Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oidhreacht > Seachtain Oidhreachta 2008

Eolas Gaolmhar

Seachtain Oidhreachta Mhaigh Eo


24ú -31ú Lúnasa 2008

Claíomh ó 1798 a ceapadh a bhí caillte, taispeántas ghrianghrafadóireachta fiadhúlra, “siúlóid sciathán leathair” agus an cath i gcoinne an ghunnaire ar Acaill, atá i measc na n-imeachtaí á reáchtáil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo do Sheachtain Oidhreachta ón 24ú go dtí an 31ú Lúnasa.

Beidh thart ar 40 déantán idir phicí, chlaimhte agus bhoinn ó thréimhse 1798, cuid acu nach bhfuil feicthe cheana, le feiceáil i dTaispeántas ‘Bliain na bhFrancach’ i leabharlann Chaisleán an Bharraigh. Beidh togha agus rogha na hiontrálacha ar Chomórtas Ghrianghrafadóireachta Fiadhúlra na bliana á dtaispeáint i bhforhalla an Árais Contae.

Beidh taispeántas ar shaol agus oidhreacht Mhichíl Mhic Dhaibhéid táirgthe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo, le feiceáil in Áras Inis Gluaire i mBéal an Mhuirthead. Chomh maith le seo beidh léachtaí ar chaomhnú an sciatháin leathair, ar bhearta chun smacht a chur ar an nGunnaire ar Acaill, ar fhuinneoga daite Harry Clarke, ar sheandálaíocht Bhéal an Átha, agus siúlóid treoraithe i ndumhcha na Mala Raithní.

Sheol an Chomhairleoir Joe Mellett, Cathaoirleach Chomhairle Chontae Mhaigh Eo an clár. Dúirt sé gurbh í aidhm na Seachtaine Oidhreachta ná feasacht a mhéadú ar ár n-oidhreacht tógtha, nádúrtha agus cultúrtha agus ar an mbealach sin a caomhnaithe agus a cosaint a spreagadh.

Clár Sheachtain Oidhreachta Mhaigh Eo


Taispeántas Ghrianghrafadóireachta Fiadhúlra
25ú Lúnasa – 5ú Meán Fómhair

Togha is rogha na hiontrálacha ar Chomórtas Ghrianghrafadóireachta Fiadhúlra na bliana á dtaispeáint i bhforhalla an Árais Contae 

Ionad: Forhalla, Áras An Chontae, An Meal, Caisleán an Bharraigh

Am: 9.00 am - 5.00 pm

Costas: Saor in aisce

Eagraí: Comhairle Contae Mhaigh Eo

Ainm: Deirdre Cunningham

R-phost: dcunningham@mayococo.ie

25ú Lúnasa
Siúlóid Sciathán Leathair i gCathair na Mart

Roimh an tsiúlóid ag an Cheathrú Bheag, beidh caint á reáchtáil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhpháirt le  Grúpa Caomhnaithe na Sciathán Leathair.

Ionad: Leabharlann Chathair na Mart, Corrán Mhuire, Cathair na Mart.

Am: 8.00 pm

Costas: Saor in Aisce

Eagraí: Comhairle Contae Mhaigh Eo

Ainm: Deirdre Cunningham

R-phost: dcunningham@mayococo.ie

Teileafón: 094-9047684

 

 26ú Lúnasa
Rialú Gunnaire ar Oileán Acla

Pléifear an tionscadal a chuireadh tús le i 2006 chun imscrúdú a dhéanamh ar bhearta chun smacht a chur ar an nGunnaire ar Acaill

Ionad: Óstán Ghob a’Choire, Gob an Choire

Am: 8.00 pm

Costas: Saor in aisce

Eagraí: Comhairle Contae Mhaigh Eo

Ainm: Deirdre Cunningham

R-phost: dcunningham@mayococo.ie

Teileafón: 094-9047684

 

 

26ú Lúnasa
Fuinneoga Daite Harry i Séipéal Naomh Muire, i mBaile an Róba

Caint agus taispeántas sleamhnán ar fhuinneoga Harry Clarke i Séipéal Naomh Muire i mBaile an Róba. Is deis ar leith í seo cuid de bhunlíníochtaí dearaí na bhfuinneog a fheiceáil.

Ionad: Leabharlann Bhaile an Róba, Príomhshráid, Baile an Róba.

Am: 7.30

Costas: Saor in Aisce

Eagraí: Averil Staunton B.A. Mínealaíona

Ainm: Averil Staunton

 

27ú Lúnasa
Cur i láthair ar “Sheandálaíocht Bhéal an Átha”

Cur i láthair ar dhá thocailt seandálaíochta chomh maith le láithreáin seandálaíochta eile thart ar Bhéal an Átha

Ionad: Leabharlann Bhéal an Átha, Sráid an Phiarsaigh, Béal an Átha

Am: 8.00 pm

Costas: Saor in Aisce

Eagraí: Angela Wallace ó Sheirbhísí Sheandálaíocht Chonnacht

Ainm: Angela Wallace

R-phost: connachtarchaeology@hotmail.com

Teileafón: 096 -37174

 

28ú Lúnasa
Láithreáin agus Fionnachtana Seandálaíochta i mBéal an Átha

Caint le Angela Wallace ar Láithreáin agus Fionnachtana Seandálaíochta thart ar Bhéal an Átha.

Ionad: Leabharlann Bhéal an Átha, Sráid an Phiarsaigh, Béal an Átha

Am: 8.00 pm

Costas: Saor in aisce

Eagraí: Seirbhísí Sheandálaíocht Chonnacht

Ainm: Angela Wallace

R-phost: connachtarchaeology@hotmail.com

 

2ú Meán Fómhair
I gCoiscéimeanna Humbert: Taispeántas ar Éirí Amach 1798

Taispeántas ar an Ionradh Francach i 1798 – armra agus déantán nach bhfuil feicthe cheana, san áireamh

Ionad: Leabharlann Chaisleán an Bharraigh, An Meal, Caisleán an Bharraigh.

Am: Lá ar fad

Costas: Saor in Aisce

Teileafón 094 - 9047925

 

5ú Meán Fómhair
Saol agus Oidhreacht Mhichíl Mhic Dhaibhéid, Leasaitheoir Talún agus Tírghráthóir: Taispeántas Amhairc

Ionad: Áras Inis Gluaire, Béal an Mhuirthead.

Am: Lá ar fad

Costas: Saor in aisce

Eagraí: Leabharlann Chontae Mhaigh Eo

Teileafón: 097 81079

30ú Lúnasa
Siúlóid Treoraithe i nDumhcha na Mala Raithní

Ionad: Trá Mala Raithní (cruinnigh ag an gclár eolais) an Mhala Raithní, Co. Mhaigh Eo

Am: 11am go 1pm

Costas: Saor in Aisce

Eagraí: Comhairle Contae Mhaigh Eo

Ainm: Deirdre Cunningham

R-phost: dcunningham@mayococo.ie

Teileafón: 094-9047684

 


Oidhreacht


Deirdre Cunningham
Oifigeach Oidhreachta
Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Fón: 094 9024444
R-phost :Ríomhphost:heritageofficer@mayococo.ie

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.