Mayo County Council logo

Wild Mayo


View full-sized Wild Mayo preview.

Wild Mayo

Leabhar atá maisithe go galánta faoi thírdhreach agus faoi fhiadhúlra Chontae Mhaigh Eo is ea Wild Mayo.  Aistear iontach fionnachtana trí thírdhreach Mhaigh Eo atá sa leabhar seo, atá scríofa ag Michael Viney agus foilsithe ag Comhairle Contae Mhaigh Eo. Tugann sé cuntas cuimsitheach ar an bhflóra agus ar an bhfiadhúlra a fhaightear sa réimse leathan gnáthóg atá i Maigh Eo, idir bheanna sléibhe, thalamh portaigh, lochanna, abhainn, thalamh feirme, phábháil aolchloiche agus chladach an Atlantaigh.

Sheol Paul Durcan, file, Wild Mayo sa Teach Cúirte i gCaisleán an Bharraigh le déanaí. Dúirt Paul, agus an leabhar á sheoladh aige, gur seod a bhí sa leabhar seo, go raibh sé scríofa go hálainn agus foilsithe go galánta. Ina theannta sin, dúirt sé gur cheart go mbeadh cóip den leabhar ag gach ambasáid agus consalacht de chuid na hÉireann ar fud an domhain, chomh maith le ceann a bheith ag gach scoil, ospidéal, agus teach altranais, agus ag gach club peile, rothaíochta, seoltóireachta agus siúil i gContae Maigh Eo.

Scríbhneoir, péintéir agus nádúraí is ea Michael Viney, a bhfuil cónaí air i dTalamh Bán, siar ó Chluain Cearbán.  Tá roinnt leabhar scríofa aige faoin oidhreacht nádúrtha, agus le 30 bliain anuas tá colún seachtainiúil faoin nádúr agus éiceolaíocht scríofa agus maisithe aige don Irish Times.

Wild Mayo ar fáil i siopaí áitiúla leabhair agus ó Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Tá líon teoranta de chóipeanna atá sínithe ag an údar ar fáil ón Oifig Oidhreachta, Comhairle Contae Mhaigh Eo ar chostas €15:  Fón: 094 9047684, R-phost dcunningham@mayococo.ie

Gliogáil anseo chun grianghraif ó sheoladh Wild Mayo a fheiceáíl.

  More Mayo County Council and Local Government Websites