Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Oifig Ealaíon > Public Art
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

Ealaín Phoiblí



Forbhreathnú


Oibríonn Comhairle Chontae Mhaigh Eo go h éifeachtach ag riaradh airgid faoi scéim na Roinne Comhshaoil Céadatán le hAghaidh na n-Ealaíon chun ealaín phoiblí a choimisiúnú. Ag smaoineamh i gcónaí ar  pholasaí forbartha na n-ealaíon coinníonn an Comhairle Contae súil i gcónaí ar úsáid na gcleachtas is fearr. Go dtí seo dhírigh siad a n-aire ar scéimeanna dealbhóireachta buana poiblí dírithe ar an suíomh áitiúil. Chun cloí leis an chleachtas coimisiúnaithe is fearr atá leagtha síos in Ealaíon Phoiblí: Scéim Chéadatán le hAghaidh na n-Ealaíon - Treoirlínte Náisiúnta Ginearálta 2004 tá sé ar intinn ag an Chomhairle anois leathnú ar sin chun na scéimeanna atá faoina réim agus leathnú freisin ar an raon ealaíon nua-aimsearach mar is gá. Tógfaidh an Clár Ealaíon Poiblí san áireamh prionsabail an Phlean Ealaíon Straitéisigh 2003 - 2006 de chuid Chomhairle Chontae Mhaigh Eo atá bunaithe ar ard-chaighdeáin sna healaíona, cuimsiú sóisialta, teacht don phobal uile ar ealaín agus fiúntas fad-téarmach. 

Photo of sculpture in Castlebar Courthouse titled The Witness Tree

An t-Airgead


Seo ealaín suiteála de cheithre scáileán físe le fuaim.


Four-piece video

Taispeántas de shaothar Martina Coyle a osclaíodh ar an Déardaoin, 12 de Dheireadh Fómhair 2006 i seomra taispeántais carr Mhickey Lavellen, An Eachléim, An Fód Dubh ag Catherine Marshall, Príomh-Choimeádaí: Ceann Bhailiúchán, Áras Nua-Ealaíne na hÉireann. Ball de phainéal Ealaíontóirí Chomhairle Chontae Mhaigh Eo í Martina Coyle agus iarradh uirthi píosa ealaíne a chruthú a bheadh oiriúnach do cheantar Iorrais. In éis taighde a dhéanamh agus í ina cónaí i gceantar Iorrais, d'fhill Martina ar an Fhód Dubh mar ealaíontóir cónaithe ar feadh ceithre mhí i dtús na bliana 2006.

Is iomaí rud a thóg Martina san áireamh agus í ag dul i mbun oibre ar An t-Airgead: an t-ionad féin, stair na háite, an teanga (bíodh is go bhfuil an ceantar seo sa Ghaeltacht) agus comhnascadh leis an phobal áitiúil chun teacht ar phíosa oiriúnach don áit ina mbeadh sé suite. Dúirt Martina féin, “ní mór don athrú agus don ghné áitiúil a bheith ann, is cuma céard eile.” Tar éis a cuid ama a chaitheamh sa cheantar, shocraigh sí ar phíosa ealaíne ama a léiríonn gnéithe de thíreolaíocht agus stair Leithinis an Mhuirthid, Inis Gé agus muintir na háite iad féin. Ins na híomhánna a léirítear, nuair a fheictear an ghrian ag dul faoi ag an Fhál Mór, cheapfá i dtús gur griangraf atá ann ach de réir a chéile feictear an talamh amach romhat á athrú ag solas na gréine agus ag gluaiseacht na scamall - sin An t-Airgead.

Tá trí phíosa fístéipe á dtaispeáint in éineacht leis seo: i ndá phíosa léirítear gluaiseacht na mbád idir na hoileáin agus tír mór agus sa tríú ceann feictear láithreachas daonna ar an oileán. Is í an chloch is mó ar phaidrín Mhartina ná sícé na háite agus na ndaoine a léiriú lena súil ghéar á coinneáil ar mhionathruithe solais agus eilimintí. Tá rithim ar leith leis an obair, rithim mall ceolmhar a chuireann imeacht na haimsire agus sruth na beatha ar an leithinis nocht iargúlta seo. Mar chúlra leis, cloistear guthanna na n-oileánach agus cuireann canúint na háite agus coraí cainte sainiúla na ndaoine agus iad ag labhairt i dteanga a sinsir, go mór leis an atmaisféar smaointeach. Tá Martina Coyle lonnaithe i mBaile Átha Cliath faoi láthair ach bíonn sí ag obair in Éirinn agus i bPáras. Tá cáil ar shaothar Mhartina mar gheall ar a cur chuige ildhisciplíneach agus ar an gcomhoibriú a dhéanann sí leis pobail áitiúla anseo in Éirinn agus san Eoraip.

Ba í Comhairle Chontae Mhaigh Eo a rinne an coimisiúnú seo, Tionscnamh Ealaíne Poiblí Iorrais, sa bhliain 2006 agus fuarthas maoiniú dó ón Scéim Chéadatán le hAghaidh na nEalaíon ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil.

Le haghaidh tuilleadh eolais déan teagmháil le: Sally O'Leary, Comhordnóir Ealaíne Poiblí Comhairle Chontae Mhaigh Eo Áras an Chontae Caisleán an Bharraigh Fón: (094) 9047561 Ríomhphost: soleary@mayococo.ie


Earcaíocht :

Sally O'Leary, Comhordnóir Ealaíne Poiblí
Comhairle Chontae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Fón: (094) 9047561

Teileafón : Fón: (094) 9047561
R-phost :Ríomhphost: soleary@mayococo.ie