Seirbhísí: Tithíocht
Seirbhísí: Tithíocht
Forbhreathnú ar Thithíocht
Tairgíonn an Rannóg Tithíochta, atá suite in oifigí na Comhairle Contae in Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh, an méid seo a leanas don phobal:
Tithíocht ón Údarás Áitiúil - Don chuid is mó, is iad na hÚdaráis Áitiúla a chuireann tithíocht ar fáil do dhaoine a bhfuil riachtanas tithíochta acu, agus nach bhfuil an acmhainn acu ina leith.
Scéim Chúnaimh Chaipitil do Thithíocht Dheonach - Faoin scéim
seo cuireann comhlachtaí tithíochta deonacha iostas ar fáil, aonad amháin nó dhá aonad go hiondúil, a bheadh feiliúnach do dhaoine le riachtanas spesialta tithíochta: daoine aosta, daoine faoi mhíchumas, daoine gan dídean nó teaghlaigh beaga mar shampla.
An Scéim um Fhóirheontais Chíosa- Faoin scéim seo cuireann comhlachtaí deonacha tithíochta cóiríocht ar fáil ag cíos ar lascaine chun riachtanais theaghlaigh ar ioncaim íseal a shásamh.
Scéam Cheannaigh ag Tionóntaí - Más tionónta tú i dteach de chuid an údaráis áitiúil le bliain ar a laghad, tá cead agat iarratas a chur isteach chuig an rialtas áitiúil le do theach a cheannach amach ar fad nó úinéireacht roinnte a bhaint amach.
Scéim Úinéireachta Roinnte - cuireann an scéim seo úinéireacht ar fáil thar roinnt céimeanna do dhaoine nach bhfuil ar a gcumas acu úinéireacht iomlán a bhaint amach sa chaoi traidisiúnta.
Scéim Tithíochta Inacmhainne - Faoin scéim seo cuireann údaráis áitiúla tithe nua ar fáil ar thalamh de chuid an Údaráis féin ar lascaine do cheannaitheoirí incháilithe.
Suíomhanna Tithíochta ar Chostas Íseal - Faoin scéim seo cuireann údarás áitiúil suíomhanna tithíochta ar fáil ar phraghas íseal, uaireanta chomh híseal le €127 in aghaidh an tsuímh. Chun bheith incháilithe ar cheann de na suíomhanna seo caithfidh d'iarratas ar thithíocht ón údarás áitiúil bheith ceadaithe ag an údarás sin.
Scéim um Liúntas Morgáiste - Más tionónta nó tionónta/ceannaitheoir tí de chuid an údaráis áitiúil thú agus tú ag tógáil morgáiste €38,092 ar a laghad amach chun teach a cheannach nó a thógáil duit féin, seans go mbeadh tú incháilithe ar liúntas morgáiste.
Deontas Daoine Míchumasaithe - Faoin scéim seo tig le húdarás áitiúil deontas a íoc ar mhaithe le cóiríocht bhreise nó oibreacha oiriúnacha riachtanacha le haghaidh riachtanais dhuine den teaghlach atá faoi mhíchumas. Thiocfadh leis an deontas seo bheith suas le 90% na gcostas formheasta.
Cuireann Comhairle Chontae Mhaigh Eo roinnt seirbhísí eile ar fáil, ina measc:
Scéimeanna Deonacha Tithíochta agus Iasachtaí ón Údarás Áitiúil le haghaidh ceannach agus feabhsúchán tí.
Cairt um Thithíocht ar Cíos. Léigh leat le do thoil le eolas breise faoinár gcuid seirbhísi a fháil amach, nó déan teagmháil linn agComhairle Chontae Mhaigh Eo ar (094) 24444.
Eolas breise:
An Rannóg Tithíochta
Fón: (094) 24444
Ríomhphost: housing@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9.30 r.n. go 1.00 i.n. agus 2.00 i.n. go 4.30 i.n.
