Tá tú anseo: Baile > Na Seirbhísí > Tithíocht > Iasachtaí Údaráis Áitiúil

Eolas Gaolmhar

Munar féidir leat an t-eolas atá uait a fháil

 

 

 

Iasachtaí Údaráis Áitiúil


Iasachtaí údaráis áitiúil do cheannach agus feabhsúcháin tithe

Muna féidir leat morgáiste a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta etc. chun teach a cheannach nó a thógáil, d’fhéadfá a bheith i dteideal iasachta ó d’údarás áitiúil.

An gCáillím?

Más féidir leat a thaispeáint don údarás áitiúil nach bhfuil tú in ann iasacht a fháil ó bhanc nó ó chumann foirgníochta, nó má tá tú:
i ngátar tí agus go sásaíonn d’ioncam an scrúdú ioncaim thíos, nó
má cheadaigh an t-údarás áitiúil d’iarratas maidir le tithíocht údaráis áitiúil, nó más tionónta údaráis áitiúil tú nó tionónta ceannaigh ar mian leat teach príobháideach a cheannach agus do theach reatha a thabhairt ar lámh don údarás áitiúil, nó má tá tú i do thionónta ar feadh tréimhse níos faide ná bliain i dteach a sholáthraigh comhlacht deonach faoin Scéim Foirdheontas Cíosa agus má thugann tú do theach reatha ar lámh don chomhlacht deonach.

Cén chaoi a gcuirtear an scrúdú ioncaim i bhfeidhm?

Teaghlaigh le hioncam amháin


Méadaigh d’ollioncam sa bhliain chánach dheiridh (roimh cháin) fá 2.5. Más €79,359 nó níos lú an toradh, tá tú i dteideal iasachta.

Teaghlaigh le dhá ioncam

Méadaigh an t-ollioncam (roimh cháin) ón bpríomhshaothraí (saothraí is mó) sa bhliain chánach dheiridh fá 2.5 agus suimigh leis an ollioncam ón bhfoshaothraí (saothraí is lú) sa bhliain chánach dheiridh. Más €79,359 nó níos lú an toradh, tá tú i dteideal iasachta. 

Cén costas a bheidh ar na haisíocaíochtaí?

Tá an ráta úis ar iasachtaí ceannaithe tithe údaráis áitiúil athraitheach (.i. téann sé suas agus síos) ag brath ar ghluaiseachtaí i rátaí úis athraitheacha na gcumann foirgníochta. Is é an ráta úis reatha (Eanáir 2001) ná 6.00% (APR tipiciúil ná 6.17%). An aisíocaíocht ag an ráta úis seo ná €9.23 in aghaidh na míosa thar tréimse 20 bliain ar gach €1,270 a tógadh ar iasacht. Anuas ar sin, gearrtar costas (0.67% faoi láthair) le haghaidh árachas um chosaint morgáiste chun leas an teaghlaigh a chosaint agus an morgáiste a íoc sa chás is go bhfaigheadh an t-iasachtaí nó céile an iasachtaí bás.

Teagmháil:

An Rannóg Tithíochta

Fón: (094) 9024444
Ríomhphost:housing@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 a.m. go dtí 1:00 p.m. agus 2:00 p.m. go dtí 4:30 p.m.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.