Oifig na Gaeilge
Tá sé de dhualgas reachtúil ar Chomhairle Chontae Mhaigh Eo, faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil don phobal, ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís trí Bhéarla.
Ceanglaíonn ár gCairt Chustaiméirí orainn “seirbhís ard fhiúntach a sholáthar dár gcustaiméirí uilig ar dhóigh éifeachtach, inniúil agus chúramach.” Luann sé chomh maith go mbeidh sé mar aidhm ag Údaráis Áitiúla Chontae Mhaigh Eo “a chinntiú go mbeidh ar chumas custaiméirí ar mhian leo a ghnó a reáchtáil trí Ghaeilge é sin a dhéanamh agus go mbeidh doiciméadaí ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.
Scéim Teanga Chomhairle Chontae Mhaigh Eo
D’ullmhaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an scéim seo faoi Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Is é príomhchuspóir an Achta ná soláthar níos mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil don phobal ar chaighdeán níos airde. Tháinig Scéim Teanga Chomhairle Chontae Mhaigh Eo i bhfeidhm ar an 22ú Nollaig, 2006. Beidh an Scéim i bhfeidhm ar feadh tréimhse trí bliana ón dáta sin nó go mbeidh Scéim nua deimhnithe ag an Aire, cibé cé acu is túisce.
Leagan an Scéim Teanga amach clár oibre na Comhairle Contae chun seirbhísí a chur ar fáil tré Ghaeilge i gcomhar le Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003.
Tá an Scéim Teanga le fáil anseo:
Scéim Teanga Chomhairle Chontae Mhaigh EoScéim Teanga Chomhairle Chontae Mhaigh Eo - dátheangach
Teagmháil:
Má tá aon cheist agat mar gheall ar sheirbhísí Gaeilge na Comhairle nó más mian leat do ghnó a dhéanamh as Gaeilge linn, is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag gaeilge@mayococo.ie
