Mótarcháin: Aisíocaíochtaí
Gnásanna
Gliogáil anseo, le do thoil, chun do chuid mótarchánach a íoc ar líne
Ní mór a mheabhrú gur gá d’iarratasóirí an diosca cánach ábhartha a thabhairt suas láithreach mar go n-áirítear aisíocaíochtaí ón gcéad lá den mhí tar éis an diosca a thabhairt suas. Ní mór trí mhí féilire, ar a laghad, a bheith fágtha ar an diosca nuair a thugtar suas é.
Is féidir iarratas ar aisíocaíocht a dhéanamh san oifig áitiúil mótarchánach, ar an fhoirm RF120, sna cásanna seo a leanas:
- Tá an fheithicil briste/millte nó curtha amach as an stát go buan
nó - Tá an fheithicil goidte agus níor tháinig an t-úinéir air
nó - Níor baineadh úsáid as feithicil ar a raibh diosca cánach in aon áit phoiblí ag am ar bith ón uair a heisíodh an diosca
nó - Tá úinéir na feithicle tar éis stopadh á úsáid de bharr tinnis, gortaithe nó míchumas fisiciúil eile
nó - Tá úinéir na fheithicle tar éis stopadh á úsáid mar thoradh ar sheirbhís thar sáile le hÓglaigh na hÉireann.
