Ceisteanna Coitianta faoin gComhshaol
Comhshaol
Question: An bhfuil cead agam cannaí bia cruach a chur isteach i mbanc na gcannaí sa bhanc buidéal?
Answer: Níl cead cannaí bia a chur sa bhanc buidéal. Is féidir iad a thabhairt chuig ionaid fóntas poiblí Dhoire an Iomaire agus Ráth Ruaín, áít a ndéantar athchúrsáíl orthu. Ina theannta sin, is féidir iad a chur san araid athchúrsála a bhailítear ón doras, más ann don tseirbhís i do cheantar.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: Céard í an áit is fearr sa ghairdín le haghaidh araid múirín?
Answer: Ba cheart an araid múirín a fhágáil áit a sheasann faoin ngrian, ach áit ar féidir teacht air go héasca ón teach - fiú i ndrochaimsir! Ba chóir an talamh faoi a bheith réidh agus sruthchóras maith a bheith i bhfeidhm ann.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: Cá bhfaighidh mé araid múirín?
Answer: Bíonn araidí múirín ar fáil ó na hoifigí ceantair ar fad, ó láithreáin líonta talún, agus ó Áras an Chonae i gCaisleán an Bharraigh. Is féidir praghas na n-araidí a fheiceáil ach gliogáil anseo. Clúdaíonn an praghas seo an araid féid do do ghairdín, bosca eile do do chistin, agus leabhrán eolais. Cuidíonn araidí múirín le méid na dramhaíola ón gcistin agus ón ngairdín a laghdú ar bhealach atá éasca agus glan.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: Tá boladh bréan ag teacht ó m'araid múirín - céard atá mícheart leis?
Answer:
Léiríonn an boladh sin nach leor an méid aeir atá ag dul isteach san araid. Corraigh a bhfuil sa bhosca le pícín láimhe nó prioc le maide é. Déan cinnte go gcuireann tú meascán d'ábhar glas agus donn isteach san araid. Bíonn ábhar glas fliuch agus bíonn ábhar donn níos tirime de ghnáth. Má bhíonn an iomarca féir bhearrtha - nó ábhar glas eile - istigh sa bhosca le hais méid an ábhair dhoinn, sriantar an t-aershreabhadh agus cliseann an baictéir múirín dá bharr. Caith tuilleadh ábhair thirim, ar nós páipéar mionstiallta, isteach ann chun é a chur ar mheá chothrom arís.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: Tá faitíos orm go meallfar lucha agus francaigh isteach i m'araid múirín. Céard is féidir liom a dhéanamh faoi?
Answer:
Tá araidí múirín deartha ar bhealach nach ligfear míolra isteach iontu. Bí cinnte i gcónaí, áfach, go bhfuil na píosaí éagsúla feistithe go daingean lena chéile, agus go gcoinnítear an claibín agus an doras dúnta. Ná cuir bia cócaráilte san araid múirín. Más rud é go bhfuil míolra sa ghairdín agat, is fearr an araid a fhágáil in áit lárnach, amach ó bhallaí agus ó fhálta. Cuir labhandar ag fás ag bun na haraide chomh maith, rud a choinneoidh míolra amach uaithi.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: An bhfuil cead agam luaithreach a chur san araid múirín?
Answer: Is féidir luaithreach ó adhmad agus ó mhóin a chur isteach san araid múirín, ach ní féidir luaithreach ó ghual a mhúiríniú.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: An bhfuil bealach ar bith ann chun dlús a chur leis an bpróiseas lofa?
Answer: Is féidir cuidiú leis an bpróiseas lofa ach an múirín a chorraí go rialta chun aer a ligint isteach ann, an t-ábhar a mhionstialladh sula gcuirtear san araid é, nó ábhair ar mórán nítrigine a chur isteach ann - ábhair ar nós neantóg nó mún duine. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie)
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: Céard is féidir liom a dhéanamh faoi na mílte cuileog atá i mo chóras múirín?
Answer: Is minic a fhaightear cuileanna torthaí thart ar phiastlanna agus araidí múirín i rith an tsamhraidh. Níl aon dochar iontu, agus iad na giotaí bia atá á gcur sa chóras múirín agat atá á mealladh. Chun líon na gcuileanna seo a laghdú ní gá ach an claibín a bhaint den araid ar feadh 2-3 uair a chloig ar lá breá grianmhar. Clúdaigh an t-ábhar atá san araid agat ansin le bileoga fliucha nuachtáin agus cuir ar ais an claibín. Sa chaoi seo, laghdaíonn tú an méid teagmhála a bhíonn ag na cuileanna leis na giotaí glasraí. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie)
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: Cén fáth nach bhfuil mo chuid blaoscanna uibhe ag briseadh anuas?
Answer: Má chuireann tú blaosc uibhe i gcomparáid le craiceann banana nó scamhadh cairéid, feictear duit láithreach go bhfuil sé i bhfad níos crua ná iad. Tá siad feiliúnach don mhúiríniú, ach tógann siad go leor ama chun briseadh anuas. Má bhrúnn tú na blaoscanna uibhe, ní bheidh siad chomh feiceálach céanna sa mhúirín a bhaineann tú amach. Os a choinne sin, d'fheádfá na blaoscanna a cur san oighin ar feadh 20 nóiméad chun púdar mín a dhéanamh díobh. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie )
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: Tá sé an-deacair mo chuid múirín a chorraí. An bhfuil bealach ar bith lena dhéanamh níos éasca?
Answer: Tá sé tábhacht do mhúirín a chorraí. Bíonn sé breá éasca an múirín i gcórais múirín de dhéantús baile a chorraí, ach ní hamhlaidh atá sé i gcás na n-araidí múirín toisc nach bhfuil ach oscailt bheag acu ar a mbarr. Sula dtosaíonn tú ag déanamh múirín den chéad uair, nó nuair a bhaineann tú múirín amach as an araid, cuir draeinphíobáin atá breac le pollta síos i lár na haraide folmhaí. Cuir aon ábhar atá agat timpeall imeall an phíobáin (ná cuir riamh síos lár an phíobáin é toisc go mblocálfar na pollta leis). Scaoilfidh pollta an phíobáin sruth aeir úir isteach go bonn na haraide ar bhonn leanúnach. Os a choinne sin, is féidir an t-ábhar a pholladh le forc chun roinnt aeir a scaoileadh isteach ann, nó d'fhéadfaí meascthóir bíseach múirín a cheannach a bhfuil cuma corcscriú mhóir air. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie)
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: Céard is féidir liom a dhéanamh chun líon na bhfiailí i mo chuid múirín déanta a laghdú?
Answer: Beidh roinnt bheag síolta i do chuid múirín déanta i gcónaí. Nuair a bhíonn córas iompaithe in úsáid agat ní bheidh an méid céanna agat toisc go maraítear na síolta ag an teocht ard sa chóras sin. Ní hamhlaigh atá sé i gcás múiríniú fionnuair (nuair a úsáidtear araid múirín) toisc nach ngintear a dhóthain teasa chun na síolta a mharú. Is féidir leat na fiailí a fhágáil amuigh faoin ngrian chun na síolta orthu a mharú. Is féidir leat bláthanna na bhfiailí a bhaint díobh mar is iontu a gcoimeádtar na síolta. Nó d'fhéadfá na fiailí a bhá trína dtumadh in uisce agus iad a chlúdach chun an solas a dhíbirt. Fág mar sin iad ar feadh coicíse nó trí seachtaine agus ag deireadh na tréimhse sin beidh na fiailí marbha agat ar féidir leat a chur san araid múirín, agus lacht bréanbholaíoch. Bíonn go leor leor cothaitheach sa lacht seo agus ba chóir é a úsaid chun do bhláthanna agus glasraí atá ag fás a chothú. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie)
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: An bhfuil rud éigin cearr toisc go bhfuil mo chuid slugaí agus péisteanna uile timpeall chlaibín m'araide?
Answer: Gluaiseann slugaí agus péisteanna thart agus téann siad suas ar chlaibín na haraide. Ní cúis bhuairimh é seo - is comhartha maith é - agus fillfidh siad ar ais ar an ábhar atá le múiríniú de réir a chéile. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie)
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: Cén chaoi a mbeidh a fhois agam go bhfuil mo mhúirín réidh le húsáid?
Answer: Beidh a fhios agat go bhfuil do mhúirín réidh le húsáid nuair a bhíonn cuma ithreach briosc dúdhonn air, agus níor chóir duit a bheith in ann aon ghiotaí bia ná ábhair ón ngarraí a aithint ann. (Foinse: www.stopfoodwaste.ie)
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 01/03/2011
Comhshaol
Question: Cárbh fhéidir liom gloine ghorm a athchúrsáil?
Answer: Is féidir gloine ghorm a chaitheamh isteach leis an ngloine ghlas sna bancanna buidéal.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 07/09/2010
Comhshaol
Question: Cén chaoi a n-ullmhaítear dramhaíl le cur sa bhosca athchúrsála? An gcaithfidh mé chuile rud a ní?
Answer: Ba cheart duit iarmhar bia nó leachta a ní d'aon phrócaí gloine, buidéil phlaisteacha, soithí plaisteacha, agus cannaí bia. Is leor iad a shruthlú go sciobtha de ghnáth, agus cuimhnigh iarracht a dhéanamh gan an iomarca uisce a úsáid.
Más féidir é a leacú, déan amhlaidh! Is féidir buidéil phlaisteacha bainne, buidéil glantaigh, buidéil seampú, cartáin tetra-pak agus cannaí alúmanaim a leacú. Sa chaoi sin, beidh tú in an níos mó a chur sa bhosca athchúrsála nó a thabhairt chuig an ionad 'fág anseo'.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 02/03/2011
Comhshaol
Question: An féidir liom na lipéidí a bhíonn greamaithe d'éadaí nua a athchúrsáil?
Answer:
De ghnáth, más cairtchlár nó páipéar an lipéad is féidir athchúrsáil a dhéanamh air. Ach bain aon phlaisteach de ar dtús.
Ní drochsmaoineamh ach oiread é bosca athchúrsála a chur in aice nó istigh sna seomraí codlata chun meabhrú duit athchúrsáil a dhéanamh ar bhruscar uaidh sin chomh maith le dramhaíl ón gcistin.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 02/03/2011
Comhshaol
Question: Tá na cineálacha éagsúla plaistigh ag cur mearbhall orm. Níl a fhois agam cé acu ar féidir liom a chur nó nach féidir liom a chur sa bhosca athchúsála?
Answer: B'fhurasta mearbhall a bheith ar dhuine agus an oiread sin cineálacha plaistigh ann!
Moltar sa chás seo iarraidh ar do chonraitheoir liosta soiléir de na nithe a ghlacann siad leo agus na nithe nach nglacann siad leo a chur ar fáil duit, toisc nach ionann an réimse ábhar a ghlacann gach conraitheoir. Fiú má bhíonn rud éigin in-athchúrsáilte, ní ghlacann gach conraitheoir le gach cineál ábhar in-athchúrsáilte. Is fearr mar sin an scéal a phlé le do sholáthraí seirbhíse féin.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 02/03/2011
Cultúr & na hEalaíona
Question: Cad is féidir liom a dhéanamh le seanchoinnle? Tá mála iomlán agam de choinnle caite.
Answer: D'fheadfá coinnle nua a dhéanamh astu! Tá múnlaí agus sloite ar fáil go forleathan i siopaí ealaíón agus ceardaíochta, ní gá duit ach na seanchoinnle a leá agus cinn bhreá nua a dhéanamh díobh. Is féidir leat ruaimeanna agus cumhráin a cheannach fiú chun cur sna coinnle nua! Dhéanfadh giota beag de chrián d'ard-chaighdeán cúis na ruaime chomh maith agus dath a chur i do choinneal nua.
For more information, contact:
Rannóg Comhshaoil (Feasacht)
Last updated: 02/03/2011
Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár, Comhairle Contae Mhaigh Eo
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Teileafón : Teileafón: (094)902 44 44
R-phost : R-phost: Environment@mayococo.ie
Uaireanta Oscailte: 9:30 r.n. go 1:00 i.n.
agus 2:00 i.n. go 4:30 i.n.
