Mayo County Council logo
Navigation

Trá Chliara

Clare Island - Blue Flag Beach

Trá Chliara

Tá Cliara suite 5km ón mórthír ag béal Chuan Mó. Tá geolaíocht ilghnéitheach le fáil ar an oileán agus faightear gaineamhchlocha agus scealla Dháil Riada, gaineamhchlocha carbónmhara, scealla comhcheirtleáin agus rogha de charraigeacha Siolúracha.

Tá go leor den talamh íseal clúdaithe le cré bholláin agus ábhar oighreach áitiúil. Is í an ghné thiarnasach den oileán ná iomaire a shíneann idir an t-oirthear agus an t-iarthar, a bhfuil airde 462 méadar aige ag an gCnoc Mór agus a chruthaíonn aillte cósta ar chladach an iarthuaisceart.

Rinne Robert Lloyd Praeger suirbhé mór bitheolaíochta ar Chliara idir 1909-1911. Is é an suirbhé seo an fardal is cuimsithí dúlra agus áitribh a rinneadh ar aon suíomh geografach amháin go luath sa chéad sin, agus chur sé Cliara ar thús cadhnaíochta mar áit uathúil chun tuilleadh staidéar a dhéanamh uirthi. Coimisiúnadh Suirbhéireacht Nua Chliara sa bhliain 1991 chun filleadh ar an oileán agus na hathruithe atá tagtha ar an timpeallacht agus ar shaol an oileáin a mheas, agus comparáidí a dhéanamh idir oileán an lae inniu agus mar a bhí sí aimsir na chéad suirbhéireachta. Tá cúig chuid i gceist leis an tSuirbhéireacht Nua: Seandálaíocht, Stair agus Cultúr, Luibheolaíocht, Geolaíocht agus Zó-eolaíocht.

Tá Cliara ar na háiteanna is tábhachtaí sa tír ó thaobh éanlaith farraige, agus tá pobail d'ocht speiceas éagsúla a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo, an pobal fulmairí is mó sa tír ina measc. Seasann sí amach don raon leathan éan farraige goir a fhaightear ann, agus 13 speiceas ann ag pórú go minic. Tá pobal cág cosdearg ann freisin a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leis, agus fabhcúin ghorma neadaithe, atá araon liostáilte in Iarscríbhinn I den Treoir maidir le hÉin ón Aontas Eorpach.

Tá pobail seagaí, faoileán bán, droimneach mór, saidhbhéar, forachan, crosán agus forachan dubh a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo ar fáil ar an oileán chomh maith. Cé nár tháinig aon mhéadú ar an gcóilíneacht gainéad ó bunaíodh é sa 1970í, tá sé suntasach mar sin féin mar nach bhfuil ach cúig chóilíneacht den chineál seo sa tír agus is é seo an t-aon cheann ar chósta an iarthair.

Shag‎Seaga  ‎Saidhbhéar

I measc na n-éan goir eile a fhaightear ar an oileán tá an puifín, an broigheall, an droimneach beag, agus an faoileán scadán. Níl an chóilíneacht broigheall ar an bhfód anseo ach le roinnt blianta anuas.

Tá laghdú mór tagtha ar líon na bhfaoileán scadán ar an oileán ó 1982 i leith áfach, rud a thagann leis an gclaonadh ginearálta ar fud na tíre.

Tá an t-oileán fíorthábhachtach don phobal cág cosdearg atá ann áfach. Neadaíonn na héin ar na haillte agus de réir taigde a rinneadh, ní ghnách don chág cosdearg dul níos faide ná 300 méadar ón gcósta ar thóir foráiste. Is suíomh traidisiúnta neadaithe don fhabhcún gorm é Cliara, agus cúpla amháin ar a laghad ann beagnach gach bliain. 

Lesser Black Backed Gull‎Droimneach Beag CormorantBroigheall 

Aillte Cósta

Aillte ingearacha i measc fánaí géara féaracha agus carraigeacha ollmhóra atá sna haillte cósta ar chladach thuaidh an oileáin. Níl easpa fásra ar na haillte, agus iad clúdaithe le féara agus luibheanna cosúil leis an méaracán gorm, an néalfartach agus an feisciú dearg.

In uachtar na n-aillte faightear cnuasach fásra Alpaigh le raon leathan speiceas, roinnt speiceas neamhghnách ina measc. Ar bhruach na n-aillte íochtaracha faightear báinseach slánlusanna: fásra íseal ina fhaightear Naprúin Phádraig go príomha (adharca fia agus slánlus mara). Tá cnuasach d’fhásra Alpach in uachtar na n-aillte.

Tá trí lochán suite sa droimín idir Cnoc na bhFian agus an Cnoc Mór. Is cosúil go raibh loch eile in iarthar an oileáin – Loch an Mhuilinn – ach é draenáilte anois agus an suíomh féin faoi bhrat giolcach. Tá an talamh thalmhaíochta suite ar chósta theas an oileáin. Faightear pócaí móna go minic ag foinsí aibhneacha. Tá trá ghainmheach amháin agus dumhcha lonnaithe ag an gcé, agus tá riasc goirt beagán níos faide soir ó thuaidh ag Ceann na Corra. Cladach carraigeach atá sa chósta theas atá breac le tránna fíobheaga bollán. Ar an gcladach siar siar ó thuaidh tagann na haillte fíorghéara a luadh cheana isteach in áit na gcarraigeacha. Tá titim 500m ó bhuaic na haille airde seo isteach san fharraige thíos faoi.

Stair

Tá Cliara báite sa stair, go háirithe de bharr an gaol a bhí aici le muintir Uí Mháille, an clann iomráiteach farraige sin, agus leis an gcaptaen mór loinge agus foghlaí mara Gráinne Ní Mháille, nó Gráinne Mhaol mar a tugadh uirthi in Annála na hÉireann. Coimeádaithe an chósta idir Cuan na Gaillimhe agus Bá Dhún na nGall ba ea muintir Uí Mháille. Bhí siad fíochmhar i gcosaint fharraigí a ndúiche. I ndiaidh bhás Ghráinne Mhaol thart ar 1601 chaill muintir Uí Mháille seilbh ar Chliara agus ghabh Uileog de Búrca, Iarla Chlann Riocaird air ar dtús. Níos faide anonn sa seachtú haois déag ghabh ríocht na Breataine seilbh uirthi agus bronnadh ar eachtránaí Sasanach í, a dhíol ina dhiaidh sin le Ó Máille as Béal an Chláir. Coinníodh i seilbh mhuintir Uí Mháille í go dtí an naoú haois déag nuair a mhorgáistigh Sir Samuel Ó Máille le Comhlacht Árachais i Londain í. Dhíol an t-úinéir deiridh príobháideach í le Bord na gCeantar Cúng a bunaíodh in 1891 chun bochtanas agus dálaí plúctha maireachtála in Iarthar na hÉireann a mhaolú.

Suíomhanna Stairiúla

Tá raon leathan suíomhanna stairiúla ar fáil ar Chliara. I measc na gceann is féidir teacht orthu go héasca tá tuama meigiliteach, deich ndún ceann tire, botháin agus córais páirceanna ón Iarannaois agus breis is 45 fulacht fiadh (suíomhanna cócaireachta na Cré-umhaoise).

Tá cáil ar an oileán de bharr na Mainistreach Chairmilítí atá suite i ndeisceart an oileáin. Bunaíodh sa tríú haois déag í mar theach de chuid Mhainistir Chnoc na Muaidhe, Co. na Gaillimhe. Tógadh an foirgneamh atá ann faoi láthair sa chúigiú haois déag, agus tá saingeal, corp na heaglaise agus sacraistí ar fáil ann. Tá caisleán Ghráinne Mhaol ar an oileán freisin, atá suite ar cheann ard tire ó dheas ón gcé.  Chuir Sir Samuel Ó Máille oibreacha ar bun go luath sa naoú haois déag ina ndearnadh athchóiriú ar an gcaisleán le húsáid ag an nGarda Cósta.

 

Léarscáil de Thrá Chliara (Document)

Léarscáil de Thrá Chliara le heochair eolais (Béarla)
Formats Available:


Siúlóid Lúibe Chliara


(Comhshaol)
Cliara - Siúlóidí Lúibe an Fháin Ghlais agus Knocknaveena

Siúlóid Lúibe Chliara-read the full story.

Posted: 12/08/2013

Tránna Mhaigh Eo

An Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : Teileafón: (094) 9024444
R-phost : environment@mayococo.ie
Oscailte: 9:00 r.n. go 1:00 i.n. agus 2:00 r.n. go 5:00 i.n

  More Mayo County Council and Local Government Websites