Mayo County Council logo

Leatóirí Grin amuigh le linn an Teaspaigh

Bitumen

D’fhéadfadh na leoraithe leata grin a bheith ag bualadh bóthair i Maigh Eo agus na bóithre i mbaol a leáite le linn na haimsire te seo. Radharc coitianta le linn Ollphéist an Oirthir ba ea na leatóirí grin, ach is cosúil go bhfuil siad áisiúil i rith an tsamhraidh chomh maith. 

Tá sé fógartha ag Comhairle Contae Mhaigh Eo go bhfuil na leoraithe leata grin réidh le dul amach chun déileáil le bóithre atá ag leá faoi scaladh na gréine. I bhfógra eisithe ag an gComhairle, dúradh: “Tá ár gcuid leoraithe le leatóirí grin ar an gcomhla chúil acu suite sna stáisiúin lasta agus réidh le dul amach má theastaíonn siad le linn an teaspaigh seo.   “Tá aimsir the geallta do na seachtainí amach romhainn, le teochtaí aeir ag sárú 30 céim in áiteanna. D’fhéadfadh ár leatóirí grin a bheith ag teastáil sna cúinsí seo, agus ba mhaith linn réamhfhógra a thabhairt do dhaoine ionas go mbeidh a fhios acu céard atá ar bun acu.

Tá roinnt bóithre ag éirí níos boige cheana féin, agus ní mór do thiománaithe a stíl tiomána a chur in oiriúint do na cúinsí sin, a luas a mhaolú agus achar níos faide a fhágáil chun stopadh. 

Cén tionchar a bheidh ag an aimsir the ar na bóithre? “Nuair atá an ghrian ag taitneamh ar feadh tamaill, d’fhéadfadh an biotúman ar na bóithre éirí i bhfad níos boige ná mar is gnáth, agus bíonn tionchar aige seo ar an gcaoi a dtiománann daoine ar na bóithre.

 “Ní airíonn 30 chéim ró-the dúinne (cé go mbeidh éileamh ar uachtar reoite lena linn), ach coinníonn na bóithre an teas, rud dhéanann beagnach 20 céim níos teo arís iad. Athraíonn struchtúr na mbóithre dá bharr, agus bíonn an cuma orthu go bhfuil siad ag leá.

Tuige leatóirí grin mar sin? Nach le haghaidh an gheimhridh amháin iad? “Agus an teaspach faoi lán seoil i gcónaí, tá ár leoraithe leata grin réidh le dul amach agus dusta ó chlocha meilte a leathadh – seift a úsáidtear go minic chun dromchla neamhghreamaitheach a chruthú agus dochar do na bóithre a mhaolú. “Coinnigh sábháilte ar na bóithre agus tóg go réidh é chun coscánú géar a sheachaint.” 



Posted: 28/06/2018
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

  More Mayo County Council and Local Government Websites