Mayo County Council logo

Mótarcháin

Cá bhfaighidh mé PIN?

Ní mór uimhir PIN a bheith agat chun cáin a chur ar d'fheithicil ar líne tríd an suíomh idirlín Motortax.ie

Sa chás go bhfuil cáin chéaduaire á cur agat ar fheithicil úrnua nó feithicil iompórtáílte, is ionann an PIN agus na sé dhigit dheireanacha den uimhir fonnaidh.

I gcás feithiclí a bhfuil cáin á cur orthu ar an athuair, is ionann an PIN agus na sé dhigit dheireanacha den Teastas Cláraithe Feithicle.  Tá sé priontáilte ar thaobh na láimhe deise ar bharr an teastais sin, agus tosaíonn sé le litir.  Bíonn an PIN céanna ag feithicil go dtí go dtagann úinéir nua ina seilbh uirthi, nó go dtí go n-eisítear cóip den teastas, tráth a gcruthaítear PIN nua.

Sá cás go bhfuil do PIN caillte nó curtha amú agat, nach bhfuair tú go fóill é, nó go bhfuil tú tar éis feithicil nua a cheannach agus gur mian leat do PIN a fháil dó, gliogáil ar an nasc a leanas agus más féidir cáin a chur ar d'fheithicil ar líne seolfar do PIN chugat tríd an ríomhphost.

Seirbhísí ar líne

Seirbhís eile uait?

FixYourStreet.ie

Cuir an Chomhairle ar an eolas faoi phoill i mbóithre, fabhtanna i gcosáin, fadhbanna draenála/tuile, dumpáil mhídhleathach srl. tríd an suíomh idirlín FixYourStreet.ie.

  More Mayo County Council and Local Government Websites