Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Mótarcháin > Ag athrú go dtí córas bunaithe ar C02 do charranna

Eolas Gaolmhar

Ag athrú go dtí córas bunaithe ar C02 do charranna



Ag athrú go dtí Mótarcháin Charbónbhunaithe


Measfar ráta mótarchánach gach carr a chlárófar ón 1 Iúil 2008 ar aghaidh de réir a chuid astuithe carbóin. Ní bhainfidh an córas nua atá bunaithe ar CO²  le carranna a iompórtáladh roimh 2008.

Gearrfar mótarcháin ar charranna nua a claraíodh idir an 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 ar bhonn an chórais atá ann faoi láthair (.i. de réir méide an innill (c.c.)) i dtosach. Ach laghdófar rátaí mótarchánach charranna nua le hastaithe íseal CO² a claraíodh idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 den chéad uair i ndiaidh an 1 Iúil 2008, nuair a chuirfear tús leis an gcóras atá bunaithe ar CO².

Leanfaidh carranna nua a claraíodh sa chéad 6 mhí de 2008 a mbeadh a rátaí cánach níos airde faoin gcóras nua bunaithe ar CO² ar aghaidh ag íoc mótarchánach ar bhonn méide an innill (c.c.).

Tabhair cuairt ar MotorTax.ie le haghaidh tuilleadh eolais faoin scéim nua cánach.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.