Mayo County Council logo
Navigation

Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach (WEEE)

Tugtar WEEE (Dramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach) ar aon rud a bhfuil plocóid nó cadhnra aige agus a bhfuil a ré caite aige.

D’fhéadfá cuisneoirí agus meaisíní níocháin briste a thógáil mar shamplaí sa teach, ach cuimhnigh freisin ar na rudaí beaga! Is féidir zaipirí, cadhnraí, scuabanna fiacla leictreacha, bréagáin leictreacha agus solais rothair fiú a athchúrsáil! Chuirfeadh sé ionadh ort líon na rudaí a bhfaighfeá ina luí timpeall an tí a áirítear mar WEEE iad nuair nach féidir iad a úsáid a thuilleadh.

Is féidir leat do sheanfhearais a thógáil chuig Ionaid Fóntas Pobail de chuid na Comhairle Contae nó glacfaidh siopaí le seanearraí ar ais agus earra nua á cheannach agat, ceann ar cheann. Eagraíonn WEEE Éireann bailiúcháin saor in aisce d’earraí WEEE in ionaid lárnacha ar fud Mhaigh Eo, áiteanna is féidir leis an bpbobal teacht agus a gcuid earraí a fhágáil le hathchúrsáil.

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.

  More Mayo County Council and Local Government Websites