Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oifig Ealaíon > Programming
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

Clár na n-Ealaíontóirí Cónaithe


Faoi scéim na n-Ealaíontóirí Cónaithe bíonn ar chumas ealaíontóirí, scríobhnóirí, ceoltóirí, damhsóirí agus lucht drámaíochta teagmháil le daoine sna scoileanna, sna hospidéil agus in ionaid cúram sláinte eile, chomh maith leis an phobal áitiúil. Tugann sé seo seans idirghníomhaíocht a chruthú le daoine taobh amuigh de shaol na n-ealaíon. Cothaíonn sé seo comhtháthú agus foghlaim. 

Na hAmharcealaíona

Chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thaispeántais, eagraíonn an Oifig Ealaíon a cuid taispeántais féin ó bhliain go bliain. Tugann siad seo deis d’ealaíontóirí a fuair cuidiú ó scéimeanna ar leith a saothair a chur os comhair an phobail.

Amharclann Taistil

Déanann an Oifig Ealaíon iarracht drámaíocht a chur ar fáil do pháistí, go háirithe in áiteanna iargúlta. Déantar iarracht freisin cuidiú le dreamanna eile a oibríonn go díreach leis na scoileanna, chomh fada agus is féidir.

Amharclann Ógra Mhaigh Eo

Tá fás mór tagtha ar Amharclann Ógra Mhaigh Eo (MYT) ó bunaíodh í sa bhliain 1999. Tá sí lonnaithe anois i gceithre ionad: Caisleán an Bharraigh, Béal an Átha, Béal an Mhuirthead agus Béal Easa. Cuirtear chun cinn agus tugtar gach tacaíocht don ard chaighdeán i ndrámaíocht an ógra. Cuirtear béim ar fhorbairt scileanna sóisialta agus pearsanta dhaoine idir 14 - 22 bliana d'aois. Tá beagnach 90 ball páirteach ann ar fud an chontae.Tá daoine anois á n-oiliúint ag MYT ionas go mbeidh foireann ar fáil sa chontae amach anseo a mbeidh na scileanna riachtanacha acu. Méadaítear ar dheiseanna foghlama trí nascadh le grúpaí amharclanna eile do dhaoine óga, trí thaisteal agus trí dhrámaí a léiriú ar bhonn bliantúil.

Ealaín sna Leabharlanna

Tá an tSeirbhís Ealaíon agus an tSeirbhís Leabharlanna ag obair as láimh a chéile chun taispeántais a eagrú ar fud an chontae. Tugann siad deis freisin d’fhilí agus scríobhnóirí teacht le chéile chun a gcuid saothair a léiriú ar bhonn rialta.

Ealaíona trí Ghaeilge

Tugann an tSeirbhís Ealaíon cúnamh ar leith do thionscnaimh agus imeachtaí a eagraítear trí mheán na Gaeilge. Eagraíonn an scéim Ealaíon trí Ghaeilge seirbhísí dhá-theangacha má iarrtar iad. 

An Clár Ealaíon san Oideachas 

Rinne an Oifig Ealaíon dian-taighde sa bhliain 2001 chun fáil amach cérbh iad na riachtanais a bhí ag múinteóirí agus scoileanna i leith na n-Ealaíon. Sa bhliain sin, 2001, cuireadh ceardlanna ar siúl le haghaidh 47 scoil. Dá bharr sin thug an Oifig Ealaíon maoiniú do 10 scoil chun cúrsa sé seachtain de cheardlanna ealaíne a reachtáil sa bhliain 2002. Bhí an Oifig rannpháirteach le hIonad Oideachais Mhaigh Eo i reachtáil cheardlanna ealaíne do mhúinteoirí bunscoile inar ghlac breis is 40 múinteoir páirt.

Uirlisí Ceoil do Bhunscoileanna

Cuireadh scéim nuálaíoch ar bun sa bhliain 2002 ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo agus Ionad Oideachais Chontae Mhaigh Eo. Cheannaigh Coiste Forbartha Ceoil Mhaigh Eo seacht dtacar de chnaguirlisí a fhad is a bhí Mary Curran mar Ealaíontóir Cónaithe. Ba í An Chomhairle Ealaíon a mhaoinigh na huirlisí seo atá oiriúnach do pháistí faoi bhun 13 bliana d'aois. Is in Ionad Oideachais Mhaigh Eo atá siad lonnaithe agus is ansin a eagraítear ligean ar iasacht na gcnaguirlisí ar bhunscoileanna. Tugtar 5 tacar díobh ar iasacht do bhunscoileanna ar fud an chontae le haghaidh téarma amháin. Tá fáil ag Oifig Ealaíon an Chontae agus Ionad Ealaíon Linenhall ar dhá thacar de na cnaguirlisí freisin le haghaidh ceardlanna pobail agus for-rochtana.

Cnaguirlisí le haghaidh Iar-bhunscoileanna

Chuir Ionad Oideachais Mhaigh Eo, Caisleán an Bharraigh, i gcomhpháirtíocht le hOifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo an scéim Uirlisí le hAghaidh Iar-Bhunscoileanna ar bun ar an Déardaoin, 14 Deireadh Fómhair, 2004 in Ionad Oideachais Mhaigh Eo. Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo a cheannaigh iad chun cur leis na háiseanna ceoil atá ar fáil d’ógánaigh an chontae cheana féin. 32 uirlis atá i ngach tacar ceoil, ina measc drumaí, croiteoirí, tambóiríní, sreangdhrumaí agus cloigíní. Trí thacar ar fad a ceannaíodh. Is ón Ionad Oideachais atá na huirlisí seo le fáil ar iasacht. Coinneofar dhá thacar de na cnaguirlisí seo siar agus beidh ar chumas iar-bhunscoileanna iad a fháil ar iasacht ar feadh ceithre mhí.

Tá tacar amháin ar fáil ag Oifig Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo le húsáid i gceardlanna pobail agus for-rochtana.

Cnuasach Chomhairle Chontae Mhaigh Eo

Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo lena bhailiúchán chuile bhliain. Sa bhliain 2001 rinneadh catalóg iomlán de.

Clár Bliantúil

Tá roinnt féilte bliantúla á reachtáil ag an Oifig Ealaíon.

Fórsa 12 - Deireadh Seachtaine do Scríobhnóirí

Is i mBéal an Mhuirthead a bhíonn sé seo ar siúl.Tagann 80 scríobhnóir ó ghrúpaí ar fud na tíre. Bíonn ceardlanna ar bun ann; léann scríobhnóirí a gcuid saothair féin, pé acu a bhfuil siúd i gcló nó nach bhfuil. Téann siad ar thurais agus glacann siad páirt i seisiúin ceoil.

Tá scéim Scríobhnóir Cónaithe ag Fórsa 12. Oibríonnsé/sí sa cheantar ar feadh 5 seachtaine roimh ré ag eagrú ceardlanna i scoileanna, i leabharlanna agus in ionaid cúraim.

Le haghaidh tuilleadh eolais brú ar http://www.force12writers.com/

File Cáiliúil mar Scríobhnóir Cónaithe ag Fórsa 12, 2005

Beidh an file Cathal Ó Searcaigh ina Scríobhóir Cónaithe ag Fórsa 12 de chuid Chomhairle Chontae Mhaigh Eo in 2005. Is as Gort a' Choirce, Co. Dhún na nGall, é ó dhúchas agus tá sé ar shár-fhilí na tíre inniu. Is trí mheán na Gaeilge is mó a scríobhann sé ach aistríodh a chuid saothair go Béarla ag leithéidí Séamus Heaney, buaiteoir an duais Nobel. Áiritear ina measc An Bealach 'na Bhaile,/Homecoming (Cló Iar-Chonnachta 1993),Out in the Open (Cló Iar -Chonnachta 1997) agus Ag Tnúth leis an tSolas (Cló Iar -Chonnachta 2001) ar bronnadh Duais Liteartha an Irish Times le haghaidh Foilsiúcháin Trí Ghaeilge. Aistríodh a chuid saothair go neart teangacha eile agus léigh sé go poiblí i dtíortha ar fud an domhain. Tá sé ag scríobh a chuimhní cinn faoi láthair.

Beidh sé an-ghnóthach agus é mar Scríobhnóir Cónaithe ag tabhairt léachtaí, ceardlanna agus ag léamh. Beidh sé ag obair le breis is fiche grúpa scríobhnóireachta agus scoileanna ar fud an chontae. Beidh deireadh lena théarma anseo in éis an Deireadh Seachtaine do Scríobhnóirí, Fórsa 12, i mBéal an Mhuirthead. Ó 2001 i leith tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag forbairt scéim seo an Scríobhnóra Chónaithe a chríochnaíonn leis an Deireadh Seachtaine do Scríobhnóirí  Fórsa 12. Bhí Ré Ó Laighléis, Seán Lysaght agus Máire Holmes ar  chuid de na Scríobhnóirí Cónaithe eile go dtí seo.

Bealtaine

Sa scéim seo déantar ceiliúradh ar chruthaíocht seanaoise. Tá clár cuimsitheach idirghníomhach a stiúradh ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar fud an chontae ina nglacann suas le 800 seandaoine páirt i gceardlanna agus in imeachtaí ins na leabharlanna, in ionaid pobail, in ionaid ealaíon agus in ionaid cúraim. Oibríonn an Oifig Ealaíon, Cumainn Ghníomhaíochta Lucht Scoir agus eagraíochtaí eile as láimh a chéile ar mhaithe le seandaoine. Clúdaítear gach cineál ealaíne: damhsa, drámaíocht, scéalaíocht, scríobhnóireacht cruthaitheach agus  ceol. Chun tuilleadh eolais a fháil ar Bhealtaine féach ar ár  Rannóg  Nuachta

Clár Meantóireachta agus Líonraithe Ealaíontóirí 

D'oibrigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo agus Aois is Deis le chéile chun an clár seo a bhunú. Tugann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte san Iarthar (thugtaí Bord Sláinte an Iarthair air) agus An Chomhairle Ealaíon tacaíocht dó. Tugann an scéim mheantóireachta seo deiseanna tacaithe d’ealaíontóirí obair le daoine sna hionaid cúraim. Tugann sé líonra freisin do na healaíontóirí a gcuid smaointe agus a dtaithí oibre agus foghlama a roinnt ar a gcomhghleacaithe.

Ó mhí Feabhra 2004 bhí macasamhail na n-ealaíontóirí Margaret Morrison, Irma Van Baalen, Bernie Garvey O'Mara, Tom Meskell agus Tania Nally ag obair in Acaill, i gCathair na Mart, i mBéal an Átha, i mBéal Átha na Muice agus i gClár Chlainne Mhuiris in áiteanna mar ionaid cúraim sláinte fadtéarmacha agus in ionaid cúraim lae.

Is í Deirdre Breathnach, comhordnóir na n-ealaíontóirí, a bhí i mbun meantóireachta sa scéim seo agus bhí sí in ann an-chuidiú agus tacaíocht a thabhairt mar gheall ar an taithí atá aici.

Bealtaine - Taispeántas Chláir Fógraí

I gcaitheamh mhí na Bealtaine léireofar taispeántas ar chláracha fógraí i gContae Mhaigh Eo a cheiliúrfaidh saothar sheandaoine faoi chúram sláinte trí chláracha meantóireachta agus ealaíon fadtéarmach sa chontae. Beidh clár an taispeántais le fáil ó Oifig Ealaíon na Comhairle Contae, ó leabharlanna áitiúla agus fogrófar na sonraí sna meáin áitiúla. 

Sraith Ceoil an tSamhraidh

Eagraítear sraith d’imeachtaí ceoil ar fud an chontae i mí Iúil / Lúnasa ina bhfuil gach saghas ceoil: ceol tíre, rac-cheol, ceol traidisiúnta agus ceol claisiceach. Freastalaíonn na céadta de mhuintir na háite ar na himeachtaí seo a bhí ar bun go dtí seo i gCathair na Mart, i gCaisleán an Bharraigh, i gCoillte Mach, i mBéal Easa, i gCluain Cearbháin, i mBéal an Átha, i mBéal an Mhuirthead, i dTuar Mhic Éadaigh, i gCill Ala, i mBéal Átha hAmhnais agus i mBaile Chathail. Tá ár clár ceoil don samhradh 05 á chríochnú faoi láthair. Tig leat dul i dteagmháil linn má theastaíonn cóip uait.

Clár Damhsa

Sa bhliain 2002 bronnadh an tréimhse cónaithe ‘A Chance to Dance’ ar an ghrúpa gairmiúil Fluxusdance, faoi threoir an mhúinteora damhsa Cathy O’Kennedy. Chleachtaigh 600 duine go díograsach leo ar feadh seachtaine agus ba mhór an tairbhe a fuair siad as. Ritheadh ceardlanna i mbunscoileanna agus in iar-bhunscoileanna ar fud an chontae agus tugadh seans taithí fiúntach a fháil i réimse leathan damhsaí.

Mar gheall ar chomh maith is a d'éirigh leis an scéim damhsa in 2002 d'eagraigh Comhairle Chontae Mhaigh Eo deireadh seachtaine don damhsa i mBéal an Átha in 2003. Thug Fluxusdance cuairt ar bhunscoileanna agus ar iar-bhunscoileanna agus d'oibrigh siad feisin le daoine a bhfuil riachtanais speisialta acu. Ba é buaicphointe na seachtaine an léiriú "Betweeen the Lines". I Meán Fómhair 2004 d'eagraigh Comhairle  Chontae Mhaigh Eo an tríú deireadh seachtaine dá chuid i gCaisleán an Bharraigh. Bhí ceardlanna ann agus léirigh Fluxusdance dráma idirghníomhach ar dhúnmharú agus ar mhistéir leis an teideal "Delicious Death".

Ealaín don Ógra

Féile Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo don Ógra 2003

Ceiliúradh an fhéile seo ar an Luan, an 27 Meán Fómhair, 2003 le haghaidh déagóirí agus daoine óga. Bhí sé mar aidhm aige seirbhísí ealaíon a leathnú ar fud an chontae. Réitíonn an scéim seo leis an obair atá ar siúl ag Amharclann Ógra Mhaigh Eo agus cláracha damhsa agus ceoil na hOifige Ealaíon ina ndéantar freastal i gcónaí ar dhéagóirí.  

Léiríodh gach gné de na healaíona ag na féilte seo in áiteanna éagsúla ar fud an Chontae: i nGob an Choire, i mBéal an Átha, i mBéal an Mhuirthead, i gCaisleán an  Bharraigh, i mBaile Chathail, ar Oileán Chliara, i gClár Chlainne Mhuiris agus i gCathair na Mart.  

Léiríodh scannáin, m.sh. Whale Rider, Romeo and Juliet agus Johnny Darko in amharclann soghluaiste (Acaill agus Clár Chlainne Mhuiris); ceardlann drumaí leis an Acadamh Éireannach Drumaí ( Béal an Átha); ceardlanna ceoil leis an gceirneoir Alan Nous (Béal an Átha, Béal an Mhuirthead, Caisleán an Bharraigh, Baile Chathail); Scileanna an tSorcais a eagraíodh faoi stiúr an chomhlachta Streetwise Theatre (Béal an Átha, Caisleán an Bharraigh); tionscnamh déanta scannán ar Oileán Chliara le hIonad Scannán na Gaillimhe. Bhí ceardlanna priontála sna Custom House Studios, ceardlann Samba, Taispeántas Amharcealaíon ag scoláirí Institiúd Theicneolaíochta Mhaigh Eo agus na Gaillimhe (scoláirí Mhaigh Eo) a thabharfaidh léachtaí ar Amharcealaíona i scoileanna Mhaigh Eo. Thug Artsquad Chomhairle Chontae Mhaigh Eo ceardlanna le Tionscnamh Ógra Pobail Chaisleán an Bharraigh agus thug an scríobhnóir Colmán  Ó Raghallaigh léacht ar a chuid úrscéalta grafacha i Leabharlann Chlár Chlainne Mhuiris.

EXCEL 04 Clár Ealaíona Chomhairle Chontae Mhaigh Eo don Óige

D'eagraigh Seirbhís Ealaíon Chomhairle Chontae Mhaigh Eo clár don ógra i mí na Samhna 2004. Clár forbartha na n-ealaíon do dhéagóirí agus do dhaoine fásta óga  ar fud an chontae a bhí ann. Bhí béim ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt scileanna i ndaoine óga a bhfuil suim acu i ngné ar leith de na healaíona. Fuair imeachtaí le damhsa, ceol, amharcealaín, scannáin agus an-chuid eile tacaíocht dá bharr. D'éirigh chomh maith le Féile Ealaíon don Óige 2003 gur thosaigh EXCEL 04 ag obair go díreach le grúpaí éagsúla m.sh. Foireann Ceoil Ógra Mhaigh Eo, Cantóirí Umhaill, Amharclann Ógra Mhaigh Eo agus bannaí píob Acla. Tugadh ceardlanna speisialta dóibh agus máistir-ranganna chun cuidiú leis an obair a bhí ar siúl acu cheana féin. D'oibrigh EXCEL 04 le grúpaí pobail eile, CDSP’s san áireamh, sa chontae a dhéanann an cineál seo oibre. Chomh maith leis na máistir-ranganna leis na grúpaí seo cuireadh imeachtaí ‘oscailte’ eile ar bun. Ina measc seo bhí ceardlann ar an Ghiotár Leictreach, do dhaoine ar mhaith leo feabhas a chur ar na scileanna measartha a bhí acu cheana féin, agus ceardlann ar dhamhsa Hip-Hop.

Féilte

Tugann an Seirbhís Ealaíona cúnamh d’fhéilte éagsúla ar fud an chontae, m.sh. Féile Iorrais, Féile Sráide Bhéal an Átha, Sonas - Féile na bPáistí,  Féile Ealaíon Chathair na Mart, Scoil Acla agus Féile Chois Cuain. 


Earcaíocht :

Oifig Ealaíon
Comhairle Chontae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh

Teileafón : Fón: (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost :ríomhphost artsstaf@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 4:30 p.m.