Scéim 'Coill Cois Baile'
Scéim 'Coill Cois Baile'
Scéim deontais le haghaidh coillearnacha is ea an Scéim 'Coill Cois Baile', atá á riaradh agus á bainistiú ag an údarás áitiúil. Faoin scéim seo, cuirtear airgead ar fáil do ghrúpaí pobail chun coillearnacha in aice le bailte agus sráidbhailte a fhorbairt nó a bhunú as an nua.
D’éirigh le Comhairle Contae Mhaigh Eo, i gcomhar le grúpaí éagsúla pobail, airgead a fháil le haghaidh ceithre scéim den chineál seo sna háiteanna a leanas:
- An Ché, Baile Uí Fhiacháin,
- Northwood, Cathair na Mart,
- Páirc Brabazon, Béal Átha na Muice,
- Páirc Mhic Mhathúna, Clár Chlainne Mhuiris.
Is mar seo a leanas a caitheadh an t-airgead:
- Bunaíodh coillearnacha úra,
- Cuireadh feabhas ar choillearnacha a bhí ann cheana féin,
- Cuireadh áiseanna caitheamh aimsire taobh amuigh ar fáil.
