Mayo County Council logo
Navigation

Trá Chuan Oilí

Trá Chuan Oilí

Fáilte go dtí Cuan Oilí, ceann de na Tránna Brait Ghoirm ar chósta Mhaigh Eo. Tá an trá seo, a bhfuil an-tóir uirthi, lonnaithe ar leithinis Bhéal an Mhuirthead, timpeall 9 km ó dheas de bhaile Bhéal an Mhuirthead.

Eolas ar Chuan Oilí

Éanlaith

Limistéar inspéise ó thaobh eolaíochta

Stair an cheantair

Tuilleadh Eolais

 

Eolas ar Chuan Oilí

Tábhacht réigiúnach á mheas

Is cuan beag cosanta é Cuan Oilí, atá in aice le Calafort Oilí, agus tá sé suite ar leithinis an Mhuirthead in iarthuaisceart Mhaigh Eo. Tá na tailte cósta atá timpeall ar Chuan an Fhóid Duibh agus ar Chuan Chnocán na Líne chomh maith le leithinis spéisiúil an Mhuirthead suite ar charraigeacha ón ré RéamhChaimbriach a théann chomh fada siar leis an aimsir Leodhaiseach Móineach. Is Naghas-Leodhaiseach í an gheolaíocht bhunaidh i gCuan Oilí.

Trá Chuan Oilí :  Limistéar Caomhantais Spesialta

Teideal  Limistéar Comhantais Speisialta
Réimsí ina bhfuil an trá ina díol spéise  Luibheolaíocht, Éiceolaíocht, Geolaíocht, Éaneolaíocht, agus Míoleolaíocht
Grádú  Tábhacht Idirnáisiúnta

Tá trá Chuan Oilí ina chuid de limistéar níos mó ina bhfaightear cineálacha de ghnáthóga ilghnéitheacha, gnáthóga mara ach go háirithe. Cuimsíonn an limistéar ainmnithe píosaí fairsinge de chórais dumhcha ar an gcósta thiar de leithinis an Mhuirthead. Tá limistéir fhairsinge de thalamh féaraigh duimhche agus machairí taobh thiar de na dumhcha. Tá tábhacht faoi leith luibheolaíoch leis an talamh féaraigh seo. Tá tábhacht freisin le coimpléasc an Mhuirthead / Fhóid Duibh mar gheall ar an líon lapairí goir agus éin ghéim gheimhridh a bhaineann úsáid as.

Éanlaith

Coilíneachtaí Éan

Tá roinnt lochanna goirt le fáil ar an suíomh, is iad sin Loch Thearmann Caithreach, Loch na Croise agus Loch na Léime. Tá tábhacht leo ó thaobh lapairí goir, lena n-áirítear Cearc Ghainimh, Naoscach, Pilibín, Glúineach Dhearg, agus is ann atá an t-aon suíomh goir in Éirinn don Fhalaróp Gobchaol. Tá tábhacht leis an gceantar freisin le haghaidh éin ghéim gheimhridh, lena n-áirítear an Lacha Dhubh, Lacha Iascán, Eala Ghlórach, Feadóg Shléibhe agus an Ghé Ghiúrainn.

Faightear limistéir mhuirisce i gcuanta cosanta agus i mbearnaí cósta ar líne an chladaigh i gCuan an Fhóid Duibh. Tá líon tábhachtach idirnáisiúnta de Chadhain le fáil i gCuan an Fhóid Duibh chomh maith le Roilleach, Crotach, Guilbneach, Stríocearrach, Feadóg an Fháinne, Glúineach Dhearg, Cearc Ghainimh agus Laidhrín Geal. Is féidir na héin seo a leanas a fheiceáil ar an trá:

Faoileáin    

  • Cóbach
  • Droimneach Beag
  • Faoileán Scadan
  • Faoileán Bán

Geabhróga

  • Geabhróg Scothdhubh
  • Geabhróg Bheag
  • Geabhróg
  • Geabhróg Artach

Limistéar inspéise ó thaobh eolaíochta

Gnáthmhachairí Duimhche Trá

Faightear machairí ísle réidhe sceirdiúla ar an gcósta thiar. Is éard atá i gceist leis an téarma ‘machaire’ ná an limistéar uile ón trá go dtí an talamh chúil nó limistéar dhromchla an mhá ghainimh, gan na dumhcha cósta frainseála a chur san áireamh. Faightear ann meascán de ghaineamh siliciúil agus cailcreach de réir chandam éagsúil. Tagann an gaineamh siliciúil ó thillí oighreacha agus dríodar a shil-leagtar ar an ardan mara tar éis an oighriúcháin. Tagann an gaineamh cailcreach ó chreatlacha ainmhithe a mhair agus a mhaireann fós ar an ardán mara.

Tá na tránna atá ar thaobh an chósta den mhachaire cuibhrithe i gcuan beag idir dhá cheann tíre arda. Tá teorainn uachtair na trá marcáilte le hiomaire de phúróg nó de dhuirleog agus tá dumhcha ísle a chruthaíonn iomaire simplí ann. Cruthaítear an machaire de thoradh oiriúnú an chósta don bharraíocht ghainimh atá sa gcrios mara a cruthaíodh tar éis an dí-oighriúcháin. Laghdaíonn ar chomhréir an ghainimh chailcrigh de réir aois an chórais duimhche, fad ón bhfarraige agus méid an tsáithithe uisce.

Taobh thiar de na dumhcha is í príomhthréith thopagrafaíocht an mhachaire má chothrom réchlaonta, go hiondúil faoi bhun 20 troigh agus is cosúil gur léiriú í an airde íseal seo ar an aois. Marcálann scairp ghainimh a bhfuil a haghaidh chun na farraige teorainn talún an mhachaire ísil réidh; síneann fána chúil na scairpe tríd go dtí an talamh chúil.

Fásra Machaire

Dumhach thrá atá go hiomlán cobhsaí agus clúdaithe le fásra atá sa mhachaire. Tá muiríneach agus táithean le fáil – a fhaightear go tipiciúil i ngnáthóga ina bhfuil gaineamh oscailte – ar na dumhcha trá agus intíre san áit a bhfuil creimeadh agus athshil-leagan coitianta. Faightear pobail féir a bhfuil gaol gairid acu le talamh féaraigh chailcreach sna limistéir chobhsaí den mhachaire cé nach bhfaightear oiread de na speicis a bhfuil tóir acu ar an aol.

Tá an innilt ina cuid chomh deargriachtanach sin d’fhorbairt na machairí sa chaoi go bhfuil sí suntasach mar dháil foirmithe in éineacht leis an aeráid agus le próiseanna bunsraithe agus fiseagrafacha. Tá feirmeoireacht déanta ar an machaire sa tslí is nár baineadh óna thorthúlacht nó a spéis gheomoirfeolaíoch. Tá spéis léirithe le deireanas i bhfeabhsú an chumais talmhaíochta. Sa timpeallacht seo áfach, is féidir le leasúcháin cheimiceacha an machaire a dhéanamh leochaileach don chreimeadh agus is fearr leasúcháin orgánacha a úsáid ó thaobh cúrsaí caomhnaithe de. Chomh maith leis sin san áit a ndéantar treabhadh ar an machaire nó má bhíonn iomarca tráchta air, nó má dhéantar ró-innilt nó ma bhíonn iomarca coiníní ann, scriostar an brat fásra agus tarlaíonn creimeadh gaoithe.

Stair an cheantair

Tógadh baile an Gheata Mhóir, atá suite ocht míle ó thuaidh de Chuan Oilí sa bhliain 1796. Ba é an Major Dennis Bingham a thóg é. Is mar bhaile tiarna talún a tógadh é ar dtús chun seirbhísí a sholáthar d’eastát Bhingham. Níor tógadh príomhbhóthar isteach go hIorras ó Chaisleán an Bharraigh go dtí 1817 agus ní dheachaigh sé tríd an nGeata Mór go dtí 1824. Thóg Richard Bingham a chaisleán ag Cuan Oilí sa bhliain 1795. Úsáideadh stíl faoi leith agus bhí na hoifigí agus na gairdíní ar chóimhéid le méid iomlán an fhoirgnimh. Tógadh é ar an taobh ó thuaidh de Chuan Oilí. Níl mórán de chaisleán Bhingham le feiceáil inniu ach amháin an bhunchloch agus féar íseal ag fás uirthi. Leagadh cuid den chaisleán in aon turas sa bhliain 1929. Baineadh an chuid eile den chaisleán le himeacht na mblianta agus baineadh úsáid as na clocha chun foirgnimh eile a thógáil sa cheantar.

Sa bhliain 1825 bhunaigh na Cárthaigh as Béal an Mhuirthead lonnaíocht le dul in iomaíocht leis an nGeata Mór. De réir mar a d’fhás an baile bhí tóir níos mó ar an aonach a bhíodh ann agus thóg sé go leor den ghnó ón nGeata Mór. Faoi dheireadh, chun aonach an Gheata Mhóir a choinneáil beo shocraigh an Major Bingham geata mór a chur trasna an bhóthair. Aon duine a thabharfadh a gcuid bó amach as an nGeata Mór le dul go haonach Bhéal an Mhuirthead bhíodh dola le n-íoc acu ag dul amach an geata. Is as seo a tháinig an t-ainm ‘An Geata Mór’ ar ‘Binghamstown’. Faoi dheireadh an naoú haois déag is beag úsáid a bhí á baint as an nGeata Mór. An úsáid ba mhó a baineadh as Calafort an tSáilín eisimircigh a thabhairt ar bháid go Meiriceá.

Tuilleadh Eolais

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar an gceantar - ar na nithe is díol spéise ann do thurasóirí nó ar imeachtaí a bheidh ar siúl ann mar shampla - breathnaigh ar na naisc atá luaite thíos:

Imeachtaí, nuacht agus áiseanna i mBéal an Mhuirthead

www.discoverireland.ie

www.northmayo.ie

www.met.ie (Le haghaidh tuar reatha aimsire)

Léarscáil de Thrá Chuan Oilí (Document)

Léarscáil de Thrá Chuan Oilí le heochair eolais (Béarla)
Formats Available:


Tránna Mhaigh Eo

An Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 9024444
R-phost : environment@mayococo.ie
Oscailte: 9:00 r.n. go 1:00 i.n. agus 2:00 r.n. go 5:00 i.n

  More Mayo County Council and Local Government Websites