Bailiúchán Sheáin Uí Chléirigh
Eolas ar an mBailiúchán
Ceann de na bailiúcháin Éireannacha is tábhachtaí ar domhan is ea an chartlann seo. Tá éagsúlacht, saibhreas, agus tábhacht an taisce seo á gcur os comhair an tsaoil mhóir anois, ag léiriú do chách an méid nárbh eol ach don chruthaitheoir amháin go dtí seo.
Cnuasach de bhreis is 100,000 ní éagsúla atá i mBailiúchán Sheáin Uí Chléirigh, agus áirítear ina measc go leor cáipéisí uathúla a bhí caillte de réir na scoláirí. Mar chuid den chartlann tá an t-aon chóip amháin fágtha d'fhoilseacháin, fógráin agus forógraí neamhchoitianta, agus lámhscríbhinní agus scríbhinní neamhfhoilsithe polaitiúla. Is cúis iontais leis féin é réimse ollmhór fhairsing an chnuasaigh seo. Bailíodh le linn saoil fhir aonair é, saol Sheáin Uí Chléirigh, (1928-2000). Baineann na cáipéisí seo le beagnach 400 bliain de stair na hÉireann; is ó na 1600í atá an cháipéis is luaithe dá bhfuil ann, agus chuir Seán Ó Cléirigh na cáipéisí deireanacha lena chnuasach sa bhliain 2000, an bhliain chéanna a cailleadh é.
D'fhéadfaí an taisce luachmar seo a chur i gcomparáid le cartlanna móra eile ar fud an domhain, ach i gcomthéacs na hÉireann, agus i gcomhthéacs na ré inar cuireadh le chéile é, seasann Seán Ó Cléirigh ina aonar mar an bailitheoir príobháideach is tábhachtaí dá raibh againn riamh. Éireannach a bhí ann, a bhailigh eolas ar stair na hÉireann do mhuintir na hÉireann. A bhuíochas ar Mrs. Ann Clarke, a bhronn leabharlann agus cartlann a fir chéile ar Chomhairle Contae Mhaigh Eo ar bhonn síoraí, beidh deis ag muintir na hÉireann agus an domhain mhóir leas a bhaint as an gcartlann uathúil ríluachmhar seo.
Ionad oideachais agus cultúrtha, a bheidh tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis, a bheidh i mBailiúchán Sheáin Uí Chléirigh, atá faoi mhaoirseacht Chomhairle Contae Mhaigh Eo faoi láthair. Thapaigh Comhairle Contae Mhaigh Eo an deis go fonnmhar chun sárthaisipeántas ar an gcaighdeán idirnáisiúnta is airde a chruthú don leabharlann agus don chartlann seo. Tá ionad den scoth ceannaithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo i gcomhair Bailiúchán Sheáin Uí Chléirigh, is é sin an tIar-Bhanc Cúigí. Ba é Thomas Manly Deane an t-ailtire a dhear an banc seo, mar aon le roinnt de na foirgnimh is suntasaí in Éirinn, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann ina measc. Áis den chéad scoth a bheidh i mBailiúchán Sheáin Uí Chléirigh, agus lán-oiriúnach dóibh siúd atá ag lorg blaiseadh den seansaol in Éirinn.
Níl an Bailiúchán oscailte don phobal i láthair na huaire - níl teacht ar an mbailiúchán gan coinne a dhéanamh roimh ré. Táthar i mbun catalógú ar an mbailiúchán ollmhór seo i gcónaí. Críochníodar athchóiriú an Iar-Bhainc Cúigí - i mBealtaine 2011, osclófar áras nua Bhailiúchán Sheáin Uí Chléirigh i 2012
Coimeádaí/Bainisteoir
Bailiúchán Sheáin Uí Chléirigh
Sráid an Phiarsaigh
Béal an Átha
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : +353 (0)96 70833
R-phost : smccoole@mayococo.ie
