Mayo County Council logo

Deontais Ardoideachais don Bhliain Acadúil 2012/13


Tá córas nua iarratais ar dheontais ardoideachais, atá ar fáil AR LÍNE AMHÁIN, curtha i bhfeidhm don bhliain acadúil 2012/13.  

Ba chóir iarratais NUA a dhéanamh ar líne chuig an údarás lárnach dámhachtain, Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn (SUSI), anseo

Ba chóir duit d’iarratas ar dheontas mac léinn a dhéanamh chuig SUSI anseo, ach amháin má tá deontas agat cheana féin ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus go bhfuil tú ag leanúint ar aghaidh leis an gcúrsa céanna in 2012/13. 

CÉ CHUIGE A NDÉANFAIDH MÉ IARRATAS?

Sa chás go bhfuair tú deontas roimhe seo ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo, agus go bhfuil tú ag leanúint ar aghaidh leis an gcúrsa céanna sa bhliain 2012/13 is í Comhairle Contae Mhaigh Eo a riarfaidh do dheontas go dtí go gcríochnaíonn tú an cúrsa atá ar bun agat faoi láthair.  Déanfaidh Comhairle Contae Mhaigh Eo teagmháil leat go luath i samhradh 2012 agus míneoidh siad duit conas do dheontas a athnuachan.

Más ag tosú ar an gcoláiste tríú leibhéal atá tú in 2012/13 ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar líne chuig SUSI anseo.

Sa chás go bhfuil tú i mbun cúrsa cheana féin, ach gurb í 2012/13 an chéad bhliain duit a bheith ag déanamh iarratais ar dheontas ba chóir duit d’iarratas a dhéanamh ar líne chuig SUSI anseo.

Sa chás go bhfuair tú deontas ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo roimhe seo, ach go bhfuil cúrsa nua á thosú agat in 2012/13 (cúrsa iarchéime mar shampla) ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig SUSI anseo.

 

CÉN UAIR IS FÉIDIR LIOM IARRATAS A DHÉANAMH CHUIG SUSI?

Is féidir leat d’iarratas chuig SUSI a dhéanamh ar líne anois anseo.

Cuir d’iarratas ar dheontas chuig SUSI isteach a luaithe agus is féidir.  Ní gá a bheith cinnte cén cúrsa a bheidh ar bun agat chun iarratas a dhéanamh ar dheontas. 

Bí cinnte, áfach, go mbreathnaíonn tú ar www.studentfinance.ie sula ndéanann tú iarratas ionas go mbeidh tú eolach ar gach a mbaineann le deontais mac léinn agus chun na treoirlínte chun iarratas a dhéanamh a léamh.

Tá an critéir incháilithe agus uasteorainneacha ioncaim inríofa le fáil i Scéim na nDeontas Mac Léinn, 2012 agus sna Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2012  

 

SEIRBHÍS TACAÍOCHTA SUSI

Mar chuid den tseirbhís tacaíochta a sholáthraíonn SUSI do mhic léinn, tá Deasc Tacaíochta curtha ar bun acu a ghlacann le ceisteanna tríd an ríomhphost nó ar an bhfón. 

Is féidir ríomhphost a chur chuig Deasc Tacaíochta SUSI ag support@susi.cdvec.ie nó glaoch a chur orthu ag 076 108 7874. 

Tá Deasc Tacaíochta SUSI ar oscailt ó 9.00am – 10.00pm (Luan – Aoine) agus ó 9.00am – 6.00pm (Satharn).


TABHAIR FAOI DEARA GO MBEIDH TIONCHAR AG NA BEARTA A LEANAS, A D’FHÓGAIR AN TAIRE AIRGEADAIS MAR CHUID DE CHÁINAISNÉIS 2012, AR MHIC LÉINN SA BHLIAIN ACADÚIL 2012/13.

A: Laghdú sna rátaí foriomlána deontais a thairgtear

  • Cuireadh laghdú 3% ar rátaí na ndeontas mac léinn uile i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2012.
  • Baineann an laghdú seo le deontais a ceadaíodh cheana féin agus deontais nua araon.

B: Deontais Taillí agus Chothabhála do mhic léinn ag tosú cúrsaí iarchéime*

  • Ní bheidh aon deontas cothabhála faoi Scéim na nDeontas Mac Léinn ag dul do mhic léinn atá ag tosú cúrsaí nua iarchéime ón mbliain acadúil 2012/13 i leith.
  • D’fhéadfadh mic léinn ar an leibhéal is ísle ioncaim, áfach, atá ioncháilithe don ráta speisialta deontais agus atá ag tabhairt faoi chúrsaí nua iarchéime sa bhliain acadúil 2012/13, d’fhéadfadh siadsan a bheith incháilithe go n-íocfar a gcuid táillí teagaisc suas leis an uasteorainn táillí atá leagtha amach faoi Scéim na nDeontas Mac Léinn.
  • Beidh líon teoranta mac léinn ar leibhéal íseal ioncaim, agus a bheadh ioncháilithe do dheontas roimhe seo faoi ghnáth-thairseacha deontais, i dteideal Liúntas Táillí Iarchéime ar fiú €2,000 é a fháil chun cuidiú lena gcuid táillí a íoc. Tá tairseach ioncam nua i bhfeidhm don liúntas seo áfach, atá níos ísle ná tairseach an ghnáthdheontais.  Tá tairseacha ioncaim le fáil i Sceideal 1, Cuid A (Lch 36) de Scéim na nDeontas Mac Léinn, 2012.

C: Ranníocaíocht na Mac Léinn

  • Méadófar ranníocaíocht na mac léinn €250 sa bhliain acadúil 2012/13, go €2,250. Íocfar ranníocaíocht na mac léinn mar is ghnáth thar ceann na bhfochéimithe uile a thagann faoi scáth scéim na dTáillí Saor in Aisce agus atá incháilithe do thacaíocht atá tástáilte ó thaobh acmhainne, mar aon le cibé deontas táillí nó cothabhála atá ag dul dóibh.

  More Mayo County Council and Local Government Websites