Tá tú anseo: Baile > Pleanáil > Ceisteanna Coitianta

Eolas Gaolmhar


Planning

Question: Cén uair a theastaíonn cead pleanála uaim?

Answer:

Go ginearálta teastaíonn cead pleanála uait d’aon fhorbairt ar thalamh nó ar réadmhaoin mura bhfuil an fhorbairt díolmhaithe go speisialta ón riachtanas seo. Is éard atá i gceist leis an téarma forbairt ná comhlíonadh oibreacha (tógáil, scartáil, athrú) ar thalamh nó ar fhoirgnimh agus ag déanamh athrú ábhartha (.i. suntasach) maidir le húsáid na talún nó an fhoirgnimh.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cad is forbairt díolmhaithe ann?

Answer: Is éard is forbairt díolmhaithe ann, forbairt nach dteastaíonn cead pleanála lena aghaidh. Tá na catagóirí maidir le forbairt díolmhaithe leagtha síos sna dlithe pleanála. Is iondúil go mbíonn slata tomhais maidir le méid nó airde, mar shampla; nuair a sháraítear na slata tomhais seo, cuirtear na díolúintí ar neamhní. Is í an aidhm atá le díolúintí, rialúcháin ar mhionfhorbairtí ar nós síneadh a chur le teach, a sheachaint. Tugann billeoga eolais PL5, PL6 agus PL7 eolas maidir leis na príomhdhíolúintí.  

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An bhfuil cineálacha éagsúla ceada ann?

Answer:

Tá trí chineál cead pleanála ann. Is féidir iarratas a dhéanamh le haghaidh:


*cead;
*cead imlíne,
*faomhadh;


An t-iarratas is coitianta ná cead, a dtugtar cead iomlán air go minic. Tá cúinsí ann agus b’fhéidir gur mhaith leat iarratas a dhéanamh le haghaidh cead imlíne. B’fhéidir gur mhaith leat a fháil amach an aontaíonn an t-údarás pleanála le do mholadh i bprionsabal sula gcuirfidh tú an trioblóid ort féin pleananna mionsonnracha a sholáthar, mar shampla. Má éiríonn leat cead imlíne a fháil, caithfidh tú cead iomlán a fháil sula dtosaíonn tú ar an obair. I dtromlach na gcásanna, ní mór iarratas eile a dhéanamh laistigh de 3 bliana ón dáta ar ceadaíodh an cead imlíne. Ní féidir cead imlíne a éileamh, áfach, le haghaidh coinneáil struchtúir, obair ar struchtúr atá faoi chosaint nó struchtúr atá molta le bheith faoi chosaint nó forbairtí a éilíonn measúnacht tionchar timpeallachta, ceadúnas um rialú comhtháite ar thruailliú nó ceadúnas dramhaíola.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cá bhfaighidh mé cead pleanála?

Answer: Ón údarás pleanála i do cheantar .i. do Chomhairle Contae áitiúil, Contaebhuirg, nó Bárdas Buirge nó Comhairle Ceantair Baile.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cén chostas a bheidh ar seo?

Answer: Tá táille iníoctha le hiarratas ar chead pleanála. Tá na táillí do na haicmí forbartha éagsúla liostáilte leis an bhfoirm iarratais. Ní mór duit an táille chuí a íoc le d’iarratas mar go bhfuil cosc dlíthiúil ar an údarás pleanála cinneadh a dhéanamh ar iarratas nó go bhfuil an táille seo íoctha. D’fhéadfadh eagraíochtaí deonacha díolúine a fháil ón táille seo.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cén t-achar a thógfaidh sé cead pleanála a fháil?

Answer:

Braitheann seo ar iomláine an iarratais agus an bhfuil achomharc le déanamh nó nach bhfuil. Go hiondúil, breathnóidh an t-údarás pleanála iarratas bailí laistigh de 12 seachtain ón dáta ar dearnadh an t-iarratas go dtí an ceadú deiridh. Is féidir leis an tréimhse ama seo a bheith athraitheach, áfach, go háirithe má éilíonn an t-údarás pleanála breis eolais ón iarratasóir (rud ba chóir a dhéanamh sa chéad 8 seachtaine). Tá 4 seachtaine ag an údarás pleanála ansin ón lá a fhaigheann siad an t-eolas breise chun cinneadh a dhéanamh ar an iarratas. Léiríonn an tábla seo a leanas an t-amscála a bhíonn i gceist i dtromlach na gcásanna:

Céimeanna Pleanála: Frámaí Ama

 Amscála Gníomh 
 Tús  Foilsítear fógra sa nuachtán agus crochtar fógra suímh
 14 lá níos déanaí  An dáta deiridh chun iarratas a chur isteach
 2 sheachtain go dtí 2 mhí níos déanaí  Eisíonn an t-údarás pleanála fógra maidir lena gcinneadh ar an iarratas (sin nó d’fhéadfadh siad breis eolais a lorg)
 1 mhí níos déanaí  

Mura dhéantar achomharc, eiseoidh an t-údarás pleanála ceadú ceada, faofa, nó imlíne, ach amháin sna cásanna gur dhiúltaigh siad cheana. D’fhéadfadh achomharc tréimhse níos faide a ghlacadh ach tá sé d’aidhm ag An Bord Pleanála cinntí a dhéanamh ar achomhairc laistigh de 4 mhí. 

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An féidir liom dul i dteagmháil leis an údarás pleanála roimh ré?

Answer: Ní gá duit dul i dteagmháil leis an údarás pleanála sula ndéanfaidh tú iarratas pleanála agus is minic go moltar a leithéid a dhéanamh má tá tú éiginnte faoi pholasaithe pleanála áitiúil, conas iarratas a dhéanamh etc. Ag brath ar an gcineál forbartha, b’fhéidir go mbeadh ort naisc leis an soláthar uisce poiblí, le córas séarachais srl. a phlé. Dá mhéid an fhorbairt, is mó gá atá le réamhchomhairliúchán. Molann Comhairle Contae Mhaigh Eo an próiséas ar a dtugtar réamhphleanáil. Tugann sé deis don iarratasóir bualadh le pleanálaí agus Iarratas Réamhphleanála a chur isteach. Leis seo, bíonn an pleanálaí in ann comhairle a thairiscint don iarratasóir bunaithe ar shlat tomhais na réamhphleanála.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cá bhfaighidh mé eolas maidir le polasaithe pleanála áitiúil?

Answer:

Tá polasaithe agus cuspóirí forbartha an údaráis phleanála sa phlean forbartha áitiúil. Is féidir leat breathnú ar an bplean ag am ar bith i rith uaireanta oifige in oifigí an údaráis áitiúil, sna leabharlanna áitiúla agus ar líne (tabhair cuairt ar leathanach na bhFoilseachán Pleanála). Is féidir cóipeanna agus sleachta ón bplean a fháil ar chostas réasúnach ón údarás pleanála. Chun breis eolais faoin bplean a fháil, féach ar an mbileog eolais PL8.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cén chaoi a ndéanaim iarratas pleanála?

Answer: Molaimid duit féachaint ar na Físeáin Phleanála ar líne chun tús a chur le do chéad Iarratas Pleanála.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Tá iarratas pleanála bailí curtha isteach agam. Céard a tharlóidh anois?

Answer: Gheobhaidh tú admháil ar d’iarratas (laistigh de chúpla lá) agus cuirfear ar an gclár pleanála tú in oifigí an údaráis phleanála le haghaidh iniúchadh poiblí. Beidh sé san áireamh freisin ar liostaí na n-iarratas pleanála a bheidh ar taispeáint in oifigí na comhairle, sna leabharlanna aitiúla agus scaipthe ar ghrúpaí sainleasa áirithe. Is iondúil go ndéanann oifigeach comhairle iniúchadh ar an suíomh forbartha; d’fhéadfaí iarraidh ort coinne a dhéanamh chun cead isteach a thabhairt.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cad a tharlóidh má tá m’iarratas neamhiomlán?

Answer:

Mura bhfuil


* cuid den doiciméadú riachtanach le d’iarratas
* an táille chuí le d’iarratas nó
* nó má tá sé neamhleor in aon bhealach eile (.i. gan aon fhógra poiblí ar d’iarratas) (.i. nach sásaíonn sé na riachtanais reachtúla maidir le fógra poiblí ar d’iarratas). Beidh an t-iarratas neamhbhailí agus seolfar ar ais chugat é leis an táille. Tosaíonn an tréimhse reachtúil 8 seachtaine maidir le cinneadh a dhéanamh ar iarratas ón am a chuireann tú isteach iarratas bailí leis an eolas ar fad atá de dhíth, a íocann tú an táille chuí agus a thugann tú fógra poiblí ceart maidir leis an iarratas. 

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An féidir le daoine eile barúil a thabhairt ar m’iarratas?

Answer:

Is féidir. Is féidir le héinne cóip de d’iarratas a fheiceáil agus aighneachtaí nó moltaí scríofa a dhéanamh a chur faoi bhráid an údaráis phleanála ar aon ghné de a bhaineann le pleanáil. Ní mór don údarás pleanála iad seo a chur san áireamh agus iad ag tabhairt breith ar d’iarratas. Gearrtar táille €20 chun a leithéid d’aighneacht a dhéanamh. Chun breis eolais a fháil, féach ar an mbileog eolais Ag Trácht ar Iarratas Pleanála (PL3).

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cén chaoi a dhéantar an cinneadh?

Answer:

Agus an cinneadh á dhéanamh, tógann an t-údarás pleanála roinnt gnéithe san áireamh: pleanáil agus forbairt cheart an cheantair (.i. úsáid talún chuí (criosú), sábháilteacht ar bhóithre, dlús na forbartha, méid, suíomh, cloí le cleachtais phleanála agus fhorbartha fadbhunaithe), a bplean forbartha féin, aighneachtaí agus moltaí ón bpobal maidir leis an iarratas.

Polasaíthe Rialtais, soláthar Ordú Speisialta Ceantair Maithiúnais, aon suíomh Eorpach (.i. Ceantair Speisialta Caomhnaithe, Ceantair Chosanta Speisialta); aighneachtaí agus moltaí ón bpobal maidir leis an iarratas; d’fhéadfaí ceisteanna neamhphleanála a chur san áireamh .i. teorainneacha agus aighnis eile, ceisteanna a réitítear trí mheán an dlí srl. 

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cén chaoi a mbeidh a fhios agam an bhfuil an cead tugtha nó diúltaithe?

Answer:

Cuirfear an cinneadh maidir le cead a thabhairt, le nó gan choinníollacha, in iúl duit, agus d’éinne a thrácht ar an iarratas. Is éard a gheobhaidh tú, fógra rúin maidir le cead a thabhairt. I rith tréimhse míosa a thosaíonn ar an dáta a dhéantar an cinneadh seo, féadfaidh tusa nó éinne eile achomharc a dhéanamh chuig an mBord Pleanála. Nuair nach ndéantar achomharc, tabharfaidh an t-údarás pleanála an ceadú duit go foirmeálta ag deireadh na tréimhse achomhairc. Níor chóir tús a chur leis an obair nó go bhfaighidh tú an fógra seo. Má dhéantar achomharc maidir leis an gcinneadh, gheobhaidh tú cead ón mBord Pleanála, le nó gan choinníollacha a mheasann an Bord a bheith oiriúnach, nó diúltú ceada. Nuair a shocraíonn an t-údarás pleanála do chinneadh a dhiúltú, beidh a gcuid cúiseanna san áireamh san fhógra a chuirfear chugat. Tá an tréimhse achomhairc chéanna (4 seachtaine) ábhartha anseo.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An féidir coinníollacha a cheangal le mo chead pleanála?

Answer:

D’fhéadfadh cead pleanála bheith faoi réir ag coinníollacha áirithe a bheidh liostáilte ar an gcinneadh. D’fhéadfadh sé go mbeadh athruithe le déanamh ar do mholadh (.i. socruithe nua maidir le diúscairt uisce dromchla, athbhreithniú maidir le hairde, dath agus ábhar do bhallaí teorann, tírdhreachadh feabhsaithe ar an suíomh). D’fhéadfaí  iarraidh ort freisin deonachán a dhéanamh don údarás áitiúil le haghaidh seirbhísí (.i. uisce, séarachas). Athraíonn na coinníollacha ó áit go háit agus do shaghasanna éagsúla forbartha. Ní mór duit cloí leis na coinníollacha uilig atá ceangailte leis an gcead agus an obair a chur i gcrích dá réir. Fiú má tá níos mó ná cead amháin agat do shuíomh, ní féidir leat na coinníollacha a roghnú de réir mar a oireann siad duit.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cé chomh fada is a mhaireann cead pleanála?

Answer:

Cúig bliana ón dáta ar cheadaigh an t-údarás pleanála nó An Bord Pleanála an cead an gnáth-thréimhse le haghaidh cead pleanála (cead nó cead imlíne). D’fhéadfaí tréimhse ama níos faide a cheadú má tá an fhorbairt casta. I gcúinsí áirithe, d’fhéadfadh an t-údarás pleanála síneadh ama a chur le tréimhse bailíochta cead pleanála nuair:                                                                            
* a tugadh faoi obair shubstaintiúil le linn tréimhse ama an chead pleanála                        
* atá an t-údarás pleanála sásta go mbeidh an fhorbairt críochnaithe in am réasúnach.
Braitheann saolré faomhadh ar an dáta ar ceadaíodh cead imlíne, agus dá bhrí sin, ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar fhaomhadh go maith roimh dháta éaga an cheada imlíne  chun go mbeidh tú in ann na hoibríocha a chur i gcrích laistigh dá shaolré. Cuimhnigh go bhféadfaí achomharc a dhéanamh ar chinneadh an údaráis phleanála chuig An Bord Pleanála agus ba chóir é seo a chur san áireamh. Má théann cead pleanála as feidhm, agus má dhéanann tú iarratas ar chead nua don fhorbairt chéanna, d’fhéadfadh an t-údarás pleanála cead a dhiúltú nó coinníollacha nua a cheangal leis. Is féidir leis seo tarlú má athraíonn na polasaithe pleanála nó na riachtanais do phleanáil agus d’fhorbairt cheart an cheantair san idirthréimhse.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An féidir liom cóipeanna de dhoiciméid a bhaineann le cead pleanála a fháil?

Answer:

Is féidir. Cé nach bhfuil oibleagáid dhlíthiúil orthu é a dhéanamh, iarradh ar údaráis phleanála cóipeanna d’aon chuid de chomhad iarratais phleanála a dhíol, ar iarratas, ar chostas réasúnach. Is iad na díolúintí ar seo ná pleananna nó líníochtaí eile nó grianghraif. Beidh aon doiciméad atá ar díol ar fáil nuair atá siad ar oscailt le haghaidh iniúchadh poiblí.  

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cé a chuireann cinntí pleanála i bhfeidhm?

Answer:

Is ar an údarás pleanála atá an cúram seo agus tá cumhachtaí forfheidhmithe acu lena chinntiú go bhfuil aon obair a chuirtear i gcrích ag cloí leis an gcead pleanála agus tá an chumhacht acu stop a chur le forbairt neamhúdaraithe agus í a chur ina ceart. Ní mór tús a chur le caingean dlí, áfach, laistigh de 5 bliana ón am a sáraítear na dlithe pleanála. Ní mór cúram a dhéanamh lena chinntiú go gcloítear le gach coinníoll maidir leis an gcead pleanála chun tabhú dá leithéid a sheachaint agus chun deacrachtaí a sheachaint nuair a bheidh an réadmhaoin á dhíol níos déanaí.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: Cén chaoi is féidir forbairt neamhúdaraithe a stopadh?

Answer:

Má shíleann tú go bhfuil duine éigin ag forbairt nó ag úsáid talún d’uireasa, nó contrártha le, cead pleanála, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an údarás pleanála agus scrúdóidh siadsan an cás. Tá sé de cheart ag duine ar bith iarratas a dhéanamh sa Chúirt Chuarda nó san Ardchúirt ar ordú chun cosc a chur ar úsáid nó ar fhorbairt neamhúdaraithe talún, nó ag éileamh go gcloífí leis an gcead pleanála. Is féidir Orduithe Cúirte, ag brath ar na cúinsí, a fháil faoi ghearrfhógra agus cinnteoidh na Cúirteanna go gcloífear le haon ordú a dhéanfar.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An bhfuil pionóis i gceist maidir le sárú dlithe pleanála?

Answer:

Tá. Coir atá ann tabhairt faoi obair a dteastaíonn cead pleanála lena aghaidh d’uireasa an cheada sin. Tá sé de chumhacht ag na húdaráis phleanála stop a chur le forbairt neamhúdaraithe agus d’fhéadfadh sé gur taithí chostasach a bheadh anseo don chiontóir. D’fhéadfaí iarraidh ort aon obair neamhúdaraithe a chur ina ceart agus aon chostas a bhaineann léi a íoc. D’fhéadfadh na Cúirteanna fíneálacha nó téarmaí príosúnachta a ghearradh freisin.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An féidir liom earráid phleanála a cheartú?

Answer: Is féidir botúin a dhéanamh maidir le riachtanas cead pleanála. Ma thugann tú faoi fhorbairt neamhúdaraithe, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chead lena choinneáil. Níor chóir bheith ag brath ar an gcur chuige seo, áfach, chun iarratas ar chead pleanála a sheachaint sula dtosaíonn tú ar an obair mar nach gá go gceadófaí cead coinneála duit nó d’fhéadfadh go mbeadh ort athruithe costasacha a chur i bhfeidhm. Tá an táille iarratais 50% níos airde ná an táille ar iarratas a dhéantar sula dtosaítear ar an bhforbairt. Ní shaorann cead coinneála tú ó ionchúiseamh sa ghnáthchúrsa má tá gníomh forfheidhmiúcháin tógtha i do choinne. Má tá tú ag ceannach réadmhaoine, cinntigh go bhfuil cead pleanála ceart ag an bhfoirgneamh féin agus ag aon síneadh atá curtha leis nó aon athrú atá déanta air nó go bhfuil sé díolmhaithe ó chead pleanála, mar go bhféadfadh  tusa, an t-úinéir nua,  bheith faoi dhliteanas ó thaobh gníomhartha forfheidhmiúcháin. 

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008


Planning

Question: An dteastaíonn aon saghas ceada eile uaim?

Answer:

Ní bheidh tú i dteideal an fhorbairt atá beartaithe agat a chur i gcrích bunaithe ar chead pleanála amháin. D’fhéadfadh sé go mbeadh faomhadh eile ag teastáil uait, ag brath ar an gcineál forbartha. Caithfidh gach foirgneamh nua, síntí agus athruithe úsáide áirithe maidir le foirgnimh atá ann cheana cloí le rialacháin foirgníochta a leagann amach dearadh bunúsach agus riachtanais fhoirgníochta, mar shampla. Is dócha go dteastóidh deimhniú um shábháilteacht ó dhóiteán ó fhorbairtí seachas forbairtí cónaitheacha faoi na rialacháin. Feic bileog eolais PL11: Treoir maidir le Rialacháin Foirgníochta chun breis eolais a fháil. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó d’údarás áitiúil. D’fhéadfadh sé go mbeadh cead uait freisin má ta tú chun nasc a dhéanamh leis an bpríomhphíobán uisce nó leis an gcóras séarachais. Tá an dlí a rialaíonn an córas pleanála leagtha amach in Achtanna Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963 go 1993 agus Rialacháin Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1994 agus 1995. Is féidir iad seo a cheannach ó Oifig Díolta Foilseacháin Rialtais, Sun Alliance House, Sráid Theach Laighean, Baile Átha Cliath 2, Teileafón (01) 661 3111. Tabhair faoi dear gur féidir an dlí a nuashonrú ó am go ham.

For more information, contact:

Planning

Last updated: 04/01/2008