Pleanáil: Cruinnithe Réamhphleanála

Cruinnithe Réamhphleanála
Is í an aidhm atá leis na clinicí ná cuidiú le daoine a bhfuil iarratas pleanála deánta acu nó daoine a bhfuil sé ar intinn acu iarratas a dhéanamh, agus a bhfuil ceisteanna acu. Má tá tú nua ag an bpróiséas pleanála nó más custaiméir tú atá ag filleadh orainn, molaimid duit freastal ar chruinniú réamhphleanála sula ndéanfaidh tú iarratas.
Ní gá aon choinne a dhéanamh roimh ré chun úsáid a bhaint as an tseirbhís.
Nóta: Freastail ar an gclinic sa Toghcheantar a bhfuil sé ar intinn agat Cead Pleanála a lorg ann (.i. sa Toghcheantar ina bhfuil do shuíomh).
Beidh clinicí pleanála á reáchtáil ag Comhairle Contae Mhaigh Eo sna háiteanna seo a leanas idir 9.90 a.m. agus 12.30 a.m. gach Céadaoin:
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Áras an Chontae, Caisleán an Bharraigh
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Plás Arran, Béal an Átha.
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Bhaile an Róba, Cathair na Mart
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar an tSéipéil, Béal an Mhuirthead
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Chill Mheáin, Baile an Róba
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar Bhéal Átha hAmhnais, Clár Chlainne Mhuiris
- Comhairle Contae Mhaigh Eo, Bóthar an Stáisiúin, Béal Átha na Muice
Teagmháil:
An Rannóg Pleanála
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
NÓTA: Nuair is féidir, tabhair d’Uimhir Thagartha Pleanála .i. P05/1234 nó d’Uimhir Thagartha Réamhphleanála .i. Pl.16.001
Feic Teagmhálacha Pleanála Áitiúla (pdf)
Fón: (094)9047204, FACS: 094 – 9021694
Ríomhphost:planning@mayococo.ie
9:00 a.m. go dtí 1:00 p.m. agus 2:00 p.m. go dtí 5:00 p.m.
