Tá tú anseo: Baile > Pleanáil > Pleananna Forbartha & Pleananna Ceantair Áitiúil > Straitéis um Fuinneamh In-athnuaite

Straitéis um Fuinneamh In-athnuaite


Ag Déanamh Aighneachta


Mar chéad chéim i Straitéis um Fuinneamh In-athnuaite na Comhairle a réitiú, tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo tar éis Plépháipéar a ullmhú ar Fhuinneamh In-athnuaite.

Tá sé beartaithe go mbreathnófar ar an Straitéis um Fuinneamh In-athnuaite mar mhúnla de chleachtas dea-phleanála agus bainistíochta, ag cur le forbairt fuinnimh in-athnuaite ins an Chontae agus níos faide ó bhaile.

Beidh fáil ar an bPlépháipéar i gcóir a scrúdaithe ón 16ú Márta 2010 go dtí an 19ú Aibreáin 2010 ag Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh, na hOifigí Ceantair ag Clár Chlainne Mhuiris, Béal Átha na Muice,  Baile an Róba agus Béal an Mhuirthead, agus ag Oifigí Cathartha Bhéal an Átha, Chaisleán an Bharraigh agus Chathair na Mart ó 9.00 r.n. go 1.00 i.n. agus 2.00 i.n. go 5.00 i.n., Luan go hAoine, ag leabharlann bhrainsí Mhaigh Eo uilig, le linn gnáth uaireanta oibre, agus ar an leathanach seo.

Tá aighneachtaí ón bpobal á lorg ag Comhairle Chontae Mhaigh Eo ar cheisteanna agus ábhair a mheasann sibh gur chóir tabhairt fúthu san Straitéis um Fuinneamh In-athnuaite.

Ba chóir aighneachtaí scríofa a chur ar aghaidh chuig Wayne Lynch, An Rannóg um Pleanáil Chun Cinn, Comhairle Chontae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo nó tré r-phost chuig la21@mayococo.ie

Is é Dé Luain, 19ú Aibreáin 2010 an dáta deiridh a nglacfar le haighneachtaí.