh na fostaíochta, aoise, oideachais, culra sóisialta agus cumas coirp de. Ba cheart do Chosaint Shibhialta Mhaigh Eo bheith in ann tacaíocht a  thabhairt do na seirbhísí tosaigh éigeandála i ngéarchás éigeandála. Tá an Chosaint Shibhialta in ann uisce a chur ar fáil, seirbhísí cuardaigh agus tarrthála a sholáthar, chomh maith le seirbhísí eile a mbeadh gá leo cois abhann nó cois locha sa chontae. Tig le Cosaint Shibhialta Chontae  Mhaigh Eo seirbhísí garchabhrach agus otharcharr a chur ar fáil agus maoirseacht a dhéanamh ag imeachtaí áitiúla. Cuidíonn Cosaint Shibhialta Chontae Mhaigh Eo le tacaíocht sábhála a eagrú ag imeachtaí uisce. Eagraítear bunchúrsaí tarrthála agus bunchúrsaí saothair ag an Chosaint Shibhialta do scoileanna agus d’eagraíochtaí pobail .Sa bhliain 2000 ceiliúradh comóradh an leathchéid de bhunú na Cosanta Sibhialta.

Cosaint Shibhialta  
An Meal
Caisleán an  Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Fón: (094) 902 44 44
Ríomhphost:   Cosaint Shibhialta Chontae  Mhaigh Eo

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.