Forbhreathnú ar Sheirbhísí na hOifige Ealaíon
Eolas agus Cumarsáid
- Seirbhís comhairle
- Cláracha a leagadh amach don Ealaíon
- Bolscaireacht
- Tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóirí (grúpaí agus daoine aonair)
- Ealaíona Pobail
- Ról forbartha Earnáil na n-Ealaíon
- Cnuasach Chomhairle Chontae Mhaigh Eo
- Dréachtadh Polasaí agus Pleanáil
- Comhpháirtíochtaí i dtionscnaimh a bhaineann leis na hEalaíona
- Idirghníomhiú i dtionscnaimh a bhaineann leis na hEalaíona
- Líonrú
Eolas agus Cumarsáid
Dáileann an tSeirbhís Ealaíon amach eolas ar na hEalaíona sa chontae tr mheáin cumarsáide éagsúla: trí nuachtáin áitiúla, trí irisleabhair réigiúnacha, trí thaispeántais thaistil, trí bholscaireacht a dhéanamh ar fhéilte éagsúla, trí leabhráin speisialta a fhoilsiú ón Oifig Ealaíon, trí litreacha a sheoladh sa phost agus trí fhógraí a chur amach.
Tá sé mar aidhm ag an tSeirbhís Ealaíon go mbeadh idirghníomhú idir ealaíontóirí, eagraíochtaí ealaíon, lucht éisteachta agus lucht féachana, an pobal, grúpaí pobail agus eagraíochtaí poiblí.
An tSeirbhís Chomhairleach Ealaíon
Tugann an tSeirbhís Chomhairleach Ealaíon cúnamh go rialta do bhreis is 200 grúpa amaitéarach, eagraíochtaí ealaíon agus grúpaí pobail a lorgaíonn comhairle faoi imeachtaí agus faoi fhoinsí airgid dá dtionscnaimh agus dá gcláracha. Tugann an Oifig eolas faoi dheontais do phobal nó do ghrúpa ar bith gur mhaith leo tionscnamh ealaíon dá gcuid féin a eagrú. Riartar na deontais trí Oifig Rúnaí na Comhairle Contae.
Ról Forbartha
Nuair a bhíonn an Oifig Ealaíon ag déanamh taighde ar riachtanais an phobail sna hEalaíona baineann siad leas as bealaí éagsúla chun teacht ar smaointe na ngnáthdhaoine. Sampla de seo ná nuair a eagraíodh seimineár ceoil i gCaisleán an Bharraigh in 2001 a thug an-chuid eolais do dhaoine a raibh suim acu slite beatha a bhaint amach sa cheol mar cheoltóirí, mar scríobhnóirí ceoil, mar lucht bolscaireachta ceoil, mar chraoltóirí agus a leithéid. Reachtáil siad ceolchoirm inar ghlac daoine áitiúla páirt agus ba bhreá mar a d'eirigh leis.
Ealaíona Pobail
Déanann Ealaín Phobail freastal ar dhaoine nach raibh aon bhaint acu leis na healaíona cheana nó a cheapfadh nach mbeadh siad in ann saothar cruthaíoch ar bith a chruthú nó nach raibh in ann freastal ar ionaid ina raibh imeachtaí ealaíonta ar siúl. Tig le hEalaíona Pobail grúpaí a chomhnascadh lena chéile agus féiniúlacht an phobail a fhorbairt. Is breá an rud í do ghrúpaí imeallaithe a mhothaíonn scartha amach ó na gnáthimeachtaí sa phobal.
Arts Squad Mhaigh Eo
Bunaíodh Arts Squad Mhaigh Eo le cúnamh ó FAS sa bhliain 1997 agus leanann sé leis ag tabhairt sár-thréanáil i scileanna na healaíona sa phobal do chúigear duine dhéag in aghaidh na bliana. Is iomaí cineál cúlra óna dtagann na daoine a ghlacann páirt ann agus oibríonn siad le dreamanna as gach comhluadar ag reachtáil ceardlanna dóibh, á dtréanáil agus ag eagrú drámaíocht ar na sráideanna. Is iomaí féile ar fud an chontae a chuidíonn Arts Aquad leo, Coillte Mach, Baile an Daighin, agus Béal an Átha ina measc.
Ealaíona Pobail agus Ceardlanna
Eagraíonn an Oifig Ealaíon ceardlanna i ngach gné de na healaíona in ionaid éagsúla do gach aoisghrúpa agus cuirtear maoiniú ar fáil lena n-aghaidh. Chomh fada agus is féidir oibríonn siad i gcomhpháirtíocht le pobail agus grúpaí chun riachtanais ar leith a shásamh, mar shampla oiliúint, múineadh scileanna agus mar sin de. I measc na ngrúpaí seo tá déagóirí, seandaoine agus daoine le riachtanais speisialta.
Ranganna máistreachta
Eagraíonn an Oifig Ealaíon ranganna máistreachta do ghrúpaí ar mhaith leo seirbhísí ealaíontóra gairmiúile a fháil nuair atá gá lena leithéid agus íoctar as. Mar shampla cuirtear an tseirbhís seo ar fáil do bhannaí práis, do bhannaí píob agus d’oiliúint dhamhsóirí.
Maoiniú do Chomhpháirtithe i Saol na n-Ealaíon
Tugann an Oifig Ealaíon maoiniú in aghaidh na bliana d’eagraíochtaí chomhpháirteacha:
- Ionad Ealaíon an Linenhall, Caisleán an Bharraigh
- Teach Heinrich Boll, Acaill
- Custom House Studios, Cathair na Mart
- Imeachtaí Ealaíon Bhéal an Átha, Béal an Átha
- Yew Tree Theatre Company, Béal an Átha
- Féile Iorrais - Féile Ealaíon Tíre, Iorras
- Ballinglen Arts Foundation, Baile an Chaisleán
Forbairtí Caipitil
Táthar ag súil go mbeidh muintir Mhaigh Eo in ann páirt níos mó fós a ghlacadh i saol na n-ealaíon amach anseo nuair a leathnóidh an tSeirbhís Ealaíon a cuid seirbhísí ar fud an chontae. Beidh deiseanna do chomhlachtaí taistil agus do chomhluchtaí áitiúla ealaíon i gceantair Bhéal an Átha agus Bhéal an Mhuirthead agus beidh siad siúd in ann comhoibriú leis na heagraíochtaí atá bunaithe cheana i gCaisleán an Bharraigh, i gCathair na Mart, i gCoillte Mach, i mBaile an Ghleanna, i mBéal Easa agus i mBalla.
Freisin is féidir súil a choinneáil ar ionaid a bheadh oiriúnach le haghaidh cur chun cinn na n-ealaíon amach anseo. I láthair na huaire tá roinnt ionaid á meas i mBaile Chathail, i mBéal Átha hAmhnais agus i mBaile an Róba lena haghaidh.
Dréachtadh Polasaí agus Pleanáil do na hEalaíona
Tá an Oifig Ealaíon ag athbhreithniú riachtanais fhorbartha na n-Ealaíon i gContae Mhaigh Eo ar bhonn rialta. Leagann Plean Ealaíon an Chontae amach na scéimeanna a gheobhaidh tús áite agus céard is gá chur sa tsiúl chun go mbeidh forbairt i gcónaí ar shaol na n-Ealaíon i gContae Mhaigh Eo sna blianta 2003 - 2006. Réitíonn an Plean Ealaíon leis an Straitéis 10 mbliana atá leagtha amach i Straitéis Fhorbartha an Chontae ag Bord Forbartha an Chontae ina leagtar amach forbairt chomhtháite shóisialach, chultúrtha agus eacnamaíochta Chontae Mhaigh Eo.
Teagmháil:
Oifig Ealaíon
Comhairle Chontae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Fón: (094) 90 24444; folínte 7558, 7560
R-phost :ríomhphost artsstaf@mayococo.ie
Uaireanta oscailte: 9:30 a.m. go 1:00p.m.
agus 2:00 p.m. go 4:30 p.m.
