Mayo County Council logo
Navigation

Trá an tSeanchinn

Trá an tSeanchinn

Fáilte chuig Trá an tSeanchinn, suite ar chósta Mhaigh Eo. Tá an trá seo, a bhfuil an-tóir uirthi, lonnaithe 16 ciliméadar (10 míle) siar ó Chathair na Mart.

Éanlaith

Limistéar inspéise ó thaobh eolaíochta

Tuilleadh eolais

Éanlaith

Seo a leanas roinnt de na héin is coitianta a fheictear ar an trá:

  • Broigheall
  • Seaga

Lapairí

  • Naoscach
  • Pilibín
  • Roilleach

Geabhróga

  • Geabhróg
  • Geabhróg Artach
  • Geabhróg Scothdhubh

Faoileáin

  • Faoileán Bán
  • Saidhbhéar
  • Sleibhín
  • Droimneach Mór
  • Droimneach Beag
  • Faoileán Scadán

Limistéar inspéise ó thaobh eolaíochta

An Seancheann

Doire Atlantach ag fás faoi dhálaí eisceachtúla atá ar an Seancheann, agus tá sé ar an fíorbheagán de na doirí seo atá buailte leis an gcósta féin. Tá tábhacht idirnáisiúnta ag baint leis ó thaobh luibheolaíochta, zó-eolaíochta agus éaneolaíochta de mar gheall ar an uathúlacht seo. Tá na tulacha an tSeanchinn clúdaithe ag coill agus fraoch. Cruthaíodh tulacha an tSeanchinn de bharr carraig asluiteach den tSean-Ghaineamhchloch Rua a fhaightear i nGleann Néifinne. Baineann na cineálacha crann agus fraoigh atá ann leis na cré-ithreacha agus na hithreacha móinteacha a luíonn faoi.

Is fairsinge an choill ar leaca thoir an chnoic - ar thaobh an fhoscaidh.  Crainn daracha a fhásann ann go príomha, ach le cineálacha eile crann a fhásann leis go minic ina measc: an caorthann, an bheith agus an saileach mar shampla. Fásann buaircíní, sprús sitceach agus an fheá den chuid is mó, ann freisin. Cuireann bogthaise rí-ard an cheantair borradh faoi fhás na léicean ar na crainn, agus is suntasach an radharc iad.  Is iad na speicis mhóra mar an crotal coille, sticta, léicean meigeallach, agus parmelia na cinn is mó a thabharfá faoi deara. Breathnaíonn siad ar nós tom crochta, uaireanta bíonn siad daingnithe i gcaonach agus d'fhéadfadh siad a bheith chomh mór le 60cm ar leithead. Faightear go leor leor luibheanna sa choill chomh maith, agus i measc na cinn is spéisiúa tá garbhógach (Selaginella kraussina) agus cíb mhín (Carex laevicata) Tá sé tábhachtach d'éanlaith an cheantair toisc go soláthraíonn sé foscadh is beatha dóibh i réigiún atá gann ar chrainn i gcoitinne. Tá an ceantar leochaileach go leor, agus b'fhurasta dochar a dhéanamh dó tríd an iomarca plandaí a tharraingt (léicin go háirithe) nó trí speicis neamhdhúsacha a chur san áit arís. Bhainfí de luach eolaíoch an cheantair chomh maith dá rachfadh an fheá agus an seiceamóir i bhfairsinge.

Foirmiú aillte

Is as till oighreach nó cré bholláin atá na haillte ag an Seancheann déanta. Ábhar is ea so a bhailigh agus a d'iompair an chlúid oighir léi, agus a scaoil uaithi óna híochtar. Ní minic a dhéantar scagadh ar ualach an oighir i ndiaidh a scaoilte, agus dá bhrí sin faightear bolláin, púróga, gaineamh agus caite anuas i dtoll a chéile. De thoradh an till seo gan a bheith srathaithe tá sé lag, agus déanann meáchan an oighir os a chionn é a dhingeadh go mór. Tugann cumadh an till oighir léiriú ar na cineálacha carraigeacha a ghluais an chlúid oighir tharstu.

Seo a leanas na próisis choitianta a tharlaíonn nuair is carraigeacha neamhdhlúite ábhar na haille - till oighir sa chás seo:

déanann gníomhaíocht an uisce an aill a scéimghearradh nó titim na haille a ghéarú; titeann aghaidh na haille dá bharr; agus beireann an fharraige an t-abhar seo leis chun na farraige (beirtear roinnt ábhar amach níos sciobtha ná a chéile)Léiríonn próifíl na haille cé chomh sciobtha is atáthar á creimeadh. Más aill bhog atá ann, feictear go bhfuil an t-uisce á sciúradh ag a bun, agus is iondúil sa chás seo go bhfeictear sleabhcadh an ábhair neamhdhlúite san aill os a chionn. Más aill "mharbh" atá déanta as ábhar neamhshrathaithe atá ann, díghrádófar agus clúdófar le fásra í gan mhoill. Creimtear aillte boga go sciobtha ar dtús, ach de réir a chéile tagann maolú ar an bpróiseas go dtí go stopann sé go hiomlán.  Cuirfear tús leis arís áfach má bhaintear an smionagar de bhun na haille, mar ba é sin a bhí ag cosaint na haille ó ghníomhú na dtonn. Ní foláir go scuabtar an t-ábhar a thiteann den aill amach chun na farraige chun próiseas an chreimthe a choinnigh sa siúl go leanúnach.  Mura scuabann, tógfar tránna fairsinge, goib, agus barraí - rudaí a mhaolaíonn cumhacht na dtonn agus a chosnaíonn bun na haille ón gcreimeadh.

Locháin charraige

Locháin bheaga uisce a fhágtar ar an gcladach nuair a thránn an taoide is ea locháin charraige. Braitheann líon speicis na n-ainmhithe istigh iontu ar líon na bpoll agus na bprochóg atá ann. Maireann cuid de na hainmnithe iontu i gcónaí, ach bíonn cuid eile acu ann toisc gur triomaíodh ar an gcladach iad i ndiaidh trá na taoide, agus ní thiocfaidís slán murach uisce na lochán sin. Tagann athruithe ollmhóra ar dhálaí maireachtála na gcréatúr seo gach lá, idir athruithe teochta, athruithe salandachta agus athruithe sa soláthar aeir.

Tuilleadh eolais

Más mian leat tuilleadh eolais a fháil ar an gceantar - ar na nithe is díol spéise ann do thurasóirí nó ar imeachtaí a bheidh ar siúl ann mar shampla - breathnaigh ar na naisc atá luaite thíos:

www.discoverireland.ie

www.mayo.ie

www.destinationwestport.com

www.met.ie (le haghaidh tuar reatha aimsire)

Léarscáil de Thrá an tSeanchinn (Document)

Léarscáil de Thrá an tSeanchinn le heochair eolais (Béarla)
Formats Available:


Tránna Mhaigh Eo

An Rannóg Comhshaoil
An Dara hUrlár
Áras an Chontae
An Meal
Caisleán an Bharraigh
Co. Mhaigh Eo
Teileafón : (094) 9024444
R-phost : environment@mayococo.ie
Oscailte: 9:00 r.n. go 1:00 i.n. agus 2:00 r.n. go 5:00 i.n

Bealaí Rothaíochta - Cluain Cearbán


(Comhshaol)
Bealaí Rothaíochta i gCluain Cearbán a théann thar thránna an tSeanchinn agus na Ceathrún Móire.

Bealaí Rothaíochta - Cluain Cearbán-read the full story.

Posted: 12/08/2013

  More Mayo County Council and Local Government Websites