Tithíocht: Cóiríocht do Dhaoine gan Dídean
Tá raon leathan cúmhachtaí ag údaráis áitiúla chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine gan dídean. Mar aon le tithíocht a chur ar fáil go díreach, tig le húdaráis áitiúla socraithe a dhéanamh le heagraíochtaí deonacha chun cóiríocht a chur ar fáil do dhaoine gan dídean, cúnamh airgeadais nó eile a chur ar fáil dóibh, agus, más gá, cóiríocht phríobháideach a sholáthar.
Cad is brí le Duine gan Dídean?
Tá sainmhíniú ar dhuine gan dídean in alt 2 den Acht Tithíochta, 1988 mar dhuine, i mbarúil an údaráis áitiúil atá bainteach leis an scéal:
(a) nach bhfuil aon chóiríocht le fáil aige ar féidir leis féin, nó éinne a chónaíonn leis, nó éinne a bheadh duine i dteideal bheith ag súil leis go gcónaíodh siad leis, go mbeadh sé in ann a choimeád nó cónaí ann.
nó
(b) go bhfuil sé ina chónaí in ospidéal, i dteach an chontae, brú oíche nó aon institiúid eile dá leithéid, mar nach bhfuil cóiríocht aige den chineál a luaitear in (a).
agus
nach bhfuil sé ar a chumas aige cóiríocht a fháil óna chuid acmhainní féin. Ciallaíonn sé seo gur féidir leis na húdaráis áitiúla caitheadh le daoine gan chóiríocht atá ina gcónaí i mbrúnna oíche, &rl. de bharr nach bhfuil aon chóiríocht eile acu, mar Dhaoine gan Dídean, mar nach bhfuil siad ábalta cóiríocht a chur ar fáil dóibh féin óna n-acmhainní féin.
Cén Chóiríocht atá le Fáil?
Ag brath ar an saghas cóíríochta atá ag teastáil, i.e. fadtéarmach, idirthréimhseach nó práinneach, tig leis an údarás áitiúil cóiríocht a chur ar fáil mar seo a leanas: tithe ón údarás áitiúil, lóístín i mbrúnna curtha ar fáil ag gníomhaireachtaí reachtúla nó comhlachtaí deonacha, cóiríocht éigeandálach i dtithe lóistín curtha ar fáil san earnáil phríobháideach, nó cóiríocht fheiliúnach ar cíos go príobháideach.
Tithíocht údaráis áitiúil
Is féidir le daoine a bhfuil tithíocht bhuan de dhíth orthu iarratas a dhéanamh chuig an údarás áitiúil ar thionóntacht i dteach nó in árasán de chuid an údaráis áitiúil. Déanann an t-údarás áitiúil measúnú ar iarrthoirí agus má bhíonn siad incháilithe cuirtear ar liosta tithíochta an údaráis áitiúil iad. In amanna tógann sé scathamh tionóntacht a dháileadh ag brath ar an éileamh ar thithíocht i gceantar an údaráis áitiúil agus ar na cúinsí doshéanta ar leith a bhaineann le hiarrthóirí ar tithe. Idir an dá linn, tig le daoine gan dídean fanacht i mbrú, i dteach leaba is bricfeasta, nó i gcóiríocht phríobháideach ar cíos
Lóistín i mBrúnna
Cuirtear raon cóiríochta den tsaghas atá le fáil i mbrúnna ar fáil do dhaoine gan dídean. Tá roinnt den chóiríocht seo le fáil ar bhunús oícheantach (ag freastal ar an té is túisce, go hiondúil), agus úsáidtear roinnt de mar chóiríocht idirthréimhseach nó fadtéarmach. Cuireann eagraíochtaí deonacha cóiríocht ar fáil do dhaoine gan dídean ar fud na tíre. Ina measc tá: Cumann Naomh Uinseann de Pól ( Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh, Luimneach, Port Láirge agus áiteanna eile), Clann Shíomóin (Baile Átha Cliath, Corcaigh, Gaillimh agus Dún Dealgan), Iontaobhas Uíbh Eachach, Focus Ireland (i mBaile Átha Cliath), &rl. I gceantar Bhaile Átha Cliath cuireann Bardas Átha Cliath agus Údarás Sláinte Réigiúnach an Oirthir chomh maith cóiríocht ar fáil.
Cóiríocht i dTithe Leaba agus Bricfeasta
Nuair a bhíonn riachtanais phráinneacha cóiríochta ag duine nó ag teaghlach gan dídean, agus nuair nach bhfuil aon chóiríocht oiriúnach le fáil sna brúnna, tig leo bheith tarchurtha ag údarás áitiúil, ag bord sláinte, nó a leithéidí go cóiríocht leaba agus bricfeasta, go dtí gur féidir measúnú níos doimhne a dhéanamh ar a gcuid riachtanais agus roghanna.
Cóiríocht Phríobháideach ar Cíós
Glactar le cóiríocht oiriúnach phríobháideach ar cíos mar rogha do dhaoine gan dídean i gcásanna áirithe.
Cóiríócht d'Íospartaigh Foréigin Teaghlaigh
Cuireann boird sláinte agus comhlachtaí deonacha cóiríocht ar fáil go spesialta le haghaidh íospartaigh foréigin teaghlaigh. Beidh sonraí ag an mBord Sláinte áitiúil faoi na seirbhísí agus an chóiríocht atá le fáil sa cheantar.
