Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Deontais Ardoideachais

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Deontais Ardoideachais



Deontais Ardoideachais 2008-2009



Doiciméid na Scéime 2008-2009

Féinmheasúnú ar líne (nua!) (osclaíonn sé fuinneog úr)

Tá Scéim na nDeontas Ardoideachais á riar ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo do chúrsaí tríú leibhéil lánaimseartha atá formheasta, iad ag leibhéal iarchéime agus fochéime. Tá deontais le fáil le haghaidh cúrsaí formheasta ag ollscoileanna agus institiúidí oideachais áirithe eile in Éirinn agus i dtíortha eile san A.E.

Faightear Scéim na nDeontas Ardoideachais ón Roinn Oideachais i lár mhí Mheithimh gach bliain. Chomh luath is a cheadaíonn an Chomhairle an Scéim cuirtear fógraí sna nuachtáin ag lorg iarratais.

Bronntar deontais de réir na dtástálacha maoine atá leagtha amach faoin Scéim. Bíonn difríocht i méid na ndeontas a bhronntar, ó 1/2 táille amháin go táillí iomlána agus cothabháil iomlán. Leagann an Roinn Oideachais agus Eolaíochta síos uasmhéid na ndeontas agus na dtáillí go bliantiúil. Próiseáiltear na hiarratais agus bronntar deontais ó mhí Lúnasa ar aghaidh. Íoctar na deontais i dtrí thráthchuid: Deireadh Fómhair, Eanáir agus An Cháisc.

Tá cúram ag an Choiste Gairmoideachais ar Chúrsaí Cert, PCC agus Dioplóma, agus téann an Chomhairle Contae i ngleic le cúrsaí céime agus iarchéime.

Ní chlúdáitear cúrsaí i gcoláistí príobháideacha faoi théarmaí Scéim na nDeontas Iarchéime de chuid na Ranna Oideachais.

Eolas Breise:

Gnóthaí Corparáideacha,
An Chéad Urlár,

Comhairle Chontae Mhaigh Eo,
Áras an Chontae,
Caisleán an Bharraigh,
Fón: (094) 902 44 44
Ríomhphost:
heg@mayococo.ie

Uaireanta Oscailte:  9.30 r.n go 1.00 i.n, agus 2.00 i.n go 4.30 i.n.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.