Cúrsa ar Oidhreacht Áitiúil & an Tírdhreach Beo
Cúrsa ar Oidhreacht Áitiúil & an Tírdhreach Beo
Tá cúrsa ar oidhreacht áitiúil agus an tírdhreach forbartha ag Oifig Oidhreachta Chomhairle Contae Mhaigh Eo agus Cuideachta Chomhpháirtíochta LEADER Mhaigh Eo Thoir Thuaidh. Tá sé dírithe ar phobail i dtuaisceart agus in oirthear Mhaigh Eo ar mhaith leo feasacht agus tuiscint a fháil ar an oidhreacht agus an timpeallacht áitiúil.
Tá tacaíocht faighte ag an gcúrsa ón gComhairle Oidhreachta, agus tá an t-ionad ina mbeidh sé ar siúl fós le socrú. Cuirfear tús leis an gcúrsa Dé Máirt 23 Feabhra 2010, agus beidh sé ar siúl ar bhonn seachtainiúil ar feadh ocht seachtaine. Beidh dhá thuras allamuigh i gceist chomh maith, agus iad ar siúl ar dhá Shatharn. Beidh cuid den chúrsa á theagasc ag roinnt saineolaithe oidhreachta agus comhshaoil, agus i measc na dtopaicí a chlúdóidh siad beidh an tírdhreach, an comhshaol nádúrtha agus a bhithéagsúlacht, stair áitiúil, béaloideas agus seandálaíocht an cheantair.
Ag deireadh an chúrsa, forbróidh na pobail a ghlac páirt tionscadal oidhreachta dá gceantar féin. Bronnfar gradam ar na tionscadail is rathúla agus is nuálaí. Is féidir deontas chun an tionscadal a fhorbairt a lorg ó Chuideachta Chomhpháirtíochta LEADER Mhaigh Eo Thuaidh Theas, tríd an gClár um Fhorbairt Tuaithe.
I dtreo is go mbainfear an leas is fearr as an gcúrsa, iarrtar go bhfreastlóidh triúr ó gach pobal atá rannpháirteach ar an gcúrsa. Tá próiseas iarratais i bhfeidhm toisc go bhfuil srian ar líon na spásanna ar an gcúrsa. Déanfar na hiarratais a mheas agus cuirfear na pobail rathúla ar an eolas faoin gcinneadh Dé Máirt 16 Feabhra 2010 ar a dhéanaí. Beidh táille bheag rannpháirteachais i gceist leis an gcúrsa - €50 an pobal - chun cuidiú le costais ábhar don chúrsa, costais taistil srl, a chlúdach.
Is féidir le daoine ar mhian leo freastal air imlíne an chúrsa agus foirmeacha iarratais a íoslódáil anseo.
Ní mór na foirmeacha iarratais, agus iad líonta, a sheoladh ar ais chuig an oifig seo faoin Aoine 12 Feabhra 2010.
