Na Rialacháin um Bainistiú Dramhaíola (Dramhbhia), 2009
Is é Treoir an Aontais Eorpaigh maidir le Líonadh Talún an cháipéis a stiúrann reachtaíocht na hÉireann ó thaobh cúrsaí dramhaíola de. Cuireann an Treoir seo iallach orainn méid na dramhaíola a chuirimid i láithreáin líonta talún a laghdú. Ina theannta sin, ní mór dúinn méid na dramhaíola in-bhithmhillte a chuirimid i láithreáin líonta talúna a laghdú go mór roimh mhí Iúil 2010. De réir na Straitéise Náisiúnta um Dhramhaíl In-bhithmhillte, caithfear 36% den dramhaíl in-bhithmhillte a choinneáil amach ó láithreáin líonta talún in 2010. Díríonn na rialacháin - a tugadh isteach i mí na Nollag 2009 - ar an earnáil tráchtála, agus tá sé i gceist acu gnólachtaí a spreagadh chun dramhaíl a scagadh óna tús, agus chun aird a dhíriú ar na húsáidí fóinteacha atá ag fuílleach bia. Tagann na Rialacháin i bhfeidhm go hiomlán ar 1 Iúil 2010. Ón dáta seo amach, ní bheidh cead ag an gcuid is mó de ghnólachtaí fuílleach bia a chur sa bhosca bruscair.
Cuirtear iallach ar na dreamanna is mó a ghineann fuílleach bia - foirgnimh Stáit ina n-ullmhaítear bia, bialanna agus caféanna, soláthraithe bia the, díoltóirí réamhchúirte, ceaintíní, óstáin agus tithe móra lóistín, ospidéil, ollscoileanna, aerphoirt, ollmhargaidh, agus soláthraithe eile bia - dramhaíl a scagadh ionas go mbeifear in ann na hábhair éagsúla a bhailiú ag amanna ar leith. Is féidir leis na na táirgeoirí seo an fuílleach bia a chur ar aghaidh chuig saoráid ceadaithe cóireála, nó an bia a chóiriú ar a n-áitreabh féin, faoi réir formheasa. Ní mór d'eagraithe de roinnt seóanna trádála cloí leis na Rialacháin chomh maith, agus Plean Bainistíochta Dramhbhia a ullmhú.
Tabhair ar d'aire, áfach, nach mbaineann an maolú do ghnólachtaí a ghineann níos lú na 50kg bia in aghaidh na seachtaine - mar a shonraítear faoi fhorálacha Rialachán 3(2) - le gnólachtaí laistigh de limistéar Údarás Áitiúil Mhaigh Eo. Ta iallach ar na háitribh ar fad sa limistéar sin cloí leis na rialacháin, de réir choinníollacha na gCeadanna Bailithe Dramhaíola a eisítear sa réigiún.
Ceisteanna Coitianta, ullmhaithe ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil.
Bia a chur amú? Táimid uile ciontach as!
Táimid uile ciontach as fuílleach bia a chruthú - bíodh sé sa bhaile, ar scoil, ag an obair nó i mbialann.
Caitear formhór an bhia seo sa bhosca bruscair, agus cé do ndéantar múirín de chuid de, téann fórmhór mhór de chuig an ionad líonta talún áitiúil. San ionad líonta talún, lobhtar an bia seo agus cruthaítear meatán agus gáis eile dá bharr. Ní hamháin go mbíonn boladh bréan as, ach is drochgháis cheaptha teasa iad chomh maith.
Cosnaíonn fuílleach bia tuairim is €700 ar gach teaghlach in aghaidh na bliana. D'fhéadfadh an costas a bheith os cionn €1,000 do roinnt teaghlach! Cur amú scanallach bia agus airgid atá ann - cuimhnigh ar na turais thar lear a d'fhéadfá a bheith agat in ionad an méid bia sin a chaitheamh de láimh.
Príomhchineálacha bia a chuirimid amú
De réir taighde, is iad na príomhchineálacha bia a chaitear amach go rialta ná:
Breathnaigh ar an suíomh idirlín www.stopfoodwaste.ie (nasc seachtrach) chun tuilleadh eolais a fháil ar modhanna orduithe, siopadóireachta, stórála agus cócarála a laghdófar an méid bia a chuirtear amú.