Eolas Gaolmhar

Pleanáil: Toghcheantair


Toghcheantair


Déantar riaradh ar chúrsaí pleanála i Maigh Eo bunaithe ar an toghcheanar a bhfuil an suíomh ann. Mar shampla, bheadh suíomh atá i gCluain Cearbhán i dToghcheantar Chathair na Mart agus dá bhrí sin, beidh sé faoi chúram Pleanálaí a dhéanann speisialtóireacht sa Toghcheantar sin agus ba chóir freastal ar chruinnithe Réamhphleanála in Oifig Ceantair Chathair na Mart.

Tá sé cinn de Thoghcheantair i Maigh Eo agus tá a Oifig Ceantair féin ag gach Toghcheantar. Tá siad seo i mBéal an Átha, i mBéal an Mhuirthead, i gCaisleán an Bharraigh, i gClár Chlainne Mhuiris, i mBéal Átha na Muice agus i gCathair na Mart.

Ba chóir go gcuideodh an léarscáil seo a leanas leat a dhéanamh amach cé acu Oifig Ceantair ba chóir duit freastal uirthi le haghaidh cruinnithe Réamhphleanála:

County Mayo Electoral Areas 2009

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.