Toghcheantair
Déantar riaradh ar chúrsaí pleanála i Maigh Eo bunaithe ar an toghcheanar a bhfuil an suíomh ann. Mar shampla, bheadh suíomh atá i gCluain Cearbhán i dToghcheantar Chathair na Mart agus dá bhrí sin, beidh sé faoi chúram Pleanálaí a dhéanann speisialtóireacht sa Toghcheantar sin agus ba chóir freastal ar chruinnithe Réamhphleanála in Oifig Ceantair Chathair na Mart.
Tá 7 dToghcheantar i Maigh Eo agus tá a Oifig Ceantair féin ag gach Toghcheantar. Tá siad seo i mBéal an Átha, i mBaile an Róba, i mBéal an Mhuirthead, i gCaisleán an Bharraigh, i gClár Chlainne Mhuiris, i mBéal Átha na Muice agus i gCathair na Mart.
Ba chóir go gcuideodh an léarscáil seo a leanas leat a dhéanamh amach cé acu Oifig Ceantair ba chóir duit freastal uirthi le haghaidh cruinnithe Réamhphleanála:

An Rannóg Pleanála
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
NÓTA: Tabhair d’Uimhir Thagartha Pleanála .i. P05/1234 nó d’Uimhir Thagartha Réamhphleanála .i. Pl.16.001 nuair is féidir.
Teileafón : Fón: (094)9047204, FACS: 094 – 9021694
R-phost :Ríomhphost:planning@mayococo.ie
9:00 a.m. go dtí 1:00 p.m. agus 2:00 p.m. go dtí 5:00 p.m.
