Pleanáil: Conas SPSS a úsáid
Treoir Mhearthagartha don Chóras Féinseirbhíse Réamhphleanála (SPSS)
Fíorthábhachtach: Beidh ort bacanna míreanna aníos a dhíchumasú don suíomh idirlín seo chun breathnú ar do thuairisc.
Lean na treoracha seo a leanas chun an córas a úsáid:
- Aimsigh an láithreán
forbraíochta atá beartaithe agat ar an léarscáil.
- Cén chaoi a n-aimseoidh mé mo láithreán ar an léarscáil?
- Is féidir leat an próiseas a thosú as an nua arís ag am ar bith ach an nasc ‘Restart’ sa chúinne uachtair ar dheis (díreach faoin rialaitheoir scála) a bhrú.
- Gliogáil ar an gcnaipe ‘Digitise/Draw Site Boundary’.
- Línigh teorainn do láithreáin trí ghliogáil ar chúinní an láithreáin atá beartaithe agat le do luchóg.
- Chun imlíne do theorann a “dhúnadh” (.i. chun tús agus deireadh na himlíne a cheangal), gliogáil ar dheis den luchóg.
- Brúigh an cnaipe “Submit”.
- Gliogáil “Ok” sa bhosca a nochtar a fhiafraíonn díot ar mhaith leat iarratas a dhéanamh.
- Breathnaigh ar do thuairisc
(molaimid cóip a phriontáil duit féin).
- Más rogha leat: cuir do sheoladh ríomhphoist ar fhoirm na tuairisce agus brúigh an cnaipe "Send".
- Chun breathnú ar do
thuairisc ar an athuair, gliogáil ar an nasc a seoltar chugat sa ríomhphost,
nó breac uimhir do thuairisce agus do phasfhocal isteach sa chóras arís.
- Brúigh ar an gcnaipe “Search” ar an bhfoirm, líon isteach na sonraí, agus brúigh an cnaipe “Search”.
- Cén chaoi ar féidir liom breathnú ar mo thuairisc ar an athuair?
- Beir leat cóip den tuairisc
má théann tú chuig cruinniú réamhphleanála,.
- Céard is cruinniú réamhphleanála ann?
- Cén uirlisí eile atá ar
fáil sa chóras?
- Is féidir leat oibiachtaí ar an léarscáil a nochtadh nó a cheilt.
- Taispeántar imlíne do láithreáin agus fad na línte éagsúla.
- Taispeántar oibiachtaí agus a maoláin atá gar do do láithreán sa tuairisc.
- Taispeántar uimhreacha iarratais phleanála ón gceantar céanna a rinneadh le déanaí.
- Tugtar naisc sa tuairisc chuig na codanna ábhartha de Phlean Forbartha an Chontae.
Cén chaoi a n-aimseoidh mé mó láithreán ar an léarscáil?
Tá ceithre bhealach ann chun an láithreán forbraíochta atá beartaithe agat a aimsiú ar an léarscáil (breathnaigh ar an bpictiúr thíos): A) scála na léarscáile a athrú, B) ainm do bhaile fearainn a chuardach, C) gliogáil ar an léarscáil, agus D) gliogáil ar fhráma na léarscáile.
Más eol duit ainm an bhaile fearainn a bhfuil do láithreán forbraíochta lonnaithe ann, ní gá ach ainm an bhaile fearainn sin a bhreacadh isteach sa bhosca téacs – atá léirithe thíos mar 'B' – agus an cnaipe “Search” a bhrú. Liostófar na bailte fearainn ar fad den ainm sin ag bun an scáileáin. Gliogáil ar an nasc chuig do bhaile fearainn féin ón liosta ag bun an leathanaigh, agus díreofar an léarscáil ar do bhaile fearainn féin. Is féidir leat gliogáil ar fhráma na léarscáile (D), nó gliogáil ar an léarscáil féin chun do shuíomh a lárnú san fhuinneog.
Is féidir leat gliogáil ar an léarscáil féin chomh maith. Nuair a ghliogálann tú áit ar bith ar an léarscáil déanfar an fhuinneog a zúmáil isteach leibhéal amháin agus díreofar ar an áit ar ghliogáil tú. Chun dul chomh fada le do láithreán forbraíochta, níl le déanamh agat ach gliogáil chomh gar agus is féidir leat don suíomh ar gach leibhéal nó go mbeidh tú ag an léarscáil is mionsonraithe agus tú ag féachaint ar aerfótagraf den láithreán forbraíochta atá beartaithe agat. Beidh a fhios agat go bhfuil tú ag an leibhéal zúmála is mionsonraithe nuair a bheidh an bosca scála ar thaobh na láimhe deise gorm. Ina theannta sin, má ghliogálann tú ar an léarscáil agus tú ag an leibhéal zúmála is mionsonraithe, déanfar an léarscáil a athlárnú ach ní ní zúmálfar isteach a thuilleadh.
Is fearr an dá rogha deiridh maidir le an láithreán a aimsiú ar an léarscáil a úsáid chun mionchoigeartú a dhéanamh ar shuíomh ag an deireadh. Is féidir leat an léarscáil a scrollú ocht dtreo trí ghliogáil ar fhráma na léarscáile (imeall na príomhléarscáile, léirithe mar D) Is féidir leat scála na léarscáile a athrú trí ghliogáil ar an mbosca in aice leis an scála a theastaíonn uait istigh faoi "Map Tools" (léirithe mar A). Tig leat zúmáil isteach nó amach go sciobtha leis seo. Nuair a bhaineann tú úsáid as an uirlis scála seo, fanann an léarscáil lárnaithe i gcónaí ar an áit chéanna agus ní athraíonn ach scála nó leibhéal na zúmála.
Cá bhfuil an cnaipe (chun teorainn mo láithreáin a líniú)?
Chun teorainn do láithreáin a líniú, brúigh an cnaipe "Digitise/Draw Site" (a bhfuil ciorcal timpeall air sa phictiúr thíos).
A luaithe is a ghliogálann tú ar an gcnaipe raidió seo athraíonn an cúrsóir agus tig leat teorainn do láithreáin a líniú.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé teorainn mo láithreáin a líniú?
Cén chaoi a ndéanfaidh mé teorainn mo láithreáin a líniú?
Chun teorainn do láithreáin a líniú, brúigh an cnaipe "Digitise/Draw Site" (a bhfuil ciorcal timpeall air sa phictiúr thíos).
A luaithe is a ghliogálann tú ar an gcnaipe raidió seo athraíonn an cúrsóir agus tig leat teorainn do láithreáin a líniú.
Chun do láithreáin a líniú, cuir cúrsóir do luchóige ar cheann de na “cúinní” ag do láithreán agus gliogáil ar chlé den luchóg. Cruthóidh sé seo pointe tosaigh duit do theorainn do láithreáin. Bog cúrsóir do luchóige chuig an chéad chúinne eile den láithreán agus gliogáil ar chlé arís. Tarraingeoidh sé seo líne idir an pointe tosaigh agus an pointe nua seo. Lean ar aghaidh ar an gcaoi seo go dtí go bhfuil tú réidh chun an teorainn a dhúnadh. D’fhéadfadh cruth ar bith a bheith ar do láithreán, agus is féidir leat a mhéad línte imill agus is mian leat a chur leis.
Nuair a bhíonn tú réidh chun an teorainn a dhúnadh, gliogáil ar dheis den luchóg. Tarraingeoidh sé seo líne idir an pointe deireanach a chruthaigh tú agus an pointe tosaigh. Tabhair faoi deara go n-athraíonn dath imlíne an láithreáin ó dhearg to gorm leis seo, rud a léiríonn go bhfuil sé dúnta/críochnaithe.
Má tá an teorainn mícheart agat, níl le déanamh ach gliogáil ar an gcnaipe “Clear” agus an láithreán a tharraingt arís.
Brúigh ar an gcnaipe “Submit” anois (atá suite beagán os cionn agus ar dheis an chnaipe raidió “Digitise/Draw”).
Nochtfar teachtaireacht ar an scáileán á fhiafraí díot ar mhaith leat tuairisc a fháil don láithreán seo. Gliogáil ar “Ok” chun leanúint ar aghaigh agus do thuairisc a fháil.
Cá bhfuil an cnaipe “Submit” (chun mo thuairisc a chruthú)?
Tá an cnaipe “Submit” istigh sa chiorcal atá lérithe sa phictiúr thíos.
Cén chaoi ar féidir liom breathnú ar mo thuairisc ar an athuair?
Tá dhá bhealach ann chun do thuairisc a fheiceáil ar an athuair. Is é an bealach is éasca lena dhéanamh ná do sheoladh ríomhphoist a bhreacadh isteach san fhoirm ar bharr do thuairisce, agus gliogáil ar “Send”. Cuirfidh an córas nasc chugat i ríomhphost ansin, agus má ghliogálann tú air osclaítear do thuairisc duit.
Ag barr do thuairisce feicfidh tú go bhfuil “Report Number” agus “Password” sonraithe ann. Chun breathnú ar thuairisc ar an athuair, téigh chuig an bpríomhleathanach agus brúigh an cnaipe raidió "Search" (breathnaigh ar an bpictiúr thíos). Osclaítear boscaí téacs leis seo, áit a mbreacann tú isteach Uimhir do Thuairisce agus an Pasfhocal a bhí ar bharr do thuairisce. Osclófar do thuairisc duit ansin.
Molaimid go láidir cóip de do thuairisc a phriontáil le coinneáil le do nótaí féin agus le breith leat chuig aon chruinniú réamhphleanála a d'fhéadfadh a bheith agat le do phleanálaí. Beidh sé i bhfad níos éasca don phleanálaí an láithreán atá díreach i gceist agat a aithint má bhíonn an tuairisc seo leat.
Céard is Cruinniú Réamhphleanála ann?
Socraítear cruinnithe réamhphleanála chun deis a thabhairt do dhaoine atá ag cuimhneamh ar iarratas a dhéanamh ar chead pleanála an fhorbairt atá beartaithe acu a phlé i dtús báire le pleanálaí. Eagraítear na cruinnithe seo ar bhonn 'siúl isteach'. Breathnaigh ar áiteanna agus ar sceideal na gcruinnithe réamhphleanála.
Cén uirlisí eile atá ar fáil?
- Is féidir oibiachtaí ar an léarscáil a nochtadh agus a cheilt.
- Taispeántar imlíne do
láithreáin agus fad na línte éagsúla.
Bíonn siad seo le feiceail díreach os cionn an chnaipe raidió “Digitise” agus an láithreán á dhigitiú agat. - Taispeántar oibiachtaí agus
a maoláin ata gar do do láithreán sa tuairisc.
Nuair a chruthaítear do thuairisc seans go dtabharfaidh tú línte agus ciorcail théalghorma in aice le do láithreán. Seo iad na maoláin atá ag na oibiachtaí éagsúla ar sonraíodh i do thuairisc iad (séadchomharthaí, bóithre, agus bailte fearainn mar shampla). - Taispeántar uimhreacha
iarratais phleanála ón gceantar céanna a rinneadh le déanaí.
Bíonn siad seo liostáilte mar chuid den tuairisc. Seans gur mhian leat breathnú ar na hiarratais seo ar líne go bhfeicfidh tú na cineálacha forbartha ar faomhadh iad nó ar diúltaíodh dóibh i do cheantar féin. - Tugtar naisc sa tuairisc
chuig na codanna ábhartha de Phlean Forbartha an Chontae.
Bíonn cuid na na míreanna sonraithe ar do thuairisc ró-chasta chun an téacs iomlán a bhaineann leo a léiriú sa tuairisc féin. Chun rudaí a éascú duit féin, chuireamar naisc sa tuairisc chuig na codanna ábhartha de Phlean Forbartha an Chontae, ionas go mbeidh tú in ann teacht ar an eolas ar fad a bhaineann leat gan an plean a léamh ina iomlán. Bíonn nasc ó gach ceann de na codanna seo chuig cóip iomlán de Phlean Forbartha an Chontae ionas go mbeidh sé éasca teacht ar an gcáipéis ina hiomlán.
