Oidhreacht: Maoiniú
Scéim Deontas na Comhairle Oidhreachta
- Ciste Nádúir
- Scéim Deontas Caomhnaithe ón Údarás Áitiúil le haghaidh Struchtúir atá faoi chosaint
- Scéim Deontas Caomhnaithe le haghaidh Foirgnimh Phoiblí
- Clár na bhFoirgneamh i mBaol de chuid na Comhairle Oidhreachta
- Deontas Tuíodóireachta
- Faoiseamh Cánach maidir le Caiteachas ar Fhoirgnimh Formheasta agus Gairdíní
Gach bliain cuireann an Chomhairle Oidhreachta fáilte roimh iarratais ar mhaoiniú do thionscadail oidhreachta faoi Chlár Deontas na Comhairle Oidhreachta. Dáileann an Chomhairle Oidhreachta breis agus €1 milliún ón gCrannchur Náisiúnta ar na scéimeanna deontas a leanas:
- Oidhreacht Aitiúil
- Foilseacháin
- Músaeim agus Cartlanna
- Fiadhúlra
- Taighde san Ailtireacht
- Seandálaíocht
Caithfear iarratas ar fhoirmeacha iarratais nó eolas a dhéanamh i scríbhinn amháin nó, de rogha ar sin, tá eolas agus foirmeacha iarratais le fáil ar an suíomh gréasáin de chuid na Comhairle Oidhreachta. Breacfar sonraí scéimeanna deontas na bliana seo chugainn ar an suíomh seo chomh luath is a chuirfear ar fáil iad. Go hiondúil bíonn an spriocdháta le haghaidh iarratas go moch i mí na Nollag. Tá eolas breise agus foirmeacha iarratais le fáil freisin ó Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo.
Ciste Nádúir Vodafone agus na nOibrithe Deonacha Caomhantais
Is é an aidhm atá ag an gCiste Nádúir Vodafone agus na nOibrithe Deonacha Caomhantais ná léirthuiscint agus caomhnú ar imshaol uathúil na hÉireann a spreagadh. Déanfar é seo trí maoiniú a chur ar fáil do thionscnaimh agus do thionscadail timpeallacta atá lonnaithe go háitiúil.
Tá eolas breise faoin scéim seo le fáil ó:
Vodafone agus Oibrithe Deonacha Caomhantais,
Ciste Nádúir na hÉireann
Teach an Stiobhaird,
Caisleán Ráth Fearnáin,
Rath Fearnáin,
Baile Átha Cliath 14
Fón: 01 4952878
http://www.cvi.ie/
Scéim Deontas Caomhantais ón Údarás Áitiúil um Struchtúr atá faoi chosaint
Riarann an tÚdarás Áitiúil deontais gach bliain chun struchtúir atá faoi chosaint a chaomhnú. Íoctar 50% ar chostas ceadaithe oibreacha suas chuig uasmhéid de €13,000. Tá cead ag na hÚdaráis áitiúla, i gcúinsí eisceachtúla, deontas 75% de chostas ceadaithe oibreacha suas chuig €25,000 a mholadh. Chun eolas breise a fháil faoin scéim seo déan teagmháil leis an Oifig Pleanála, Comhairle Chontae Mhaigh Eo.
Deontais Chaomhantais le haghaidh Foirgnimh Poiblí
Faoi Chláranna Oibriúchána Réigiúnacha d'Athnuachan Uirbeach agus Sráidbhailte 2000 -2006, tá scéim deontas comhmhaoinithe ón A.E. ar fáil le haghaidh athnuachan agus caomhantas na hoidhreachta ailtireachta. Faoin scéim seo, atá á riar ag an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, tá deontais curtha ar fáil maidir le foirgnimh atá faoi úinéireacht phoiblí nó a bhfuil cead isteach ag an bpobal iontu, a meastar go bhfuil tábhacht mhór ag baint leo ó thaobh na hailtireachta de. Go ginearálta cuirtear fáilte roimh iarratais ó údaráis áitiúla, aontaobhais cathartha, agus eagraíochtaí neamhbhrabúis eile. Níl foirgnimh atá in úsáid do riarachán poiblí, nó atá faoi úinéireacht phríobháideach incháilithe ar chúnamh deontais. Tá eolas breise le fáil ón Rannóg Athnuachana Uirbeach agus Sráidbhailte de chuid na Ranna Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. Fón: 01 888 2814
An Clár Foirgnimh i mBaol de chuid na Comhairle Oidhreachta
Tá bunachar sonraí ag an gComhairle Oidhreachta ar a bhfuil liosta na bhfoirgneamh a theastaíonn maoiniú do dheisiúchán riachtanach uathu. Gach bliain déantar athbhreithniú ar an liosta agus roghnaítear agus tugtar tosaíocht d’fhoirgnimh áirithe le bheith maoinithe. Tugtar deontas 50% de ghnáth.
Déanfar fógraíocht ar Scéim na bhFoirgneamh i mBaol i Meán Fómhair 2004. Glacfar le hiarratais go dtí deireadh mhí Feabhra 2005 agus tabharfar tosaíocht do na tionscadail seo maidir le maoiniú in 2006.
Tá eolas breise agus foirmeacha iarratais le fáil ón gComhairle Oidhreachta, Teach Rothe, Cill Chainnigh. Fón 056 7770777. http://www.heritagecouncil.ie/
Tá foirmeacha iarratais le fáil freisin ón Oifig Oidhreachta, Comhairle Chontae Mhaigh Eo.
Deontas do Thuíodóireacht
Tá deontais do “Athnuachan nó Deisiúcháin ar Dhíonta Tuí ar Thithe” le fáil ón Roinn Comhshaoil. Le bheith incháilithe ar an deontas seo, caithfidh an teach bheith in úsáid mar theach cónaithe.
Tá eolas breise agus foirmeacha iarratais le fáil ón Roinn Comhshaoil, Rannóg na nDeontas Tithíochta, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo. Fón 096 24200.
LoCall 1890 30 50 30.
Faoiseamh Cánach i leith caiteachais ar Fhoirgnimh agus Gairdíní Suntasacha
Faoi Alt 482 den Acht Comhdhlúite Cánacha, 1997, tá cead ag úinéir/áititheoir aon fhoirgneamh formheasta (mar aon leis an ngairdín thart timpeall air) iarratas a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach maidir le caiteachas ar dheisiúcháin, ar chothabháil nó ar athnuachan ar fhoirgneamh nó ar ghairdín formheasta. Tá gairdíní ina n-aonair iniata freisin.
Sainmhínítear foirgneamh nó gairdín formheasta mar a leanas:
· Go bhfuil sé deimhnithe ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go bhfuil tábhacht intreach stairiúil, ailtireachta nó aeisteitiúil ag baint leo. Maidir le gairdín, caithfidh sé bheith tábhachtach ó thaobh suime gairneorachta, eolaíoch, stairiúil, ailtireachta nó aeisteiteach de.
· Tá sé deimhnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil rochtain réasúnta curtha ar fáil don phobal, nó más teach lóistín atá i gceist, go n-úsáidtear é mar theach lóistín ar feadh sé mhí in aghaidh na bliana ar a laghad.
Tá an scéim seo faoi riarachán ag na Coimisinéirí Ioncaim. Tá eolas breise le fáil ó d’oifig cánach áitiúil.
