Mayo County Council logo

Míniú ar iMadra


Míniú ar iMadra

Is féidir leat cur isteach ar, agus íoc as do cheadúnas madraí ar líne anois, agus gheobhaidh tú cóip leictreonach den cheadúnas taobh istigh de chúpla nóiméad. Ní chuirfidh cóip chlóite den cheadúnas sa phost chugat, caithfear an chóip leictreonach den Cheadúnas Madraí a phriontáil nó a shábháil chun taifead a choinneáil air. I gcás madraí nach gcoinnítear i gContae Mhaigh Eo iad de ghnáth, déan iarratas ar cheadúnas chuig an údarás áitiúil nó an oifig poist chuí sa limistéar sin.

Ní mór seoladh ríomhphoist bailí, cárta creidmheasa/dochair bailí agus Internet Explorer v5.5 (ar Windows) nó níos nua-aimseartha a bheith agat chun an córas a úsáid. Gearrtar táille €12.70 ar ghnáth-Cheadúnas Madraí.

Tabhair do d'aire: Baineann Comhairle Contae Mhaigh Eo úsáid as teicneolaíocht SSL (Secure Socket Layer) sna próisis íocaíochta go léir atá acu ar líne chun sonraí do chárta chreidmheasa nó dhochair a chosaint.

Cliceáil anseo chun cur isteach ar Cheadúnas Madraí ar líne (osclaítear fuinneog nua)

  More Mayo County Council and Local Government Websites