Faoi scéim na n-Ealaíontóirí Cónaithe bíonn ar chumas ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí, damhsóirí agus lucht drámaíochta teagmháil le daoine sna scoileanna, sna hospidéil agus in ionaid cúram sláinte eile, chomh maith leis an phobal áitiúil. Tugann sé seo seans idirghníomhaíocht a chruthú le daoine taobh amuigh de shaol na n-ealaíon. Cothaíonn sé seo comhtháthú agus foghlaim.
Chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thaispeántais, eagraíonn an Oifig Ealaíon a cuid taispeántais féin ó bhliain go bliain. Tugann siad seo deis d’ealaíontóirí a fuair cuidiú ó scéimeanna ar leith a saothair a chur os comhair an phobail.
Déanann an Oifig Ealaíon iarracht drámaíocht a chur ar fáil do pháistí, go háirithe in áiteanna iargúlta. Déantar iarracht freisin cuidiú le dreamanna eile a oibríonn go díreach leis na scoileanna, chomh fada agus is féidir.
Tá fás mór tagtha ar Amharclann Ógra Mhaigh Eo (MYT) ó bunaíodh í sa bhliain 1999. Tá sí lonnaithe anois i mBéal an Átha. Cuirtear chun cinn agus tugtar gach tacaíocht don ard chaighdeán i ndrámaíocht an ógra. Cuirtear béim ar fhorbairt scileanna sóisialta agus pearsanta dhaoine idir 14 - 22 bliana d'aois. Tá beagnach 50 ball páirteach ann.Tá daoine anois á n-oiliúint ag MYT ionas go mbeidh foireann ar fáil sa chontae amach anseo a mbeidh na scileanna riachtanacha acu. Méadaítear ar dheiseanna foghlama trí nascadh le grúpaí amharclanna eile do dhaoine óga, trí thaisteal agus trí dhrámaí a léiriú ar bhonn bliantúil.
Rinne an Oifig Ealaíon dian-taighde sa bhliain 2001 chun fáil amach cérbh iad na riachtanais a bhí ag múinteóirí agus scoileanna i leith na n-Ealaíon. Sa bhliain sin, 2001, cuireadh ceardlanna ar siúl le haghaidh 47 scoil. Dá bharr sin thug an Oifig Ealaíon maoiniú do 10 scoil chun cúrsa sé seachtain de cheardlanna ealaíne a reachtáil sa bhliain 2002. Bhí an Oifig rannpháirteach le hIonad Oideachais Mhaigh Eo i reachtáil cheardlanna ealaíne do mhúinteoirí bunscoile inar ghlac breis is 40 múinteoir páirt. Cuireann an Oifig Ealaíon maoiniú ar fáil le haghaidh fiche tionscadal sé-seachtaine i scoileanna i Maigh Eo chuile bhliain.
Cuireadh scéim nuálaíoch ar bun sa bhliain 2002 ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo agus Ionad Oideachais Chontae Mhaigh Eo. Cheannaigh Coiste Forbartha Ceoil Mhaigh Eo seacht dtacar de chnaguirlisí a fhad is a bhí Mary Curran mar Ealaíontóir Cónaithe. Ba í An Chomhairle Ealaíon a mhaoinigh na huirlisí seo atá oiriúnach do pháistí faoi bhun 13 bliana d'aois. Is in Ionad Oideachais Mhaigh Eo atá siad lonnaithe agus is ansin a eagraítear ligean ar iasacht na gcnaguirlisí ar bhunscoileanna. Tugtar 5 tacar díobh ar iasacht do bhunscoileanna ar fud an chontae le haghaidh téarma amháin. Tá fáil ag Oifig Ealaíon an Chontae agus Ionad Ealaíon Linenhall ar dhá thacar de na cnaguirlisí freisin le haghaidh ceardlanna pobail agus for-rochtana.
Chuir Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, i gcomhpháirtíocht le hOifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo an scéim Uirlisí le hAghaidh Iar-Bhunscoileanna ar bun ar an Déardaoin, 14 Deireadh Fómhair, 2004 in Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo a cheannaigh iad chun cur leis na háiseanna ceoil atá ar fáil d’ógánaigh an chontae cheana féin. 32 uirlis atá i ngach tacar ceoil, ina measc drumaí, croiteoirí, tambóiríní, sreangdhrumaí agus cloigíní. Trí thacar ar fad a ceannaíodh. Is ón Ionad Oideachais atá na huirlisí seo le fáil ar iasacht. Coinneofar dhá thacar de na cnaguirlisí seo siar agus beidh ar chumas iar-bhunscoileanna iad a fháil ar iasacht ar feadh ceithre mhí.
Tá tacar amháin ar fáil ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo le húsáid i gceardlanna pobail agus for-rochtana.
Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo lena bhailiúchán chuile bhliain, déantar catalógú air go bliantúil.
Tá roinnt féilte bliantúla á reachtáil ag an Oifig Ealaíon.
Fórsa 12 - Deireadh Seachtaine do Scríobhnóirí
Is i mBéal an Mhuirthead a bhíonn sé seo ar siúl.Tagann 80 scríobhnóir ó ghrúpaí ar fud na tíre. Bíonn ceardlanna ar bun ann; léann scríobhnóirí a gcuid saothair féin, pé acu a bhfuil siúd i gcló nó nach bhfuil. Téann siad ar thurais agus glacann siad páirt i seisiúin ceoil.
Tá clár scríbhneoir cónaithe forbartha mar chuid de Fhórsa 12, ina noibríonn scríbhneoir dhátheangach sa cheantar ar feadh cúig seachtaine roimh an bhFéile ag tabhairt ceardlann agus léamhanna i scoileanna, i leabharlanna agus in ionaid chúraim. I measc na hiar-stiúrthóirí tá Jessie Lendennie, Chris Agee, John F. Deane, Kate Newman agus Vincent Woods.
Sa scéim seo déantar ceiliúradh ar chruthaíocht seanaoise. Tá clár cuimsitheach idirghníomhach a stiúradh ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar fud an chontae ina nglacann suas le 800 seandaoine páirt i gceardlanna agus in imeachtaí ins na leabharlanna, in ionaid pobail, in ionaid ealaíon agus in ionaid cúraim. Oibríonn an Oifig Ealaíon, Cumainn Ghníomhaíochta Lucht Scoir agus eagraíochtaí eile as láimh a chéile ar mhaithe le seandaoine. Clúdaítear gach cineál ealaíne: damhsa, drámaíocht, scéalaíocht, scríobhnóireacht cruthaitheach agus ceol. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Bhealtaine féach ar ár Rannóg Nuachta
D'oibrigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Aois is Deis le chéile chun an clár seo a bhunú. Tugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar (thugtaí Bord Sláinte an Iarthair air) agus An Chomhairle Ealaíon tacaíocht dó. Tugann an scéim mheantóireachta seo deiseanna tacaithe d’ealaíontóirí obair le daoine sna hionaid cúraim. Tugann sé líonra freisin do na healaíontóirí a gcuid smaointe agus a dtaithí oibre agus foghlama a roinnt ar a gcomhghleacaithe.
Ó mhí Feabhra 2004 bhí macasamhail na n-ealaíontóirí Margaret Morrison, Irma Van Baalen, Bernie Garvey O'Mara, Tom Meskell agus Tania Nally ag obair in Acaill, i gCathair na Mart, i mBéal an Átha, i mBéal Átha na Muice agus i gClár Chlainne Mhuiris in áiteanna mar ionaid cúraim sláinte fadtéarmacha agus in ionaid cúraim lae.
Is í Deirdre Breathnach, comhordnóir na n-ealaíontóirí, a bhí i mbun meantóireachta sa scéim seo agus bhí sí in ann an-chuidiú agus tacaíocht a thabhairt mar gheall ar an taithí atá aici.
Bealtaine - Taispeántas Chláir Fógraí
I gcaitheamh mhí na Bealtaine léireofar taispeántas ar chláracha fógraí i gContae Mhaigh Eo a cheiliúrfaidh saothar sheandaoine faoi chúram sláinte trí chláracha meantóireachta agus ealaíon fadtéarmach sa chontae. Beidh clár an taispeántais le fáil ó Oifig Ealaíon na Comhairle Contae, ó leabharlanna áitiúla agus fogrófar na sonraí sna meáin áitiúla.
Eagraítear sraith d’imeachtaí ceoil ar fud an chontae i mí Iúil ina bhfuil gach saghas ceoil: ceol tíre, rac-cheol, ceol traidisiúnta agus ceol claisiceach. Freastalaíonn na céadta de mhuintir na háite ar na himeachtaí seo a bhí ar bun go dtí seo i gCathair na Mart, i gCaisleán an Bharraigh, i gCoillte Mach, i mBéal Easa, i gCluain Cearbháin, i mBéal an Átha, i mBéal an Mhuirthead, i dTuar Mhic Éadaigh, i gCill Ala, i mBéal Átha hAmhnais agus i mBaile Chathail.
Clár forbartha na n-ealaíon do dhéagóirí agus do dhaoine fásta óga ar fud an chontae í féile EXCEL a chuireann béim ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna i ndaoine óga a bhfuil suim acu i ngné ar leith de na healaíona. Oibríonn an Oifig Ealaíon go díreach le grúpaí éagsúla m.sh. Foireann Ceoil Ógra Mhaigh Eo, Cantóirí Umhaill, Amharclann Ógra Mhaigh Eo agus Bannaí Píob Acla le linn na féile bliantúla ag cur ceardlann speisialta agus máistir-ranganna ar fáil dóibh chun cuidiú leis an obair a bhí ar siúl acu cheana féin. Soláthraíonn clár EXCEL deiseanna dúshlánacha chomh maith le sult agus spraoi.
Tugann an Seirbhís Ealaíona cúnamh d’fhéilte éagsúla ar fud an chontae, m.sh. Féile Iorrais, Féile Sráide Bhéal an Átha, Sonas - Féile na bPáistí, Féile Ealaíon Chathair na Mart, Scoil Acla agus Féile Chois Cuain.
Comhairle Chontae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Fón: (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost :ríomhphost mayoarts@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 5:00 p.m.