Tras-scríbhinn: Fógraí Riachtanacha Poiblí agus Tuilleadh Eolais
Céard atá i gceist le fógra poiblí?
Seo a leanas aistriúchán ar thras-scríbhinn an fhíseáin. Tá an bunleagan Béarla ar fáil anseo.
Ní mór duit fógra a thabhairt don phobal ar do mholadh coicís sula leagann tú iarratas isteach. Ní mór an pobal a chur ar an eolas faoi toisc go bhfuil sé de cheart acu aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an iarratas. Ní mór don iarratasóir fógra a dhéanamh don phobal ar an dá slí a leanas:
- Fógra a fhoilsiú i nuachtán a dhíoltar go háitiúil Is iad seo a leanas na nuachtáin a bhfuil sé údaraithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo iarratas pleanála a fhógairt iontu: Western People, Connaught Telegraph, Mayo News, Evening Herald agus an Irish Independent (breathnaigh ar an liosta iomlán ar an suíomh idirlín)
agus
- Fógra láithreáin a chur in airde. Ní mór don fhógra seo a bheith ar ábhar marthanach síondíonach. Ní mór é a chur in airde in áit fheiceálach ar an talamh nó foirgneamh nach gceilfear am ar bith é. Nuair a bhíonn breis is bealach isteach amháin ar láithreán beidh tuilleadh fógraí láithreáin ag teastáil. Ní mór d’fhógra láithreáin a bheith ar mhéid A4 agus é priontáilte i ndúch doscriosta ar chúlra bán. Má dhéanann tú iarratas ar chead pleanála i gcomhair forbairt eile ar an láithreán céanna laistigh de thréimhse 6 mhí ón gcéad iarratas, ní mór don fhógra láithreáin a bheith ar pháipéar buí.
Céard ba chóir a bheith sna fógraí nuachtáin agus láithreáin?
Ní mór ainm an iarratasóra a bheith luaite ann, an cineál ceada atá á lorg acu, mar aon le sonraí i dtaobh chineál agus mhéid na forbartha atá molta. Ní mór suíomh, baile fearainn, nó seoladh poist an láithreáin lena mbaineann an t-iarratas a thabhairt le fios sna fógraí. Tá sonraí iomlána i leith an eolais atá le bheith sna fógraí seo leagtha amach sna nótaí míniúcháin ag na foirmeacha iarratais. Tabharfaidh an t-údarás pleanála foirm fógra láithreáin duit ar a dtugtar le fios na sonraí ar fad atá le lua ar fhógra láithreáin.
Céard iad na ceisteanna ar chóir dom a chur ort féin sula leagaim isteach iarratas?
- An dteastaíonn comhairle an údaráis phleanála uaim i dtaobh mo mholta nó i dtaobh an phróisis iarratais?
- An bhfuil iarratas á dhéanamh agam ar an gcineál ceart ceada .i. le haghaidh cead iomlán nó cead imlíneach?
- An bhfuil an fhoirm iarratais comhlánaithe i gceart agam?
- An bhfuil na doiciméid uile chuí curtha faoi iamh agam, an líon ceart acu ann, agus na sonraí ar fad a theastaíonn líonta isteach orthu?
- An bhfuil an táille chuí íoctha agam?
- An gcloíonn an fógra nuachtáin seo agam leis na Rialacháin ar fad? Ar foilsíodh i nuachtán faofa é agus laistigh den teorainn ama?
- An gcloíonn an fógra láithreáin seo agam leis na Rialacháin? Ar cuireadh in airde laistigh den teorainn ama é agus an bhfuil sé san áit cheart?
- An bhfuil an t-eolas ar fad atá riachtanach curtha faoi iamh agam (.i. an gá dom torthaí na dtrialacha síothlaithe i gcomhair umar seipteach a leagan isteach?)
- An bhfuil aon riachtanais phleanála eile ann a gcaithfidh mé cloí leo? (deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán nó cead ceangailte le séarach poiblí mar shampla)
Tuilleadh eolais
Is féidir leis an údarás pleanála fógra scríofa a sheoladh chuig an iarratasóir agus an méid a leanas a éileamh uaidh laistigh d'ocht seachtaine ón dáta a fuarthas an t-iarratas pleanála:
- Tuilleadh eolais de shaghas ar bith a sholáthar a mheasann an t-údarás pleanála a bheith riachtanach chun gur féidir leo déileáil leis an iarratas pleanála (pleananna, léarscáileanna, líníochtaí nó eolas ar bith maidir le leas duine i bpíosa talún nó an ceart atá acu air san áireamh).
NÓ
- Fianaise a sholáthar i leith aon chuid de na sonraí nó eolas a luaitear san iarratas féin nó a bhaineann leis an iarratas chun gur féidir leis an údarás pleanála na sonraí seo a fhíorú.
Mura gcuirtear an t-eolas breise seo faoi bhráid an údaráis phleanála laistigh de 6 mhí ón dáta a iarradh an t-eolas seo, tarraingeofar siar an t-iarratas.
Nuair a fhaigheann an t-údarás pleanála breis eolais, agus nuair a mheastar go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis an eolas seo, tógfaidh an t-údarás pleanála na céimeanna a leanas:
- Cuirfidh siad an scéal in iúl do na forais ábhartha (Rannóg na mBóithre, an Chomhshaoil, na Seirbhísí Uisce srl.) mar aon le cóip den eolas breise
- Cuirfidh siad aon duine a chuir aighneacht nó tuairim in iúl maidir leis an iarratas pleanála ar an eolas a luaithe agus is féidir i ndiaidh dóibh an t-eolas breise a fháil.
