Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Mótarcháin

Eolas Gaolmhar

Mótarcháin


An Rannóg Mótarchánach


Fáilte chuig an Rannóg Mótarchánach de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo.

I measc na gcúraimí atá ar an Rannóg Mótarchánach tá:

  • Dioscaí mótarchánach a eisiúint,
  • Ceadúnais tiomána a eisiúint,
  • Deimhnithe ar ródacmhainneacht d’feithiclí nó leantóirí tráchtála a eisiúint,
  • Athchóipeanna de cheadúnais tiomána, leabhair cláraithe feithicle, deimhnithe ceadúnaithe feithicle, dioscaí, agus deimhnithe ar ródacmhainneacht a eisiúint,
  • Plátaí trádála a eisiúint do thrádálaithe gluaisteán,
  • Leantóirí earraí ar mó ná 1524kg a meáchan (3,500 kg Ollmheáchan Feithicle) neamhualaithe a cheadúnú den chéad uair,
  • Garáistí a cheapadh ina dtástálaithe ceadaithe d'fheithiclí tráchtála,
  • Droichid mheáite údaraithe a cheapadh,
  • Athruithe ar úinéireacht feithiclí a cláraíodh roimh 1 Eanáir 1993 a phróiseáil.

Tabhair faoi deara nach féidir bearta thar an gcuntar a dhéanamh ach in Oifig Mótarchánach an chontae ina gcoinnítear an fheithicil de ghnáth. Caithfear iarratais tríd an bpost a sheoladh chuig Oifig Mótarchánach an chontae ina gcoinnítear an fheithicil de ghnáth comh maith.
Is í an Rannóg Seirbhísí Ríomhairí um Cheadúnú Tiománaithe agus Feithiclí, Sionainn, Co. an Chláir, a dhéileálann le hathruithe úinéireachta feithiclí a cláraíodh i ndiaidh 1 Eanáir 1993. (Teil: 061 365000 nó Íosghlao 1890 411 412.) Ríomhphost: motortax@environ.ie

 

Plátaí Trádála


Plátaí clárúcháin speisialta is ea plátaí trádála a eisítear do thrádálaithe mótar nó do dheisitheoirí ionas gur féidir leo feithiclí nach bhfuil cláirithe nó nach bhfuil cáin íoctha orthu go fóill a thiomáint ar an mbóthar. Tá úsáid na bplátaí seo ag trádálaithe mótar agus deisitheoirí srianaithe go cásanna dlisteanacha a bhaineann le trádáil mótar. Eisítear ar feadh tréimhse bliana féilire iad.

Seo a leanas costas na bPlátaí Trádála:

Gluaisrothar €51 pláta singil (€33 lena eisiúint ar an athuair)

Feithiclí uile eile €305 péire plátaí (€74 lena eisiúint ar an athuair)

 

Chun cuir isteach ar Phláta Trádála beidh na nithe a leanas de dhíth:  

1. Foirm Iarratais RF700 agus é comhlánaithe.

2. Cód an Gharáiste nó Uimhir Aitheantais an Déileálaithe Mótar - caithfidh an trádálaí mótar an cód seo a fháil ón Roinn Iompair.

3. Ní mór don uimhir CBL a bheith luaite ar an bhfoirm.

Uimhir chuntas rátaí nó uimhir chead pleanála agus an dáta ar ceadaíodh cead .i. fianaise go ndearnadh luacháil ar áitreabh an iarratasóra i gcomhair rátaí, nó, más áitreabh nua atá i gceist nach ndearnadh luacháil air fós, fianaise i leith an cheada phleanála.

5. Ní mór polasaí árachais do thrádálaí mótar a bheith faoi iamh leis an iarratas.

 

 

Ceadúnais Leantóra


Ní mór ceadúnas a fháil ón Oifig Mótarchánach le haghaigh leantóirí agus leathleantóirí iompórtáilte atá breis is 3,500 kg meáchan ualaithe (arb ionann agus 1½ tonna meáchan neamhualaithe) a úsáidtear i gcomhair iompar earraí.  

Is iad a leanas na foirmeacha atá de dhíth lena gclárú agus le cáin a íoc orthu:

  • TF100 – a úsáidtear chun leantóirí nó leathleantóirí a chlárú agus a cheadú.
  • TF200 – a úsáidtear chun athrú úinéireachta a chlárú.
  • T300 – teastas deimhnithe meáchain do leantóir nó leathleantóir.

 

Chun ceadúnas a fháil den chéad uair, beidh na nithe a leanas de dhíth ort:

  1. Foirm Iarratais TF100
  2. Teastas Deimhnithe Meáchain TF300
  3.  Táille €60

 

Chun Ceadúnas Leantóra a athnuachan:

  1. Foirm Iarratais TF100
  2. Cárta Ceadúnais TF5
  3. Deimhniú ar Ródacmhainneacht
  4. Teastas Deimhnithe Meáchain TF300 má athraíodh meáchan an leantóra ón uair dheiridh a fuarthas ceadúnas.
  5.  Níl aon táille i gceist.

 

Chun athrú sonraí, seoladh san áireamh, a chur in iúl, beidh na nithe a leanas de dhíth:

  1. Foirm Iarratais TF100
  2. Cárta Ceadúnais TF5

 

Chun díolachán an leantóra a chur in iúl, beidh na nithe a leanas de dhíth ort:

  1. Foirm Fógartha Aistrithe TF200
  2. Cárta Ceadúnais TF5, leagtha isteach ag an úinéar nua.

 

Le briseadh, scriosadh nó easpórtáil leantóra a chur in iúl, beidh na nithe a leanas de dhíth ort:

  1. Fógra scríofa briste / scriosta / easpórtála
  2. Cárta Ceadúnais TF5 a ghéilleadh

 

Tá cuid den eolas seo nach bhfuil ar fáil trí Ghaeilge faoi láthair. Chun breathnú ar an teolas seo go hiomlán í mBéarla, le do thoil, cniog ar an lipéad ‘’English’’ ar bhárr an leathanaigh.