Is tionscnaimh nua í an Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC) atá curtha ar fáil chun freastal ar riachtanais chóiríochta dhaoine atá ag fáil forlíonadh chíosa, go hiondúil ar feadh tréimhse níos mó ná 18 mí, a bhfuil riachtanas chóiríochta fadtéarmach acu (níl iarrthóirí tearmainn agus neamhnáisiúnaigh eile nach bhfuil cead acu cur futhu sa stáit go buan, mic léinn agus daoine ag fáil forlíonadh chíosa mar dhreasacht na scéime "filleadh ar an obair" san áireamh). Tá an scéim faoi riarachán ag údaráis áitiúla agus tá sé mar aidhm aige foinse bhreise cóiríochta ar cíos ar ardchaighdeán a chur ar fáil do dhaoine incháilithe, chun cumas na n-údarás áitiúla a fheabhsú maidir le bheith in ann riachtanais thithíochta fadtéarmacha a shásamh.
Déanfaidh údaráis áitiúla socraithe conarthacha le soláthróirí cóiríochta chun infhaighteacht chóiríocht phríobháideach ar cíos a chinntiú don SCC.
Cé go mbeidh saghsanna éagsúla conartha i gceist (féach thíos), beidh na príomhghnéithe a leanas acu uilig:
Sa SCC beidh caidreamh trí-bhealach, idir:
Go ginearálta, sa chéad dul síos, déanfaidh an t-údarás áitiúil iarracht socrú conartha a dhéanamh le soláthróirí cóiríochta chun tithíocht a chur ar fáil don SCC ar feadh tréimhse chomhaontaithe (tig le socraithe eile bheith ann freisin, amharc thíos). Déanfar idirbheartaíocht maidir le téarmaí an chonartha idir an dhá pháirtí. Tig leis an chóiríocht bheith tógtha cheana féin, nó bheith nua-thógtha. Tabharfaidh an t-údarás áitiúil ráthaíocht ar an chíos ar son an tionónta agus tabharfaidh sé geallantas go n-íocfar an íocaíocht iomlán don tiarna talún.
Sa dara dul síos, ainmnóidh an t-údarás áitiúil duine atá ag fáil cóiríochta faoin SCC, agus cuirfidh sé a ainm le Comhaontú Tionóntachta Cónaithe leis an tiarna talún. Thiocfadh leis an ainmní bheith ina thionónta ar an réadmhaoin cheana féin, é ag fáil líuntais chíosa faoi láthair, agus é incháilithe ar an SCC. Beidh an t-údarás áitiúil ina pháirtí don chomhaontú seo, mar ráthóir ar an chíos.
Mar chríoch, aontaíonn an faighteoir SCC agus an t-údarás áitiúil go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil íocaíocht don tiarna talún ar son an fhaighteora.
Tá comhaontaithe samhalacha curtha i bhfeidhm le n-úsáid sa scéim, agus cruthaíonn siadsan an bunús d'idirbheartú an chonartha idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil.
Tá roinnt saghsanna comhaontaithe conarthacha idir tiarnaí talún/forbróirí, na húdaráis áitiúla agus tionóntaí faoin SCC. Go ginearálta is féidir iad seo a chur i dtrí chineál comhaontaithe:
A) Comhaontaithe infhaighteachta idir na tiarnaí talún agus údaráis áitiúla le haghaidh cóiríocht mheánthréimhseach agus fadtéarmach a chur ar fáil (le cearta ainmnithe ar an chóiríocht ag an údarás áitiúil).
B) Comhaontaithe tionóntacht ar thionóntacht le tiarnaí talún chun riachtanais gearrthéarmacha a chomhlíonadh (Ní thugann an t-údarás áitiúil ráthaíocht ar íocaíocht cíosa ach amhain ar feadh tréimhse thionóntachta shainithe).
C) Comhaontaithe fadtéarmacha PPP/Cuid V idir forbróirí agus an t-údarás áitiúil chun cóiríocht fhadtéarmach a chur ar fáil.
Seasann foirmeacha chaighdeánacha conartha mar bhunús conarthach do na socraithe idir tiarnaí talún, tionóntaithe agus an t-údarás áitiúil. Beidh cúramaí ginearálta na dtrí rannpháirtithe leagtha amach sa chineál conartha lena nglacann siad. Laistigh de theorainn áirithe beidh údaráis áitiúil in ann idirbheartú a dhéanamh ar na coinníollacha ar leith faoina gcuireann soláthróirí cóiríochta a gcuid réadmhaoine ar fáil don SCC.
Cuirfidh Comhairle Chontae Mhaigh Eo eolas breise ar fáil do thiarnaí talún ionchasacha sa SCC, maidir leis an chineál socraithe conarthach a bheas á thairscint acu.
An Comhchaidreamh idir an Tiarna Talún agus an Tionónta agus Freagracht an Tiarna Talún
Fanann an caidreamh ar leith "tiarna talún agus tionónta" idir úinéir na réadmhaoine agus an t-iarfhaighteoir den fhorlíonadh cíosa. Feidhmeoidh an t-údarás áitiúil mar bhróicéir nó mar ghníomhaire ar son an tionónta.
Sa ról sin, coinneoidh an tiarna talún freagracht ar:
1. Árachas - réadmhaoin, inneachar an tiarna talún agus dliteanas poiblí.
2. Gnáthchothabháil/deisiúcháin agus athchur treallaimh
3. Dul i ngleic le hiompar aimhleasta agus aon sáru eile ar an tionóntacht má tharlaíonn siad, ina measc neamhíoc cíosa don údarás áitiúil.
Socrófar na leibhéil chíosa le hidirghabháil idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil agus beidh coinníollacha an mhargaidh áitiúil ag dul i bhfeidhm orthu. Ní féidir go rachfadh an cíos thar leibhéal an liúntais chíosa sa cheantar atá ceadaithe ag an ALS ar gach saghas teaghlaigh (teaghlaigh aontuismitheora, teaghlaigh ar méideanna difriúla &rl.). Cruthóidh na leibhéil chíosa seo an t-uastheorainn in aon idirghabháil idir an t-údaras áitiúil agus an tiarna talún.
Tig le h-údaráis áitiúil laghdú a iarraidh sa léibhéal cíosa, áfach, mar fháltas ar an méid a leanas:
1. Mar nach mbíonn ar an tiarna talún na cíosanna a bhailiú le linn an chonartha SCC.
2. Mar nach mbíonn ar an tiarna talún follúntais a líonadh (fógraíocht a dhéanamh agus agallaimh a chur ar thionóntaithe ionchasacha) le linn an chonartha SCC.
3. I ngeall ar go bhfuil an fáltas meánach cíosa thar an earnáil príobháideach níos lú ná cíos bliana iomlán mar gheall ar fholúntais/iomlaoid thionóntaithe.
4. Is sócmhainn luachmhar í go bhfuil íocaíochtaí cíosa ráthaithe ar théarma seasta faoin SCC.
5. Íocaíocht ghrod ráthaithe ag gníomhaireacht Stáit.
Ní íocfar éarlaisí ar bith faoin SCC mar beidh socrú conarthach ann idir an tiarna talún agus an t-údarás áitiúil. Nuair a dhéantar damáiste ar réadmhaoin, áfach, nach toradh é ar ghnáthúsáid, tig le Comhairle Chontae Mhaigh Eo coibhéis suas le cíos míosa amháin a ráthú chuig costas dheisiúchána/athchuir. Caithfidh na sonraí ar seo bheith socraithe trí idirghabháil.
Déanfaidh Comhairle Chontae Mhaigh Eo teaghmháil le tiarnaí talún a bhfuil tionóntaí le forlíonadh cíosa incháilithe faoin SCC acu, agus iad i gcóiríocht laistigh de Chontae Mhaigh Eo. Tabharfaidh an Chomhairle Contae cuireadh dóibh bheith páirteach sa SCC, má chomhlíonann siad na critéir cháilitheachta.
Tá gach tionónta ar chíos forlíonta le traschur chuig an SCC roimh dheireadh 2008. Mura mbíonn an tiarna talún atá acu sásta bheith páirteach sa SCC, cuirfear réadmhaoin mhalartach ar fáil dóibh.
Mura bhfuil tionónta ar chíos forlíonta faoin SCC agat faoi láthair ach go bhfuil suim agat bheith páirteach sa SCC, cuir na sonraí fút féin agus do réadmhaoin (seoladh, líon na seomraí codlata, spásanna leapa &rl.), chuig an ionad SCC, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Oifigí Cathartha, Cathair na Mart, agus déanfar teagmháil leat má agus nuair a aithnítear go bhfuil do réadmhaoin ag teastáil.
Má tá tuilleadh eolais faoin SCC ag teastáil ó aon tiarna talún, thiocfadh leo teagmháil a dhéanamh leis an Ionad SCC, Comhairle Chontae Mhaigh Eo. Tá eolas breise le fáil freisin ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Aitiúil. Suíomh idirlín: www.environ.ie
Doiciméid:
Doiciméad iomlán: Bileog eolais do Thiarnaí Talún - Scéim um Chóiríocht ar Cíos (SCC) (DOC/PDF)