As seo amach beidh na tairiscintí ar fad ar fáil ó www.etenders.gov.ie amháin (nasc seachtrach)
Breathnaigh ar liosta na dtairiscintí reatha atá ag Comhairle Contae Mhaigh Eo (nasc seachtrach go suíomh idirlín eTenders.gov.ie).
Is bealach fíoréifeachtach é chun tairiscintí a fhoilsiú a fheileann do sholáthraithe agus don státseirbhís araon. Dearadh an suíomh ar bhealach atá comhsheasmhach, cruinn, agus éasca le húsáid. Cuireadh rannóg chuimsitheach cabhrach leis chun cuidiú le daoine arb é an chéad uair dóibh an suíomh a úsáid. Is taisce lárnach é do na deiseanna ar fad a bhaineann le Rialtas na hÉireann.
Ón 1 Bealtaine 2002 ní bheidh Comhairle Contae Mhaigh Eo ach ag fógairt teidil a tairiscintí sna nuachtáin náisiúnta agus áitiúla. Chun na sonraí ar fad a fháil ar thairiscint, beidh ort breathnú ar www.etenders.gov.ie.
Tá an suíomh seo á riaradh agus á choinneáil ag Millstream Associates thar ceann na Roinne Airgeadais. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Millstream mar a leanas:
Fón: 01 617 7944
Facs: 44 1224 636997
Post: eTenders Support
Millstream Associates Limited
4 Albert Street, Aberdeen, Scotland,
AB25 1XQ
(Document)
Eolas do Sholáthraithe: Eolas faoi shuíomh idirlín eTenders agus an modh reatha a úsáidtear chun glacadh le tairiscintí.
Formats Available: