Chun iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Iomlán, teastóidh uait:
Ceadúnais Tiomána: Iarratas &Athnuachan
- Foirm Iarratais Chomhlánaithe
- Dhá Ghrianghraf (iad sínithe ar chúl)
- An Ceadúnas Deireanach (mura bhfuil seo ar fáil, caithfidh tú foirm dhearbhaithe maidir le ceadúnas caillte a chur isteach agus é a bheith stampáilte ag Stáisiún na nGardaí)
- An Táille Cuí de €5 do cheandúnas bliana nó €15 do cheadúnas 3 bliana nó €25.00 do cheadúnas 10 mbliana. Tá an ceadúnas saor in aisce dóibh siúd atá os cionn 70 bliain d’aois.
- Teastas Inniúlachta má táthar ag athrú ó Cheadúnas Sealadach go dtí Ceadúnas Iomlán
- Tuairisc Shláinte le haghaidh:
a) catagóirí C1, C, D1, D, EC1, EC, ED1 agus ED (is cuma faoi aois)
b) aon iarratasóir atá 70 bliain d’aois nó os a chionn.
Tabhair faoi deara, le do thoil:
Ní ghlacfar le foirmeacha iarratais a íoslódáiltear ón Idirlíon agus tú ag déanamh iarratais ar cheadúnas. Ní mór foirm iarratais a fháil ó d’Oifig Mhótarchánach áitiúil nó do Stáisiún Gardaí áitiúil. An chúis atá leis seo, caithfidh an t-iarratasóir lipéad a shíniú agus greamófar an lipéad seo ar an gceadúnas tiomána nua.
Chun iarratas a dhéanamh ar an gcéad Cheadúnas Sealadach, teastóidh uait:
- Foirm Iarratais Chomhlánaithe
- Teastas Scrúdú Teoirice
- Teastas Breithe
- Teastas Pósta (más cuí).
- Tuairisc Shláinte le haghaidh catagóirí C, C1, D, D1, EC, EC1, ED agus ED1.
- Tuairisc Amhairc do chatagóirí A, A1, B, EB agus W – beidh an tuairisc amhairc bailí ar feadh míosa ón dáta eisiúna
- Táille dhá bhliain - €15.00.
- Dhá ghrianghraf (sínithe ar chúl).
Chun iarratas a dhéanamh ar an dara Ceadúnas Sealadach, teastóidh uait:
- Foirm Iarratais
- Dhá ghrianghraf (sínithe ar chúl)
- Seancheadúnas /Ceadúnas Deireanach (mura bhfuil seo ar fáil, caithfidh tú foirm dhearbhaithe maidir le ceadúnas caillte a chur isteach agus é a bheith stampáilte ag Stáisiún na nGardaí)
- Táille de €15.
Chun iarratas a dhéanamh ar an tríú Ceadúnas Sealadach nó aon cheann ina dhiadh sin, teastóidh uait:
- Foirm Iarratais
- Dhá Ghrianghraf (sínithe ar chúl)
- Teastas Teipe (bailí ar feadh dhá bhliain)
- Seancheadúnas (Má chailltear an ceadúnas, caithfear foirm dhearbhaithe maidir le ceadúnas caillte a chur isteach agus é a bheith stampáilte ag Stáisiún na nGardaí).
- Táille Cuí.
Mura ndearna tú an scrúdú le dhá bhliain anuas, ní mór iad seo a leanas a sholáthar:
Admháil ó Rannóg na Scrúduithe Tiomána, Foirgnimh an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. (096) 24200 le dáta maidir le coinne atá ag teacht aníos. Sa chás seo, ceadófar ceadúnas bliana.
Ceadúnais Idirnáisiúnta:
Cuir iarratas chuig Cumann na nGluaisteán, Baile Átha Cliath.
Fón: (01) 2833555
Malartú Ceadúnais Tiomána:
- Ceadúnas iomlán ó thír eile (feic liosta de na tíortha malartacha thíos)
- Foirm iarratais do cheadúnas iomlán
- Foirm Malartú Ceadúnais Tiomána
- Dhá ghrianghraf (sínithe ar chúl)
- Táille cuí
Ceadúnas Dúbailte:
- Foirm Iarratais
- Dhá ghrianghraf (sínithe ar chúl)
- Táille €6
Eisítear ceadúnais saor in aisce sna cásanna seo:
- Má chuirtear catagóir breise leis
- Athrú ainm/seoladh
- Baint droimscríobh ceadúnais
- Má déantar botún in eisiúint an cheadúnais (.i. dáta breithe mícheart).
TÍORTHA MALARTUITHE AITHEANTA
An Bheilg |
An Iodáil |
An tSeapáin |
An Danmhairg |
Lucsamburg |
An Ostair |
An Ghearmáin |
An Olainn |
An Eilvéis |
An Fhrainc |
An Ríocht Aontaithe |
An Iorua |
An Ghréig |
An Spáinn |
Oileán Mhanann |
Geirsí |
An tSualainn |
An Afraic Theas |
An Phortaingéil |
|
|
An Astráil:
New South Wales |
Capital Territory |
Iarthar na hAstráile |
Deisceart na hAstráile |
An Tasmáin |
Northern Territory |
Victoria |
Queensland |
|
Teagmháil:
Rannóg na Mótarchánach
Glenpark,
An Mall,
Caisleán an Bharraigh,
Guthán: (094)902 44 44
Ríomhphost:Motortax@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9.30am-3pm
Rannóg Mótarchánach
Páirc an Ghleanna,
An Meal,
Caisleán an Bharraigh,
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : Guthán: (094)902 44 44
R-phost :Motortax@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30am-3pm
