Tá tú anseo: Baile > Pleanáil > Treoracha Pleanála agus Físeáin Teagaisc > Físeáin Teagaisc > Tras-scríbhinn: Pleananna, Líníochtaí, Doiciméid

Eolas Gaolmhar

Tras-scríbhinn: Pleananna, Líníochtaí, Doiciméid


Céard iad na doiciméid a chaithfidh mé leagan isteach?


Seo a leanas aistriúchán ar thras-scríbhinn an fhíseáin.  Tá an bunleagan Béarla ar fáil anseo.

Braitheann na doiciméid a theastaíonn i gcomhair iarratais ar chead pleanála ar an gcineál forbartha atá i gceist. Ní mór dóibh a thaispeáint, go soiléir is go sonrach, na moltaí atá agat don fhorbairt, an chuma a bheidh ar an bhforbairt agus í críochnaithe, agus an chaoi a réiteoidh sí leis an láithreán, le foirgnimh agus réadmhaoin thadhlacha srl. Tá seans ann go mbeidh ort torthaí an phoill tástála agus na dtrialacha síothlaithe a chur faoi iamh má bhíonn tú chun umar seipteach a chur isteach. Chun cead a fháil i gcomhair cineálacha áirithe forbartha talmhaíochta, seans go mbeidh ort conartha maidir le leathadh eisilteach a leagadh isteach atá sínithe le húinéirí talún. Tig leis an údarás pleanála tuilleadh eolais i leith na ndoiciméad agus na sonraí a bhíonn ag teastáil a thabhairt duit.

De ghnáth, ámh, ní mór duit an méid a leanas a leagan isteach:

  • Leathanach an nuachtáin ar a foilsíodh an fógra;
  • Cóip den fhógra láithreáin a cuireadh in airde;
  • 6 chóip de léarscáil de shuíomh an láthreáin (ar scála nach lú ná 1:1000 i gcás limistéar faoi fhoirgnimh, agus nach lú ná 1:2500 i gcás gach ceantair eile)
  • Plean ar a dtaispeántar an áit bheacht ar an láithreán ar a cuireadh an fógra láithreáin in airde.
  • 6 chóip de phlean leagan amach an láithreáin (ar scála nach lú ná 1:500 é).

Ní mór an scála méadrach a úsáid ar gach léarscáil.

Má bhaineann an fhorbairt le struchtúr faoi chosaint nó le himeachtar foirgnimh a luíonn laistigh de cheantar caomhnaithe ailtireachta, ní mór grianghraif, pleananna agus sonraí eile a leagan isteach a léireofar an tionchar a bheidh ag an bhforbairt ar charachtar an struchtúir.

Céard ba chóir a léiriú ar léarscáil de shuíomh an láithreáin?

Ní mór na nithe a leanas a léiriú ar léarscáil de shuíomh an láithreáin:

  • An talamh atá i gceist agus láithreán na bhfoirgneamh molta, mar aon le teorainn an tsuíomh  léirithe i ndath dearg.
  • Imeall aon talaimh eile máguaird atá faoi úinéireacht an iarratasóra nó an uinéara talún léirithe i ndath gorm, agus imeall na gceadanna slí léirithe i ndath buí.
  • Uimhir bhileoige na léarscáile de chuid na Suirbhéireachta Ordnáis.
  • Pointe an tuaiscirt a bheith léirithe ar an léarscáil
  • Ainm agus seoladh an duine a d’ullmhaigh iad

Céard ba chóir a léiriú ar phlean an tsuímh nó ar phlean dá leagan amach?

Ní mór na nithe a leanas a bheith léirithe ar phlean suímh nó ar phlean leagtha amach:

  • Teorainn an tsuímh a bheith léirithe i ndath dearg
  • Foirgnimh atá ann cheana, bóithre, teorainneacha, umair sheipteacha agus limistéir síothlaithe, tobair thollta, clampaí móra crann, agus aon sainghnéithe eile atá tadhlach nó gar don talamh nó foirgneamh atá i gceist (ar scála nach lú na 1:500 é).
  • Léibhéil nó comhrianta na talún agus an fhoirgnimh mholta, má a bhaineann sé le hábhar.
  • Uimhir bhileoige na Suirbhéireachta Ordnáis má bhaineann sé le hábhar
  • Pointe an tuaiscirt a bheith léirithe ar an léarscáil
  • Ainm agus seoladh an duine a d’ullmhaigh iad

 Céard faoi bhonnchlónna agus líníochtaí eile?

 Ní mór do bhonnchlónna agus líníochtaí eile cloí leis an méid a leanas:

  •  Ní bheidh bonnchlónna, ingearchlónna ná gearrthacha ar scála níos lú na 1:200 (mura bhfuil scála eile faofa ag an údarás pleanála)
  • Ní mór na príomhghnéithe d’aon fhoirgneamh atá tadhlach leis an bhfoirgneamh molta a bheith léirithe ar aon líniocht nó ingearhcló den fhoirgneamh molta ar scála nach lú na 1:200
  • Ní mór aon mholtaí i gcomhair atógáil, athrú nó síneadh a bheith marcáilte go sonrach chun go mbeifear in ann iad a aithint thar fhoirgnimh atá ann cheana.
  • Ní mór na príomhthoisí (airde iomlán san áireamh) a léiriú i bhfoirm figiúirí ar aon bhonnchlónna, ingearchlónna agus gearrthacha de na foirgnimh mholta.
  • Ní mór pointe an tuaiscirt a léiriú ar na léarscáileanna ar fad
  • Léireofar uimhir bhileoige na Suirbhéireachta Ordnáis nuair a bhaineann sé le hábhar
  • Tabharfar le fios ainm agus seoladh an duine a d’ullmhaigh na bonnchlónna agus na líníochtaí.