Riachtanais an Fhógra Láithreáin
- Beidh aon fhógra láithreáin scríofa nó priontáilte i ndúch doscriosta ar chúlra bán, daingnithe ar ábhar buan, docht agus daingnithe i gcoinne na droch-aimsire agus cúiseanna eile.
- Beidh aon fhógra curtha suas go daingean nó socraithe ar suíomh feiceálach ar nó in aice an bealach isteach go dtí an talamh nó struchtúr atá i gceist ón mbóthar poiblí, nó sa chás go bhfuil níos mó ná bealach isteach amháin ann ó bhóthair poiblí, ar nó in aice le gach bealach isteach dá leithéid, nó ar aon chuid eile den talamh nó den struchtúr le hais bóthar poiblí, gur féidir é a fheiceáil agus a léamh go soiléir ón bpríomh bhóthar, agus ní ceadaítear é a bheith doiléir ná clúdaithe ag aon am.
- Sa chás nach nascann an talamh ná an struchtúr lena bhaineann an t-iarratas pleanála le bóthar poiblí, cuirfear suas fógra láithreáin ar suíomh feiceálach ar an talamh nó struchtúr sa tslí gur féidir é a fheiceáil agus a léamh go soiléir ón bpríomh bhóthar, agus ní ceadaítear é a bheith doiléir ná clúdaithe ag aon am.
- Sa chás go bhfuil an tÚdarás Pleanála den tuairim nach gcomhlíonann tógáil ná socrú fógra láithreáin na coinníollacha thuasluaite, nó sa chás nach gcuireann siad an poblal ar an eolas ar slí oiriúnach, d'fhéadfadh an tÚdarás Pleanála iarradh ar an iarratasóir tuilleadh fógraí láithreáin a chur suas de réir slite agus téarmaí leagtha amach ag an Údarás Pleanála agus pé fianaise a iarrann an t-údarás orthu a chur ar fáil maidir le comhlíonadh riachtanais dá leithéad.
- Sa chás go ndéantar iarratas pleanála maidir le haon talamh nó struchtúr agus má chuirtear isteach aon iarratas eile ina dhiaidh sin laistigh de sé mhí ó dháta an chéad iarratas a bhaineann le talamh ar a bhfuil formhór an talún a bhí i gceist sa chéad iarratas, beidh an fógra láithreáin scríofa nó priontáilte i ndúch doscriosta ar chúlra buí, daingnithe ar ábhar buan, docht agus daingnithe i gcoinne na droch-aimsire agus cúiseanna eile.
- The site notice(s) shall not be erected earlier that 14 days before the receipt of the planning application by the Planning Authority.
- Beidh an fógra láithreáin in áit ar an talamh nó an struchtúr ar feadh tréimhse 5 seachtaine ón dáta a bhfaigheann an tÚdarás Pleanála an t-iarratas pleanála agus déanfar é a athnuachan nó a athchur má baintear anuas é nó má aghloiteadh é nó munar féidir é a léamh laistigh den tréimhse sin.
Tabhair faoi deara: Seolfar an t-iarratas pleanála ar ais chuig an iarratasóir muna gcloínn an fógra láithreáin leis na coinníolacha thuasluaite.
An Rannóg Pleanála
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
NÓTA: Tabhair d’Uimhir Thagartha Pleanála .i. P05/1234 nó d’Uimhir Thagartha Réamhphleanála .i. Pl.16.001 nuair is féidir.
Teileafón : (094)9047204, FACS: 094 – 9021694
R-phost : planning@mayococo.ie
9:00 a.m. go dtí 1:00 p.m. agus 2:00 p.m. go dtí 5:00 p.m.
