Tús-choiste Socheacnamaíoch Mhaigh Eo
Tá plean foilsithe ag an rialtas le déanaí dar teideal “Tús Áite do na Daoine” chun athchóiriú a dhéanamh ar Údarás Áitiúil in Éirinn.
Mar chuid den phlean seo tá Coiste Socheacnamaíoch (CS) le bunú i ngach ceantar Údaráis Áitiúil sa tír. Tiocfaidh na coistí seo isteach in áit na mBord Forbartha Contae atá ann faoi láthair, agus beidh ina mbaill díobh ionadaithe ó údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí eile stáit, grúpaí áitiúla forbartha agus leasa pobail, an tsochaí shibhialta, agus comhpháirtithe eacnamaíocha agus sóisialta. Beidh réimse leathan cúramaí ar an SC ag plé le forbairt shóisialta, eacnamaíoch agus pobail áitiúil an chontae.
Tá obair ar bun faoi láthair chun coistí píolótacha, nó “Túschoistí” Socheacnamaíocha a chur ar bun i roinnt contaetha, Maigh Eo san áireamh. Tá Treoracha Feidhmiúcháin agus Téarmaí Tagartha faoilsithe anois ag an Roinn Comhshaoil, Pobail agus Údaráis Áitiúil i gcomhair na dTúschoistí Socheacnamaíocha seo, agus tá siad ar fáil le léamh ar shuíomh idirlín Chomhairle Contae Mhaigh Eo (www.mayococo.ie) ach gliogáil ar an nasc a leanas: http://www.mayococo.ie/ga/NaComhairli/CoistiSocheacnamaiocha/
Mar chuid de phróiseas comhairliúcháin tá aighneachtaí nó moltaí á lorg ó eagraíochtaí, grúpaí nó daoine leasmhara maidir leis na ceisteanna tosaíochta, na gnéithe ar chóir díriú orthu agus ar bhallraíocht Choiste Socheacnamaíoch Mhaigh Eo.
Ba chóir aighneachtaí a chur ar aghaidh chuig Stiúrthóir Seirbhísí, Forbairt Chomhtháite agus Phobail, Comhairle Contae Mhaigh Eo, nó tríd an ríomhphost chuig: dce@mayococo.ie faoin gCéadaoin, 7 Lúnasa 2013.
John Mc Hale,
Rúnaí Gníomhach an Chontae
Comhairle Contae Mhaigh Eo.