Mayo County Council logo

Déan mótarcháin a athnuachan ar líne

Déan mótarcháin a athnuachan ar líne

Seirbhís shábháilte is ea Mótarcháin Ar Líne atá curtha ar fáil ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt mar aon le húdaráis áitiúla na hÉireann.Más mian leat cáin a chur ar d’fheithicil ar líne téigh chuig www.motortax.ie.

Is féidir cáin a chur ar na cineálacha feithiclí a leanas ar líne – den chéad uair agus athnuachan araon:

Is féidir na ranganna cánach a leanas a phróiseáil ar líne:

  • Carranna Príobháideacha
  • Gluaisrothair
  • Tarracóirí Talmhaíochta, Tochaltóirí, agus Comhbhuainteoirí
  • Cóistí na Marbh
  • Feithiclí curtha in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas
  • Mótarcharbháin (cé is moite den chéad uair)
  • Feithiclí Seanré
  • Feithiclí Tráchtála (athnuachan amháin)


Ní mór PIN a bheith agat chun cáin a chur ar d'fheithicil ar motortax.ie. 

Más feithicil úrnua nó iompórtáilte í an fheithicil i gceist, is ionann an PIN agus na sé dhigit dheireanacha den uimhir fonnaidh.  

I gcás cáin atá á athnuachan, is ionann an PIN agus na sé dhigit dheireanacha ar an Teastas Cláraithe Feithicle, atá priontáilte ar bharr an teastais sin ar dheis, agus a thosaíonn le litir.  Beidh an PIN mar an gcéanna i gcónaí go dtí go bhfaigheann an fheithicil úinéir nua nó go n-eisítear cóip den Teastas Cláraithe Feithicle.  Cumfar PIN nua sna cásanna sin.

Sa chás go bhfuil do PIN caillte nó curtha amú agat, mura bhfuair tú go fóill é, nó má cheannaigh tú feithicil le déanaí agus gur mhian leat an PIN a fháil di, is féidir gliogáil ar an nasc a leanas agus seolfar do PIN chugat sa ríomhphost má tá d'fheithicil i measc na bhfeithiclí sin is féidir mótarcháin a íoc orthu ar líne.

Seirbhísí ar líne

Seirbhís eile uait?

FixYourStreet.ie

Cuir an Chomhairle ar an eolas faoi phoill i mbóithre, fabhtanna i gcosáin, fadhbanna draenála/tuile, dumpáil mhídhleathach srl. tríd an suíomh idirlín FixYourStreet.ie.

  More Mayo County Council and Local Government Websites