PL1 Treoir do Chead Pleanála
(Document)
Treoir shimplí atá sa bhileog seo, chun go dtuigfidh tú an córas pleanála. B’fhéidir gur mhaith leat teach a thógáil duit féin, nó cur leis, nó b’fhéidir go bhfuil forbairt ar siúl sa chomharsanacht a d’fhéadfadh cur isteach ort. Pé scéal é, ba mhaith leat a fhios a bheith agat conas a fheidhmíonn an córas pleanála.
Formats Available:
PL10 Achomharc Pleanála a Dhéanamh
(Document)
Tá próiseas cuimsitheach achomhairc ina chuid den chóras pleanála Faoin bpróiseas sin, is féidir athbhreithníu neamhspleách a fháil ón mBord Pleanála, maidir le cinneadh ar bith a dhéanann údarás pleanála.
Formats Available:
PL11 Treoir do na Rialacháin Fhoirgníochta
(Document)
Tá treoir shimplí sa bhileog seo, chun tusicint a fháil ar an gcóras rialaithe tógála, a bhaineann le dearadh agus le tógáil foirgintí nua, le fairsingithe agus le hathruithe ábhartha a dhéanamh ar fhoirgintí atá ann cheana, nó athruithe áirithe ar an úsáid a bhaintear astu.
Formats Available:
PL12 Treoir don Oidhreacht Ailtireachta
(Document)
Treoir phraiticiúil atá sa bhileog seo, chun go dtuigfidh tú an chosaint a thugtar do struchtúir lena mbaineann luach inspéise ar leith ailtireachta, staire, seandálaíochta, ealaíne, eolaíochta, sóisialta nó teicniciúil, faoi na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001- 2003.
Formats Available:
PL13 Seandálaíocht sa Phróiseas Pleanála
(Document)
Tá an bhileog seo mar threoir do thuiscint na nósanna imeachta a bhaineann le beartú saothair fhorbartha a d’fhéadfadh tionchar a fheidhmiú ar ár n-oidhreacht seandálaíochta. Tá sí ceaptha mar threoir phraiticiúil agus ní mar léirmhíniú dlíthiúil ar an reachtaíocht dá dtagraítear.
Formats Available:
PL3 Tuairimíocht ar Iarratas Pleanála a chur in iúl
(Document)
Imríonn an córas pleanála ról tábhachtach sa sochaí seo againne, trí chabhrú linn an chuid is fearr a dhéanamh dár gcuid acmhainní agus trí chomhshaol agus oidhreacht ár mbailte, ár gcathracha agus ár dtuaithe a chaomhnú, agus trína chinntiú, san am céanna, gur féidir dul ar aghaidh le forbairtí riachtanacha fiúntacha.
Formats Available:
PL4 Teach a Thógáil – Na Ceisteanna Pleanála
(Document)
Leagtar amach sa bhileog seo na príomhchúiseanna pleanála atá le cur san áireamh agus teach á thógáil. Mar threoir phraiticiúil amháin a cuireadh an bhileog seo ar fáil. Níl léirmhíniú anseo ar dhlí na pleanála. Is féidir leat breis eolais a fháil ón údarás áitiúil pleanála a bhaineann leatsa.
Formats Available:
PL5 Obair a dhéanamh thart faoin Teach – Na Ceisteanna Pleanála
(Document)
Tá cur síos sa bhileog seo ar na príomhcheisteanna pleanála le linn obair a dhéanamh thart faoi theach – fairsingiú tí, mionoibreacha, srl. Mar threoir phraiticiúil amháin a cuireadh an bhileog seo ar fáil. Níl léirmhíniú anseo ar dhli na pleanála. Is féidir leat breis eolais a fháil ón údarás áitiúil pleanála.
Formats Available:
PL6 Talmhaíocht agus Forbairt Feirme – na Ceisteanna Pleanála
(Document)
Treoir shimplí i gcomhair feirmeoirí atá sa bhileog seo, ina ndéantar cur síos ar na príomhghnéithe den chóras pleanála is dóichí a chasfar orthu. Mar threoir amháin phraiticiúil amháin a cuireadh an bhileog seo ar fáil. Níl léirmhíniú anseo ar dhlí na pleanála. Is féidir leat breis eolais a fháil ón údarás pleanála áitiúil.
Formats Available:
PL7 Pleanáil do Lucht Gnó
(Document)
Leagtar amach sa bhileog seo na príomhcheisteanna pleanála a chasfar ar lucht gnó.
Formats Available:
PL8 An Plean Forbartha
(Document)
Mínítear sa bhileog seo cad atá sa phlean forbartha, conas a bhaineann sé leatsa, conas a dhéantar é agus cén tionchar is féidir a bheith agat air.
Formats Available:
PL9 Measúnacht Tionchar Timpeallachta
(Document)
Treoir shimplí í an bhileog seo ar Mheasúnacht Tionchar Timpeallachta (EIA) sa chóras pleanála. Cuirtear an bhileog seo ar fáil mar threoir phraiticiúil d’oibriú na nósanna imeachta a thagann i bhfeidhm i gcás go mbíonn Ráiteas Tionchar Timpeallachta (EIS) ag teastáil mar chuid d’iarratas pleanála. Níl léirmhíniú anseo ar dhlí na pleanála áitiúil a bhaineann leatsa.
Formats Available:
Sraith Bileoga na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil
Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.
