Tá tú anseo: Baile > Seirbhísí > Mótarcháin > Ag athrú go dtí córas bunaithe ar C02 do charranna

Eolas Gaolmhar

I dtreo Córais Mótarchánach Charbónbhunaithe


I dtreo Córais Mótarchánach Charbónbhunaithe


Is de réir mhéid an innill a ghearrtar mótarcháin ar charranna faoin gcóras atá againn faoi láthair. Déantar an muirear mótarchánach ata le híoc ar charr a ríomh de réir mhéid an innill atá aige – dá láidre an t-inneall atá sa charr is amhlaidh is mó a bhíonn le híoc air.

I gcás carranna a chláraítear ó 1 Iúil 2008 i leith, déantar muirear mótarchánach a ríomh de réir an ráta astaíochta CO2 atá acu, bunaithe ar seacht mbanda CO2. Gearrfar muirear a réimseoidh ó €100 sa bhliain do na carranna is glaise ó thaobh an chomhshaoil de go dtí €2,000 do charranna leis an rátáil astaíochta is airde.

Maidir le carranna a cláraíodh idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008, gearrfar mótarcháin orthu ar dtús de réir an chórais atá bunaithe ar mhéid an innill (c.c.) atá ann cheana.Má théann sé chun leasa na gcarranna sin aistriú go dtí an córas mótarchánach CO2-bhunaithe, déanfar an t-aistriú sin agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008.  I gcás carranna a cláraíodh sa chéad dá ráithe den bhliain 2008, agus ar mhó an muirear mótarchánach a bheadh orthu faoin gcóras CO2-bhunaithe, leanfaidh siad orthu ag íoc mótarchánach de réir méid an innill.

Ní bhaineann an córas nua CO2-bhunaithe le carranna athláimhe a cláraíodh thar lear roimh 2008 agus a iompórtáladh ó shin iad.

Is é aidhm an chórais nua mótarchánach daoine a spreagadh chun carranna níos lú, níos glaine, agus níos éifeachtaí ó thaobh breosla de a úsáid.  Is céim chun cinn i gcoinne athrú aeráide é astaíochtaí dé-ocsaíd charbóin (CO2) ó charranna a laghdú, rud a bheidh chun leasa an chomhshaoil agus chun feabhais chaighdeán an aeir go háitiúil araon.

I gcás carranna a cláraíodh roimh 1 Eanáir 2008, íocfar mótarcháin orthu i gcónaí de réir mhéid an innill atá acu.

Gliogáil anseo chun tuilleadh eolais a fháil ar an gceist seo. 

Rátaí Mótarchánach bunaithe ar astaíochtaí CO2.  

Rátaí Mótarchánach bunaithe ar mhéid an innill (c.c.). 

Rates of Duty on Other Vehicles  

Feithiclí díolmhaithe.

Tá na feithiclí a leanas díolmhaithe ó dhliteanas cáin mhótair feithicle a íoc:-

(a) Feithiclí Stáit,

(b) Feithiclí taidhleoireachta,

(c) feithiclí atá díolmhaithe faoi na Rialacháin um Thiománaithe Míchumasaithe agus Paisinéirí Míchumasaithe (Lamháltais Chánach), 1994 (I.R. Uimh. 353 de 1994),

(d) feithiclí (lena n-áirítear aon rothar le gabhálas chun é a ghluaiseacht le cumhacht mheicniúil) atá oiriúnaithe agus a úsáidtear le haghaidh easlán nach mó ná 400 cileagram a meáchan neamhualaithe.

(e) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le daoine agus maoin a chaomhnú i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir,

(f) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun críocha tarrthála sléibhte agus pluaise,

(g) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun críocha cuardach agus aisghabhála faoi uisce,

(h) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína iompar nó trína tharraingt é) innealra déanta bóithre atá ionsuite mar chuid den fheithicil sin nó i gceangal go buan léi ar shlí eile, nach n-iompraíonn ach amháin earraí nó ábhair a úsáidtear chun críche an innealra déanta bóithre agus nach n-úsáidtear chun aon chríche ach chun bóithre a dhéanamh nó a dheisiú,

(i) cairteacha dramhaíle, innill scuabtha nó innill spréite uisce nach n-úsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh,

(j) otharchairr, rollóirí bóthair, nó innill dóiteáin,

(k) feithiclí atá á gcoimeád ag údarás áitiúil agus nach n-úsáidtear ach chun críche a seirbhíse briogáide dóiteáin.

Eolas Breise

1. Ba chóir neamhaird a dhéanamh ar cent i gcónaí agus rátaí leathbhliana agus rátaí ráithe á ríomh.

2. Ba chóir riaráistí sa bhreis ar aon mhí amháin a ríomh tríd an ráta riaráistí aon mhí amháin a iolrú faoin méid míonna atá i gceist agus neamhaird a dhéanamh ar cent sa toradh.

Ceisteanna coitianta faoin gcóras nua mótarchánach bunaithe ar CO2.

Cén chaoi a bhfuiltear ag athrú an modh ríomha mótarchánach?

I gcás carranna nua a chláraítear ó 1 Iúil 2008 ar aghaidh, déanfar an muirear mótarchánach a ríomh de réir an ráta astaíochta CO2 atá acu, bunaithe ar seacht mbanda CO2. Gearrfar muirear a réimseoidh ó €100 sa bhliain do na carranna is glaise ó thaobh an chomhshaoil de go dtí €2,000 do charranna leis an rátáil astaíochta is airde.

Rátaí: Déanfar rátaí mótarchánach a ghrádú de réir mar a théitear suas sna bandaí CO2, mar a leanas:

Banda

Astaíochtaí CO2 – graim/km

Ráta Bliantúil Mótarchánach

Banda A

nach mó ná 120 gram sa chiliméadar

€100

Banda B

breis is 120 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 140 gram sa chiliméadar

€150

Banda C

breis is 140 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 155 gram sa chiliméadar

€ 290

Banda D

breis is 155 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 170 gram sa chiliméadar

€ 430

Banda E

breis is 170 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 190 gram sa chiliméadar

€ 600

Banda F

breis is 190 gram sa chiliméadar ach nach mó ná 225 gram sa chiliméadar

€1,000

Banda G

breis is 225 gram sa chiliméadar

€2,000

Céard iad na feithiclí a mbaineann an córas nua leo?

Cairr nua, arna gclárú ag na Coimisinéirí Ioincaim do cháin chláirithe feithicle ar 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin, mar fheithicil i gcatagóir A, .i. carr paisinéirí.

Gearrfar mótarcháin ar charranna nua arna gclárú idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 de réir mhéid an innill i dtús báire. Má théann sé chun leasa na gcarranna sin aistriú go dtí an córas mótarchánach CO2-bhunaithe, déantar an t-aistriú sin agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008.  I gcás carranna arna gclárú sa chéad dá ráithe den bhliain 2008 agus ar mhó an muirear mótarchánach a bheadh le híoc orthu faoin gcóras nua CO2-bhunaithe, leanfaidh siad orthu ag íoc mótarchánach de réir mhéid an innill.

Céard é an bunús dlí atá leis an athrú seo?

An tAcht um Mótarfheithiclí (Dleachtanna agus Ceadúnais) 2008 a achtaíodh ar an 26 Márta 2008.

Céard faoi charranna a cláraíodh roimh Eanáir 2008?

Leanfar le cáin a ghearradh ar charranna a cláraíodh roimh 2008, ar a n-áirítear allmhairithe, sna blianta atá romhainn, faoin gcóras mótarchánach atá ann cheana agus a bhaineann le méid an innill (c.c.).

Cén chaoi a mbeifear ar an eolas maidir le leibhéal CO2 ?

Sula gcuirtear carr nua ar díol san Eoraip, ní mór dó dul faoi shraith tástálacha lena chinntiú go mbíonn na caighdeáin cheadaithe maidir le sábháilteacht, tionchar ar an gcomhshaol, srl., bainte amach aige. Cineálcheadú a thugtar ar an bpróiseas seo agus eisítear Deimhniú Comhlíonta do gach carr a bhaineann amach na caighdeáin cheadaithe.

I measc na sonraí a áirítear ar an Deimhniú Comhlíonta tá leibhéal astaíochta CO2 an chairr. Is é an t-eolas seo a bheidh in úsáid chun chríche cánachais do cháin chláraithe feithicle (VRT) agus do mhótarcháin araon.

Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a fhaigheann eolas ar an rátáil CO2 ar dtús agus iad ag gearradh cáin cláraithe feithicle (VRT) air, agus cuirtear an t-eolas sin ar aghaidh chuig an mbunachar sonraí náisiúnta feithicle lena úsaid i ndáil le riaradh an chórais mótarchánach. Sa chás nach mbíonn fáil ar Dheimhniú Comhlíonta agus sa chás nach mbíonn na Coimisinéirí Ioncaim sásta maidir le rátáil CO2 cairr agus tagairt á dhéanamh acu do dhoiciméid tacaíochta éigin eile, éileofar ar úinéir an chairr an ráta mótarchánach is airde a íoc. Beidh an cur chuige céanna i bhfeidhm maidir le cáin cláraithe feithicle (VRT).

Céard a tharlóidh maidir le carranna arna gclárú idir Eanáir 2008 agus Meitheamh 2008?

Maidir le carranna nua a cláraíodh idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008 gearrfar mótarcháin orthu ar dtús de réir an chórais atá bunaithe ar mhéid an innill (c.c.) atá ann cheana. Aistreofar mótarcháin maidir le carr a astaíonn níos lú CO2 agus arna chlárú idir 1 Eanáir 2008 agus 30 Meitheamh 2008, áfach, go dtí an ráta mótarchánach CO2-bhunaithe atá níos ísle agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008, (nuair a chuirfear tús leis an gcóras nua CO2–bhunaithe). I gcás carranna arna gclárú sa chéad dá ráithe den bhliain 2008 agus ar mhó an muirear mótarchánach a bheadh le híoc orthu faoin gcóras nua CO2-bhunaithe, leanfaidh siad orthu ag íoc mótarchánach de réir mhéid an innill.

Céard a tharlóidh maidir le carranna ó 2008 arna gclárú thar lear i dtús báire agus arna gclárú in Éirinn ansin ar an 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin?

Beidh mótarcháin madir le carranna arna gclárú taobh amuigh den Stát ar 1 Eanáir 2008 nó ina dhiaidh sin, agus arna gclárú sa Stát ansin ar 1 Iúil 2008 nó ina dhiaidh sin bunaithe ar an gcóras nua CO2.

An mbeidh dhá chóras ar leithligh ann le cáin a ghearradh ar charr?

Beidh. Ón Iúil 2008 beidh dhá chóras cánach ar leithligh ann do charranna. Leanfar le cáin a ghearradh ar charranna atá faoin gcóras mótarchánach reatha bunaithe ar mhéid an innill (c.c.). Gearrfar cáin ar charranna nua arna gclárú ón 1 Iúil 2008 de réir a leibhéil astaíochta CO2. Aistreofar carranna nua arna gclárú sa chéad dá ráithe de 2008 chuig an gcóras CO2 agus an mhótarcháin á hathnuachan den chéad uair tar éis 1 Iúil 2008, má bhíonn an ráta cánach CO2-bhunaithe níos ísle.

Cén chúis atá le córas nua a thabhairt isteach?

Is é cuspóir shoiléir an chórais mótarchánach nua tionchar a bheith aige ar thomaltóirí agus iad ag déanamh cinnidh maidir le carr a cheannach, trí bhuntáiste a thabhairt do dhaoine a cheannaíonn carranna le hastaíocht níos ísle. Tá buntáiste le fáil as feithiclí le hastaíocht níos ísle a cheannach agus gearrfar préimhíocaíocht ar fheithiclí le hastaíocht ard CO2.

Cén chaoi a mbeidh a fhois agam gur carr glan a bheidh sa charr atá ar intinn agam a cheannach?

Tá an Roinn Comhshaoil ag cur córas lipéadaithe i bhfeidhm do charranna. Beidh an lipéad seo cosúil leis an lipéad atá ar earraí bána – fearais tí mar shampla – agus taispeánfaidh sé leibhéal astaíochta CO2 an chairr.  Chomh maith leis sin tabharfaidh sé eolas ar nós an ráta VRT don charr. Ní mór do gach garáiste agus díoltóir mótair an lipéad a chur ar taispeáint do gach carr a thairgtear le díol.

Chun eolas a fháil maidir le hathruithe sa Cháin Cláraithe Feithicle, déan teagmháil le d’oifig Ioncaim áitiúil le do thoil, nó breathnaigh ar www.revenue.ie.