Mayo County Council logo
Navigation

Múiríniú agus Athchúrsáil: Clúidíní Nádúrtha

Clúidíní Nádúrtha

Fíricí agus Miotas  /  Cineálacha atá ar fáil  Cá bhfuil siad le ceannach?

Clúidíní - An chúis nár chóir do chlúidíní dochar a dhéanamh don timpeallacht!!!

Úsáideann an gnáthleanbh suas go dtí 5,000 clúidín sula mbíonn siad traenáilte ar an bpota beag. Chuige sin, leagtar 41/2 crann. Úsáidtear tuairim is 600,000 clúidín in Éirinn gach lá. Is chuig an líonadh talún áitiúil a théann na clúidíní sin agus tógann sé isteach agus amach le 500 bliain orthu dianscaoileadh. I gcás teaghlaigh a bhfuil leanbh amháin ann, clúidíní atá i leathchuid den ghnáthbhosca bruscair. Tá clúidíní aon uaire déanta as laíon páipéir, plaistigh, gráinníní glóthacha ionsúiteacha agus breiseáin cheimiceacha a bhfuil drochthionchar acu ar an timpeallacht. 

Céard iad na roghanna malartacha?

Tá réimse leathan clúidíní ath-inúsáidte, chomh maith le clúidíní aon uaire atá neamhdhíobhálach don timpeallacht ar fáil anois in Éirinn.

Tá clúidíní ath-inúsáidte níos cineálta don timpeallacht. Agus ó tharla go bhfuil cadás inanálaithe iontu éalaítear an teas, rud a choinníonn an leanbh fionnuar agus compordach. An bhfuil tú amhrasach mar gheall ar an dearcadh diúltach atá ann i leith clúidíní ath-inúsáidte? Breathnaímis ar roinnt de na fíricí.

Miotas: Beidh ort do chuid ama a chaitheamh ag ní, ag sciúradh agus ag maothú clúidíní salacha.

Fíric: Is féidir clúidíní ath-inúsáidte a mhúnlú, a oiriúnú agus a fheistiú go héasca le Velcro, snáitheanna nó snaidhmeáin. Is féidir iad a úsáid in éineacht le brístí uiscedhíonacha a chinntíonn nach mbogfaidh an clúidín. Is féidir líneálaigh insruthlaithe a cheannach leo a bheireann ar an salachar! Is féidir iad a níochán i meaisín níochána.

Miotas: Úsáidtear níos mó fuinneamh agus uisce chun clúidíní a ní, agus tá clúidíní aon uaire níos cineálta don timpeallacht dá réir.

Fíric: Ón uair a dhéantar an clúidín aon uaire go gcaitear é, úsáideann sé 3.5 oiread níos mó fuinnimh, 8 n-uaire níos mó amhábhar neamh-in-athnuaite agus 90 uair níos mó ábhar in-athnuaite agus a úsáideann clúidíní ath-inúsáidte. Gineann siad 2.3 uaire níos mó fuíolluisce agus 60 uair níos mó dramhaíola soladaí.

Cén cineál clúidín ath-inúsáidte ar chóir dom a cheannach?

Cosnaíonn clúidíní ath-inúsáidte i bhfad níos lú ná clúidíní aon uaire.  Ón uair a thosaíonn leanbh á n-úsáid go dtosaíonn sé/sí ag úsáid an phota bhig cosnaíonn clúidíní ath-inúsáidte thart ar €800 níos lú ort ná clúidíní aon uaire agus is féidir iad a úsáid arís don chéad leanbh eile. Dá bhrí sin, is fiú go mór infheistiú i gclúidín ionsúiteach d’ardchaighdeán.

Beidh tú ag cabhrú leis an timpeallacht fiú mura n-úsáideann tú clúidíní ath-inúsáidte ach cuid den am.

Cá gceannóidh mé clúidíní ath-inúsáidte?

Seo thíos tá liosta d'áiteanna ar féidir clúidíní a cheannach. Is féidir na clúidíní a fháil tríd an phost uathu go hiondúil. Tá an liosta bunaithe ar eolas a seoladh chuig Comhairle Contae Mhaigh Eo ag comhlachtaí éagsúla, ach d'fhéadfaí é a leasú arís.

Cloth Nappy Library Ireland

www.clothnappylibrary.ie  - Eagraíocht neamhbhrabúis a tháirgíonn iasachtaí ar chostas íseal do thuismitheoirí mar aon le taispeántais a dhéanamh ar fud na tíre ag aonaigh leanaí, margaidh leanaí, grúpaí leanaí/lapadán agus imeachtaí eile den chineál sin. 

Soláthraithe Áitiúla Clúidíní Éadaigh / Rogha Teoranta

Baby Care,
Sráid an tSéipéil, Caisleán an Bharraigh
Teil: (094) 9027422

Little Angel's 
An Móinín Bradach, Caisleán an Bharraigh
Teil: (094) 9025398

Soláthraithe Clúidíní Aon Uaire atá Neamhdhíobhálach don Timpeallacht

Heneghans Health Food Shop
Sráid Ellison, Caisleán an Bharraigh
Teil: (094) 9027460

Ylang Ylang, 
Sráid Shéamais, Cathair na Mart
Teil: (098) 28802

Eco Baby nappies: Neamhdhíobhálach don timpeallacht, hiopailléirgineach, agus seoltar chugat iad. 
Déan teagmháil le: Pearse Stokes,
Bainisteoir Margaíochta,
Ecobaby limited,
Teil: 1850 52 52 53 or (01) 620 5050
Facs: (01) 620 7966
Rphost: info@ecobaby.ie 
Suíomh gréasáin: www.ecobaby.ie

JoeyRoo                                                                                                                                                                                           
Cill Dara
Teil: (01) 548 5345
Rphost: info@joeyroo.com 
Suíomh gréasáin: www.JoeyRoo.com

Earthmother.ie
Déan teagmháil le: Siobhan Elsom
Teil: (01) 9022712
Rphost: info@earthmother.ie
Suíomh gréasáin: www.earthmother.ie 

Clúidíní aon uaire ar leic an dorais chugat an lá dár gcionn.  Díoltar brandaí ar nós Nature Babycare agus Beaming Baby, agus tá boscaí míosúla ar fáil.  Is iad na soláthraithe is mó in Éirinn den chlúidín éadaigh ath-inúsáidte 'bumGenius'.

AnniePooh

Teil: (086) 160 1151
Rphost: info@anniepooh.ie  

Baba Me Newry Ltd                                                                                                                                                
Flurrybridge Centre
Lower Foughill Road
Jonesborough
Newry
BT35 8SQ
Teil: 004428 30 848 020

Comhlachtaí aonair a chur an t-eolas seo faoi bhráid na Comhairle Contae.  D'fhéadfadh comhlachtaí eile a bheith ann, nach bhfuil liostáilte anseo, a sholáthraíonn na táirgí céanna.

Diúscairt Clúidíní (Document)

Níor chóir do chlúidíní dochar a dhéanamh don timpeallacht!
Formats Available:


  More Mayo County Council and Local Government Websites